Amach leo go dtí Oileán an Tuí agus scaoil siad síos leabhar an chíosa

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo seanchas as Árainn atá againn faoi na tiarnaí ansin

Amach leo go dtí Oileán an Tuí agus scaoil siad síos leabhar an chíosa

Ba le Miss Digby an talamh in Árainn ar dtús. Ba é Tomás Thomson a bhíodh mar “agent” aice. Ní thagadh sé go hÁrainn ach uair sa mbliain. Ba é Máirtín Ó hIarnáin a bhí i gCill Mhuirbhigh a bhíodh ag bailiú an chíosa do Thomson le haghaidh Miss Digby. Nuair a cailleadh Máirtín ba é mac Bhairtle Uí Iarnáin agus ina dhiaidh sin Ruaidhrí Ó Diorán as Cill Rónáin a bhíodh ag bailiú na gcíos. Bhí Miss Digby go maith, ach bhí Thomson go dona. Ba as áit éicint ó thuaidh é Thomson.

Déanadh tine thiar ar Creig an Chaisil le onóir a thabhairt do Miss Digby. Is thoir i dteach na cúirte a thógtaí na cíosa. An uair a thagadh Thomson go hÁrainn, an té nach n-íocfadh an cíos chuirfeadh Thomson amach iad. Nuair a bhí Thomson in Árainn an uair dheireanach rinne ceathrar fear as Cill Rónáin ‘plan’ suas. Dá bhfaighidís a chuid leabhar agus iad a dhó nach mbeadh fhios aige cén cíos a bhí le híoc.

Is thoir ar an gcnoc i gCill Éinne a bhí sé ina chodladh. Bhris siad an doras agus isteach leo. Fuair siad na leabhra agus fuair siad currach. Amach leo go dtí Oileán an Tuí agus scaoil siad síos na leabhra, agus shuncáil siad. Nuair a bhí sé ag cuartú trína chuid leabhar lá arna mhárach ní raibh tuairisc orthu.

Bhí na daoine ag magadh faoi agus d’imigh sé as an áit. ’Sí Lady Guinness a tháinig ansin. ’Sé Robinson a bhí mar ‘agent’ aici. Bhí sé go maith agus bhí Lady Guinness go maith freisin. Ba é Ruaidhrí Ó Diorán a bhíodh ag bailiú na gcíos do Robinson. Cheannaigh Bord na gCeantar Cúng talamh Árann ina dhiaidh sin.

Mór Ní Fhatharta, Gort na gCapall, Inis Mór a fuair an t-eolas óna hathair Seán Ó Fátharta.

Fág freagra ar 'Amach leo go dtí Oileán an Tuí agus scaoil siad síos leabhar an chíosa'