Amhráin John Prine á gceol i nGaeilge mar chuid d’imeachtaí IMRAM na bliana seo

Ar na hócáidí eile a bheidh ar siúl le linn na féile a bheidh á reáchtáil an mhí seo agus an mhí seo chugainn beidh agallaimh phoiblí, oícheanta filíochta agus scannáin

Amhráin John Prine á gceol i nGaeilge mar chuid d’imeachtaí IMRAM na bliana seo

Beidh ceolchoirm ag a gcloisfear leaganacha nua Gaeilge damhráin John Prine i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM na bliana seo a seoladh inné.

Art Hughes agus Gabriel Rosenstock a daistrigh liricí Prine don seó ‘Áit a gCanann na hAingilagus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus Peter OToole a bheidh i mbun an cheoil in amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire.

Dúirt Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, le Tuairisc.ie gurbh sáramhránaí é John Prine a raibh bua na scéalaíochtaí agus na filíochta go smior ann.

‘Bhí an-bhrón orm – agus ar dhaoine ar fud na hÉireann – nuair a fuair John Prine bás le covid anuraidh. Bhí ceangal ana-láidir aige leis an tír seo, go h-áirithe le Gaillimh,  áit ina raibh teach aige agus a bhean Fíona i gCeann Mhara.
“Thar aon ní eile, bhí filíocht sna hamhráin a chum sé, agus bhí bua na scéalaíochta go smior aige. Ciallaíonn sin go bhfuil siad thar a bheith oiriúnach mar chuid de chlár IMRAM. Beidh croí agus anam John beo arís agus a shaothar a chanadh ag Liam Ó Maonlaí agus Hilary Bow,’ a dúirt Stiúrthóir IMRAM.
Ar na hócáidí eile a bheidh ar siúl le linn na féile a bheidh á reáchtáil an mhí seo agus an mhí seo chugainn beidh agallamh poiblí leis an údar aitheanta Tadhg Mac Dhonnagáin, ceiliúradh ar fhilíocht agus ar amhráin Thír Chonaill, oíche Reicsan ardchathair agus Gala filíochtaar líne leis na scríbhneoirí Áine Ní Ghlinn, Róisín Sheehy, Alan Titley agus Andreas Vogel.

Tá go leor scannán nua á thaispeáint ar líne mar chuid den fhéile i mbliana, lena n-áirítear Mis, scannán atá bunaithe ar dhán den teideal céanna le Biddy Jenkins.

Beidh scannán nua eile á thaispeáint bunaithe ar théama an tsneachta san fhilíocht agus is iad Gabriel Rosenstock, Helen Ivory agus Mícheál Ó hAodha na filí a bheas páirteach sa scannán sin.

Beidh dhá scannán nua le Rody Gorman á dtaispeáint i mbliana. Léargas ar shaol an fhile faoin dianghlasáil atá sa scannán Glasadh, a thaispeánfar ar an 12 Samhain. Súil siar ar aislingí a óige” atá sa scannán Turas, a thaispeánfar ar líne i lár na míosa seo chugainn.

Mar chuid de thionscadal Drithliú Aisteach: Filíocht Georg Trakl, taispeánfar dhá scannán faoi mhórfhile na Gearmáinise ar an 17 Samhain.

Tá an clár ar fad ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Amhráin John Prine á gceol i nGaeilge mar chuid d’imeachtaí IMRAM na bliana seo'