Ba cheart d’Fháilte Ireland bunús an fhigiúir €720,000 atá luaite acu leis an gcomharthaíocht Ghaeilge atá le crochadh ag an áisíneacht stáit ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a mhíniú agus “briseadh síos a thabhairt ar céard go díreach atá sna figiúirí”, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.
Dheimhnigh Fáilte Ireland do Tuairisc.ie gurb ionann an €720,000 atá curtha ar leataobh acu don chomharthaíocht Ghaeilge agus an ‘t-uaschostas’ a d’fhéadfadh a bheith i gceist.
Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta go gcuirtear san áireamh sa mheastachán sin “any unforeseen costs associated with the work”. Ní dúradh cén chuid den €720,000 a bhaineann leis na costais gan choinne sin ná cén chuid de a bhaineann le dearadh agus feistiú na gcomharthaí féin.
Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Fáilte Éireann cén chaoi a thángthas ar an meastachán sin.
Bhí ceist na gcomharthaí Gaeilge go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas, ó tuairiscíodh go raibh os cionn €720,000 “curtha ar leataobh” ag Fáilte Éireann chun íoc astu.
Tá iarrtha anois ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ar an áisíneacht turasóireachta tuilleadh eolais a thabhairt faoin meastachán a d’fhágfadh go mbeadh costas os cionn €5,550 an ceann ar an 130 comhartha nua atá le cur suas i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht.
“Bheinn an-amhrasach faoin tsuim, €720,000, agus ba cheart go bhfoilseofaí briseadh síos cruinn ar céard go díreach atá i gceist sna figiúirí sin, agus iad a chur i gcomparáid leis an gcostas a bhí i gceist leis na comharthaí móra a cuireadh suas cheana,” a dúirt Ó Clochartaigh.
Dúirt an Seanadóir Gaeltachta gur “thrua” nach bhfaca Fáilte Ireland “luach agus tábhacht na Gaeilge” nuair a crochadh na comharthaí ar dtús, agus gur cheart dóibh a aithint gur “gné uathúil dhíolacháin” í an Ghaeilge i dturasóireacht na hÉireann.
“Bíonn siad féin i gcónaí ag caint ar na USPanna seo agus an luach a bhíonn ag an rud neamhghnách i dtionscal na turasóireachta. Tá an Ghaeilge ar cheann de na USPanna is mó atá againn in Éirinn, agus bíonn ómós do theanga náisiúnta i dtíortha eile, ba cheart go mbeadh anseo freisin.
“Ní feiceann siad an buntáiste sin. Is easpa físe ó thaobh cúrsaí margaíochta atá ann, mar tá an Ghaeilge fite fuaite i Slí an Atlantaigh Fhiáin agus ba cheart aitheantas a thabhairt di,” a dúirt Ó Clochartaigh.
Sháraigh Fáilte Éireann an dlí teanga nuair a chuireadar suas comharthaí le logainmneacha i mBéarla amháin ag pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Chinn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur ghá dul i muinín imscrúdú foirmiúil nuair nár éirigh lena oifig teacht “ar réiteach sásúil” le Fáilte Éireann faoin scéal.
De réir Thuarascáil Bhliantúil 2016 an Choimisinéara, a foilsíodh an samhradh seo, mheabhraigh an Coimisinéir do Fáilte Éireann le linn a imscrúdaithe go bhfuil “dualgas soiléir” ar chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh a gcomharthaí agus nach gceadaítear comharthaí i mBéarla amháin.
Mheabhraigh an Coimisinéir dóibh chomh maith gur chóir logainmneacha ar chomharthaí a bheith dátheangach ach amháin i gcás logainmneacha Gaeltachta, a bhfuil dualgas reachtúil iad a bheith i nGaeilge amháin.
Ghlac an Coimisinéir le háitiú Fáilte Éireann gur chreid siad “i ndáiríre” nach raibh an dlí á shárú acu agus na comharthaí iarainn á gcur in airde i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht agus logainmneacha i mBéarla amháin orthu.
Lorg Fáilte Éireann comhairle Oifig an Choimisinéara Teanga sular crochadh na comharthaí ag na pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in 2014. Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios “go raibh seans ann gur chomharthaí iad” a thiocfadh faoi scáth na reachtaíochta, ach nach bhféadfaí an méid sin a dheimhniú gan a thuilleadh eolais a bheith ar fáil.
Níor cuireadh aon sampla de na pointí grianghrafadóireachta faoi bhráid Oifig an Choimisinéara.
In 2015 dhearbhaigh Oifig an Choimisinéara d’údarás áitiúil a bhí i mbun na gcomharthaí seo a chur in airde ar son Fáilte Éireann go dtiocfadh na comharthaí a bhí á mbeartú faoi scáth na reachtaíochta teanga.
Chuir an t-údarás áitiúil a bhí i gceist, Comhairle Contae Chiarraí, an chomhairle a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil dóibh ar aghaidh chuig Fáilte Éireann i ríomhphost dar dáta an 23 Aibreán 2015.
“Má bhí aon amhras ar Fháilte Éireann i dtaobh chomhairle na hOifige seo ag an am, bhí deis acu an tráth sin soiléiriú a lorg ar m’Oifig, ach níor tapaíodh an deis sin. Dheimhnigh Fáilte Éireann i litir dar dáta an 8 Meitheamh go raibh sí tar éis teacht ar an gcomhfhreagras [ó Chomhairle Contae Chiarraí] tar éis di a cartlanna a chuardach,” a deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga
James Pelow
Ní bheadh costas dá laghad ar na comharthaí dá ndéanfadh Fáilte Éireann i gceart ar an gcead dul síos iad. Cur amú uafásach airgid atá againn anseo, ach is ar Fháilte Éireann atá an milleán, ní ar an nGaeilge ná ar an reachtaíocht teanga. D’ardaigh Oifig an Choimisinéara Teanga ceist na Gaeilge le Fáilte Éireann arís is arís eile le linn phróiseas deartha na gcomharthaí (dé réir na tuarascála bliantúla) ach tugadh an chluas bhodhar di.
Éibhear Neff
Aontaím go huile agus go hiomlán le James. Tá locht ar fad ar Fháilte Éireann gan aird a thabhairt ar dualgais atá leagtha amach DA leithéid. Tá sé an-éasca an milleán a chur ar an nGaeilge gan é a chur ar an nduine a theip. Tá sé in am dúinn stop a chur leis an nós sin in Éirinn againn, an milleán a chur ar rud seachas é a chur ar dhuine.
I gcónaí ag iarraidh an milleán a chur ó dhuine.
Mànus
Níos measa ná sin go mbíonn eagrais Stáit ag diúltú seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do saoránaigh go bhfuil an dánaíocht acu a leithéid a iarraidh.