Údar ‘díomá’ é nach bhfuil cás na Gaeilge i measc na 17 ceist atá ag an gComhaontas Glas do FF/FG

Dúirt Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Éamon Ryan, go gcaithfí soiléiriú a fháil ar 17 d’ábhair atá luaite i gcáipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael sula rachaidís i mbun cainteanna leo, ach níl cás na Gaeilge ná na Gaeltachta i measc na n-ábhar sin

Údar ‘díomá’ é nach bhfuil cás na Gaeilge i measc na 17 ceist atá ag an gComhaontas Glas do FF/FG

Údar “díomá” é nach bhfuil an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite sna 17 ceist atá curtha ag an gComhaontais Glas ar Fhianna Fáil agus Fine Gael faoina gcomhpholasaí i dtaca le bunú rialtais.

Dúirt Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Éamon Ryan, go gcaithfí soiléiriú a fháil ar 17 d’ábhair atá luaite i gcáipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael sula rachaidís i mbun cainteanna leo.

Nuair a foilsíodh comhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael bhí díomá mór ar pholaiteoirí agus ar eagraíochtaí Gaeilge faoina laghad a bhí ráite ann faoin Ghaeilge agus faoina scéala nach raibh aon tagairt ann ar chor ar bith don Ghaeltacht.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur údar “díomá” é nár thapaigh an Comhaontas Glas an deis soiléiriú a fháil maidir leis an dá thagairt “fhánacha” don Ghaeilge i gcomhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael.

“Is cúis díomá é nár lorgaíodh soiléiriú faoi céard a bhí i gceist leis an dá thagairt fhánacha faoin Ghaeilge, nach bhfuil aon tsubstaint ag baint leo, agus nár lorg siad soiléiriú maidir leis an gcúis nár luadh an Ghaeltacht ar chor ar bith sa cháipéis,” a dúirt Julian de Spáinn.

I measc na n-ábhar a bhfuil soiléiriú iarrtha ag an Chomhaontas Glas orthu, tá spriocanna astaíochta, cúrsaí fuinnimh, cúrsaí tithíochta, folláine, cearta sóisialta, bithéagsúlacht agus meastacháin eacnamaíochta.

Dúirt urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Glais, an Comhairleoir Contae Peter Kavanagh, le Tuairisc.ie go raibh soiléiriú á lorg ar cheisteanna atá “ag freagairt do na pointí i gcomhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael”.

“Tá sé mar aidhm againn sa cháipéis a chuireamar chucu bunlíne a chruthú ónar féidir leis na trí pháirtí tosú ar chainteanna. Ní línte dearga iad na ceisteanna seo, agus dar ndóigh ní hionann iad agus gach a bhfuil tábhachtach don Chomhaontas Glas.

“Tá an-chuid ar lár sa cháipéis [comhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael], ina measc cúram leanaí, cearta tionóntaí, tacaíocht do na healaíona agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht… Fanfaimid anois ar fhreagra ó Fhianna Fáil agus Fine Gael agus as sin déanfar cinneadh dul i mbun cainteanna leo nó a mhalairt.”

Dúirt Kavanagh go mbeadh “clár toghcháin” an Chomhaontais Ghlais mar “chrann taca” acu má théann siad i mbun idirbheartaíochta leis an dá pháirtí móra faoi bhunú rialtais nua.

“Tá an Comhaontas Glas fós 100% tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn, tacú le Gaeltachtaí, agus tús áite a thabhairt don acmhainn thábhachtach náisiúnta seo,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Tá ráite ag an Chomhaontas Glas cheana gur “polasaí seasmhach” acu é go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta. Thacaigh an páirtí le ceithre éileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge; aire sinsearach don Ghaeltacht,  breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Deich mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu, ar fad atá luaite i gcáipéis chompholasaí 24 leathanach Fhianna Fáil agus Fhine Gael. 

Tá an chéad tagairt don Ghaeilge luaite mar chuid de ‘Mission: A Better Quality of Life for All’.

Gealltar anseo go n-aithneofar “the role of the arts, culture and the Irish language in our personal and community wellbeing”.

Tá an dara tagairt do chéad teanga oifigiúil na tíre luaite sa mhír ‘Mission: Supporting Young Ireland”.

Maítear ansin go dtabharfar an deis do gach páiste “to develop their creativity, appreciate the Irish language, and learn history”.

Tá cur chuige an dá pháirtí i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte go láidir ag Sinn Féin agus ag Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Údar ‘díomá’ é nach bhfuil cás na Gaeilge i measc na 17 ceist atá ag an gComhaontas Glas do FF/FG'

  • Pól Ó Braoin

    Cén t-ionadh mór é sin? Níl suim dá laghad acu sa teanga nó i leas na gceantar gaeltachta. Tá a fhios sin ag madaí an bhaile.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart iad a chur faoi GHLAS!

  • Criostóir

    Ní aontím a Phól. Tá siad chun cinn ar na páirtithe eile ó thaobh na Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta de i mo thuairim.
    Maidir leis na ceisteanna, bhí go leor leor nach raibh san áireamh, ní iarracht ar idirbheartaíocht a bhí ann, ach buncheisteanna ar mhaithe le tuiscint a fháil an fiú dul i mbun idirbheartaíochta in aon chor. Más féidir tús a chur le cainteanna, tiocfaidh go leor nach raibh luaite sna ceisteanna chun tosaigh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is cuis díomá é cinnte. Léiríonn sé NACH bhfuil ag éirí le Conradh na Gaeilge a chur faoi ndear na bpolaiteoirí gur cheart ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge a bheith ar an gclár polaitiúil agus iarrachtaí ar bun rialtas nua a chur le chéile. Seo a leanas na nithe ar mhaith liomsa don rialtas nua a dhéanamh:
    1. Go mbeadh sprioc ag an rialtas nua go mbeadh méadú 10% gach bliain go ceann cúig bliana i líon na státsheirbhísighatá in ann feidhmiú go héifeachtach sa dá theanga oifigiúil.
    2. Go ndéanfaí deireadh a chur leis an méad airgid a chaitear amú le aistriúcháin ar doiciméidí oifigiúla nach bhfuil aon riachtanas leo a bheith ar fáil sa dá theanga: Gaeilge nó Béarla. (Cén fáth go mbíonn tuarascáil Údarás na Gaeltachta dhá theangach. Ní bhíodh tuarascáil Gaeltarra Éireann.)
    3. Go leorgófaí stádas réadúil don Ghaeilge san AE sa gcaoi is nach mbeadh talann agus airgead á chur amú le aistriú doiciméidí ó Choimisiún na hEorpa go Gaeilge agus a fhios ag madraí an bhaile nach mbeidh aon duine á léamh i nGaeilge.
    4. Go bhfógrófaí go bhfuil deireadh á chur leis an Stráitéis Fiche Bliain, ar an mbonn nach bhfuil na spriocanna réadúla agus nach bhfuil aon bhunús eolaíoch leo.
    5. Go mbunófaí Coimisiún le teorannacha na Gaeltachta a athshocrú ar bhonn teangeolaíoch ag usáid na gcritéar a moladh sa tuarascáil ‘An Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa Gaeltacht’.
    6. Go gcuirfí ‘Scéim Nua Labhairt na Gaeilge’ ar bun.
    7. Go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a leasú le go bhféadfaí cead a thabhairt ar ais do phobail na Gaeltachta, a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
    8. Go gcuirfí scéim deontas tithíochta ar bun do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh ag tógáil tithe i gceantair Ghaeltachta ina labhartar Gaeilge i measc sciar maith den phobal.
    9. Go gcuirfí 10% den deontas a chaiteart leis an gComhairle Ealaíona ar fáil do ealaín trí mheán na Gaeilge.
    10. Go méadófaí an buiséad atá ag TG4 le usáid ar chláracha drámaíochta/scannáin trí Ghaeilge agus cláracha ceoil nua-aimsearthach trí Ghaeilge.