‘Amhránaí óg binn cumasach’ – scoláireacht Éamoinn Ghráinne bronnta ar Conor Ó Gallchóir as Gort a’ Choirce

Beidh Conor Ó Gallchóir ag feidhmiú mar Amhránaí Cónaitheach sa tSean-Bheairic don bhliain amach romhainn

‘Amhránaí óg binn cumasach’ – scoláireacht Éamoinn Ghráinne bronnta ar Conor Ó Gallchóir as Gort a’ Choirce

Tá Scoláireacht Éamoinn Ghráinne bronnta ar Conor Ó Gallchóir, amhránaí óg as Gort an Choirce.

Is i gcuimhne ar Éamonn Ghráinne Mac Ruairí, amhránaí iomráiteach as Toraigh a chaith go leor dá shaol ina chónaí ar an Fhál Carrach, a bhronntar an scoláireacht seo.

Clann Mhic Ruairí, i gcuideachta Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, Mícheál Mac Aoidh, agus Seanán Mac Aoidh, bainisteoir na Sean-Bheairice, ionad cultúir agus pobail ar an Fhál Carrach, a bhronn an scoláireacht ar Conor Ó Gallchóir ag ócáid sa tSean-Bheairic le déanaí.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seanán Mac Aoidh, bainisteoir na Sean-Bheairice, go mbronntar an scoláireacht gach bliain ar amhránaí óg as ceantar Chloich Cheann Fhaola mar chuid dá n-iarrachtaí “na traidisiúin dhúchasacha a chur chun cinn sa cheantar”. 

“Amhránaí a bhí in Éamonn Ghráinne a d’fhág a lorg féin ar an traidisiún a tugadh dó agus a chuir le féinmheas stairiúil agus féiniúlacht phobal Thoraí. Bhí meas mór air mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar sheanchaí agus bhí aithne idirnáisiúnta air mar dhuine de na daoine ba mhó a sheasfadh clú d’oidhreacht chultúrtha Thoraí agus do thraidisiún amhránaíochta sean-nóis Thír Chonaill,” a dúirt Mac Aoidh.

Dúirt Mac Aoidh go dtéann an scoláireacht “go mór chun tairbhe d’fhorbairt phearsanta an amhránaí ar a mbronntar í” agus go gcuidíonn sí le “cur chun cinn na n-ealaíon dúchais” sa cheantar.

“Amhránaí binn cumasach é Conor Ó Gallchóir a bhaineann le glúin óg sa pharóiste agus beidh tacaíocht á cur ar fáil aige don aos óg sa cheantar atá ag teacht in innimh mar amhránaithe óga iad féin,” a dúirt Seanán Mac Aoidh.

Mar chuid den scoláireacht, a bronnadh den chéad uair deich mbliana ó shin, beidh Ó Gallchóir, arb as an Bhealtaine i nGort a’ Choirce é, ag feidhmiú mar amhránaí cónaitheach sa tSean-Bheairic, mar a mbeidh ranganna sa tsean-nós á gcur ar fáil aige.

Beidh sé lárnach chomh maith in imeachtaí sean-nóis na Sean-Bheairice agus in eagrú ócáidí a bheidh bunaithe ar an amhránaíocht ar an tsean-nós agus ar an chultúr dúchais i gcoitinne.

Dúirt Conor Ó Gallchóir go raibh sé “ag dúil go mór” le cuidiú a thabhairt “d’fhorbairt agus d’athneartú na hamhránaíochta ar an tsean-nós anseo i gCloich Cheann Fhaola”.

“D’fhág Éamonn Ghráinne Mac Ruairí oidhreacht shaibhir amhránaíochta, seanchais agus cheoil ina dhiaidh agus ba mhór an onóir domhsa cuidiú le caomhnú agus neartú na hoidhreachta sin sa cheantar seo,” a dúirt Ó Gallchóir le Tuaiirsc.ie.

Fág freagra ar '‘Amhránaí óg binn cumasach’ – scoláireacht Éamoinn Ghráinne bronnta ar Conor Ó Gallchóir as Gort a’ Choirce'

  • Balor an Tuaiscirt

    S’maith thú a Chonor agus s’maith é Seanán sa tSeanbheairc. Tionscnamh tábhachtach.