Amhras dlí caite ar pholasaí earcaíochta ‘Gaeilge amháin’ Bhord na Gàidhlig

Dúirt an tArd-Iniúchóir Caroline Gardner gur thuig sí cén fáth go mbeadh polasaí ‘Gaeilge amháin’ ag an eagras teanga ach gur eascair roinnt ceisteanna as an bpolasaí sin

Amhras dlí caite ar pholasaí earcaíochta ‘Gaeilge amháin’ Bhord na Gàidhlig

Tá an coiste parlaiminte a choinníonn súil ar chaiteachas poiblí in Albain chun a fhiosrú an bhfuil sé ceart ó thaobh dlí nach bhfostódh Bord na Gàidhlig ach daoine a bhfuil Gaeilge acu.

Dúirt an tArd-Iniúchóir Caroline Gardner gur ceist í a chaithfí déileáil léi.

An feisire de chuid an SNP Colin Beattie ba thúisce a cheistigh an raibh polasaí earcaíochta Bhord na Gàidhlig, leathcheann Fhoras na Gaeilge,  bailí ó thaobh dlí.

Dúirt an tArd-Iniúchóir Caroline Gardner gur thuig sí cén fáth go mbeadh polasaí ‘Gaeilge amháin’ ag an eagras teanga ach gur eascair roinnt ceisteanna as an bpolasaí sin. Dúirt Gardner an méid sin agus í á ceistiú ag cruinniú de Choiste Iniúchta Poiblí Pharlaimint na hAlban, mar a raibh scagadh á dhéanamh ar obair Bhord na Gàidhlig a bhfuil lochtanna go leor á bhfáil air le tamall.

“Má chiallaíonn sé nach féidir leat daoine a earcú a bhfuil na scileanna riachtanach acu chun obair an Bhoird a dhéanamh, bhuel tharlódh go mb’fhéidir nach bhfuil an cinneadh baileach ceart.

“Fág as an áireamh an cheist dlí, ceist ar léir go gcaithfimid í a scrúdú, sílim gur cás é seo ar bhealaí áirithe a mbíonn ar fhorais phoiblí dul i ngleic léi an t-am ar fad. Is é sin go gcaithfidh na scileanna cearta a bheith agat chun Bord na Gàidhlig nó bord sláinte a rith nó aon sainfhoras eile a rith agus dá dhéine agus a bhíonn na cáilíochtaí is ea is lú an líon daoine a bheidh ar fáil le hearcú,” arsa an tArd-Iniúchóir Caroline Gardner.

Ar na laigí a fuarthas ar Bhord na Gàidhlig i dtuarascáil a rinne Audit Scotland bhí “cinnireacht mhí-éifeachtach, drochphleanáil fórsa saothair agus easpa soiléireachta faoi rólanna agus freagrachtaí”.

19 duine atá fostaithe ag an mBord.

Dúirt an grúpa feachtais Misneachd go raibh sé áiféiseach go mbeifí ag caitheamh amhrais ar pholasaí earcaíochta ‘Gaeilge amháin’ Bòrd na Gàidhlig. Dúirt urlabhraí Misneachd go raibh an polasaí sin slán ó thaobh dlí, gur tástáladh a leithéid cheana sa Bhreatain Bheag mar a cinneadh go raibh sé ceart go dtabharfaí buntáiste do chainteoirí mionteangacha leis an teanga a chosaint

“Mura féidir le cainteoirí Gàidhlig a dteanga féin a labhairt laistigh de Bòrd na Gàidhlig neartóidh sé, níos mó ná aon droch-chleachtais ó thaobh rialachais chorparáidigh, an tseantuiscint chlaonta nach teanga oibre ná foráis í Gàidhlig,” a dúirt urlabhraí Misneachd.

“Baintear leas coitianta as an idirdhealú dearfach chun an éagsúlacht inscne agus eitneach a chur chun cinn agus is ionann cás na nGael agus ar mionlach teanga dhúchais iad ar gá iad a chosaint.”

Fág freagra ar 'Amhras dlí caite ar pholasaí earcaíochta ‘Gaeilge amháin’ Bhord na Gàidhlig'