Amhránaithe óga á lorg don Eoraifís Óg

Beidh Éire san iomaíocht arís i mbliana i gComórtas na hEoraifíse Óige agus tá TG4 sa tóir ar amhránaithe óga a dhéanfadh ionadaíocht thar ceann na tíre i Málta i mí na Samhna na bliana seo

Aimee Banks

Tá TG4 sa tóir arís ar amhránaí óg agus amhrán a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag Comórtas na hEoraifíse Óige 2016, a bheidh ar siúl i Málta níos deireanaí i mbliana.

Bhí Éire san iomaíocht sa chomórtas den chéad uair anuraidh nuair a chan Aimee Banks, as Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe ‘Réalta na Mara’ i Sóifia na Bulgáire i mí na Samhna seo caite.

Tá TG4 anois ag iarraidh ar dhaoine óga ar fud na tíre cur isteach ar na héisteachtaí a bheidh ag tarlú ar fud na tíre ag deireadh na míosa seo leis an gcéad iarrthóir eile a aimsiú.

Féadtar cur isteach ar na héisteachtaí ar shuíomh TG4 agus cuirfear fáilte roimh amhránaithe aonair nó grúpaí nach bhfuil níos mó ná seisear iontu. Ní mór d’iarrthóirí a bheith idir 9 agus 14 bliana d’aois ar 20 Samhain 2016.

Iarrfar ar na hiarrthóirí dhá amhrán, dá rogha féin, a chanadh. Is sa stíl a cappella a chanfar na hamhráin seo sa chéad bhabhta éisteachtaí.

Roghnófar na hiarrthóirí is fearr ó na chéad éisteachtaí sin agus tabharfar roinnt seachtainí dóibh amhrán Gaeilge dá gcuid féin a scríobh. Caithfidh lámh a bheith ag na hamhránaithe óga i scríobh na n-amhrán nuachumtha seo ach ní bheidh cosc ar chúnamh ó dhaoine eile agus na hamhráin á scríobh agus ceol á chur leo.

Roghnófar an 32 iomaitheoir is fearr ón dara héisteacht, mar a gcanfar na hamhráin nua-scríofa, agus glacfaidh siad sin páirt sa chomórtas roghnúcháin a chraolfar beo ar TG4. Beidh cúig chlár sa tsraith teilifíse a chraolfar san fhómhar agus roghnóidh painéal moltóirí an t-amhránaí is fearr le cur chuig Málta ón gceathrar a bheidh fanta sa chomórtas ar an gcúigiú clár.

D’éirigh le Aimee Banks an 11ú háit a fháil sa chomórtas anuraidh leis an amhrán ‘Réalta na Mara’, a scríobh sí in éineacht le Niall Mooney, Brenda McCartney agus Jonas Gladnikoff.

Craolfar an Eoraifís Óg ar TG4 ar 20 Samhain.

Fág freagra ar 'Amhránaithe óga á lorg don Eoraifís Óg'