Amhras ar iar-aire nach mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta ann an samhradh seo chugainn

Níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 27 píosa reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana

Amhras ar iar-aire nach mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta ann an samhradh seo chugainn

Tá amhras ar iar-aire Gaeltachta nach dtabharfar ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta an Meitheamh seo chugainn mar atá geallta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc nach bhfuil “croí” Fhine Gael sa chinneadh go reáchtálfaí arís na toghcháin ar cuireadh deireadh leo in 2012.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar maidin, níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 27 píosa reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

Ag labhairt dó ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Éamon Ó Cuív gur léir nach bhfuil an dlús céanna faoi dhréachtú na reachtaíochta ó tháinig Patrick O’Donovan i gcomharbacht ar Jack Chambers mar aire stáit.

“Ní fheicimse go bhfuil aon dlús le réiteach na reachtaíochta seo anois faoi láthair. Bhí Jack Chambers, nuair a bhí sé mar Aire Stáit, an-tiomanta faoin athrú sin a dhéanamh agus bhí sé tiomanta go mbeadh bord tofa ag an Údarás. Ní fheicim an fuadar céanna faoin rialtas i láthair na huaire.

“Ar ndóigh, tá athrú aire ann agus ba iad Fine Gael a chuir deireadh leis an mbord tofa an chéad uair agus b’fhéidir go gceapann siadsan go bhfuil an socrú atá ann ceart go leor agus nach bhfuil aon ghá aon deifir a dhéanamh.

“Ach ar ndóigh mura ndéanfar deifir ní tharlóidh sé tréimhse an rialtais seo mar tá go leor ag tuar thart anseo gur taca an ama seo an bhliain seo chugainn, b’fhéidir aimsir na cáinaisnéise an bhliain seo chugainn, a ghlaofar olltoghchán.”

Mí Iúil seo caite a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeadh toghchán do bhord an Údaráis á reáchtáil i mí an Mheithimh in éineacht leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, ach deir Ó Cuív go bhfuil an t-am ag breith ar chúrsaí.

“Tá na toghcháin áitiúla againn i mí an Mheithimh agus níl an reachtaíocht foilsithe fós. Go minic bíonn orduithe le déanamh théis na reachtaíochta mar sin tá an t-am ag éirí thar a bheith gann cheana féin.”

Dúirt Ó Cuív go raibh amhras air nach mbeadh an reachtaíocht réidh in am.

“Tá amhras orm faoi, níl aon cheist faoi sin…Tá súil agam go bhfuil mé mícheart agus bheadh sé iontach dá bhfaigheadh muid an reachtaíocht seo go luath ach ní fhaighim aon mhothú go bhfuil sí ag dul a theacht go luath, go deimhin féin beidh mé ag cur na ceiste, cén uair a bheidh an reachtaíocht seo le feiceáil…

“Tá go leor ceisteanna sa bhille atá fós le freagairt faoina mbeidh sa bhille.”

De réir ‘Clár Reachtaíochta an Rialtais – Seisiún an Fhómhair 2023’, a liostálann na píosaí reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an rialtas dóibh idir seo agus an Nollaig, níl bille leasaithe Údarás na Gaeltachta i measc na mbillí a bheidh á bhfoilsiú.

Is ar liosta na mbillí a bhfuil tosaíocht á tabhairt dá ndréachtú atá bille an Údaráis. Murab ionann agus formhór na mbillí ar an liosta sin tá an réamhscrúdú reachtaíochta déanta cheana ar bhille an Údaráis.

Cé nach bhfuil sé ar liosta na mbillí a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh i mbliana, dúirt urlabhraí ó Roinn an Taoisigh le Tuairisc gur “tosaíocht i gcónaí” acu é bille leasaithe an Údaráis.

“Is cinnte go bhféadfadh go bhfoilseofaí an Bille roimh an Nollaig, ach an obair dhréachtaithe a bheith curtha i gcrích,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go gcaithfí an reachtaíocht a fhoilsiú roimh an Nollaig le go bhféadfaí ullmhú le haghaidh an toghcháin.

De réir cheannteidil an bhille don toghchán, bord 16 comhalta a bheadh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus dhéanfadh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófaí an seisear eile a bheadh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

 

 

Fág freagra ar 'Amhras ar iar-aire nach mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta ann an samhradh seo chugainn'