Am blite na mbó ina chúis imní nuair a athraíodh crios ama na hÉireann i 1916

Cúis mhagaidh do mhórán ba ea cinneadh na Cóiré Thuaidh crios nua ama a bhunú, ach is iomaí tír agus réigiún eile ar domhan a ndearnadh athrú mar seo, Éire ina measc

CLERY'S CLOCK AT CLERY'S DEPARTMENT STORE ON O'CONNELL ST., DUBLIN. 15/6/1998 Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Is minic a bhítear ag spochadh as an gCóiré Thuaidh, agus go háirithe as deachtóir na tíre Kim Jong-un, ar na meáin shóisialta agus ar chláir ghrinn sa Domhan Thiar. Nuair a fógraíodh le déanaí go raibh crios ama na tíre á athrú, las leithéidí Twitter, Reddit, agus Facebook le méimeanna agus ciútaí faoin gcinneadh agus a ‘áiféisí’ is a bhí sé.

Ach is iomaí tír agus réigiún eile ar domhan a rinneadh athrú mar seo i gcaitheamh na mblianta ó tugadh na creasa ama isteach ag tús na fichiú haoise, Éire ina measc.

Is deacair é a shamhlú sa lá atá inniu ann ach tráth den saol bhí crios ama dár gcuid féin againn sa tír seo. Go dtí an 1 Deireadh Fómhair 1916 socraíodh cloig agus uaireadóirí na hÉireann de réir ‘meán-am Bhaile Átha Cliath’ (DMT) nó ‘meán-am na hÉireann’.

Socraíodh GMT bunaithe ar eolas a fuarthas ag an réadlann i mbaile Greenwich i Sasana. Ba ar eolas a fuarthas i réadlann Dhún Sinche siar ó thuaidh ón gcathair a bunaíodh DMT. Mar sin, bhí cúig nóiméad fichead idir na hÉireannaigh agus na Briotanaigh.

Tugadh an tAcht Ama 1916 isteach le cúrsaí teileachumarsáide agus loingseoireachta a dhéanamh níos éasca taobh istigh den Ríocht Aontaithe. Ag 2 am Dé Domhnaigh an 1 Deireadh Fómhair 1916, chuaigh cloig na hÉireann siar 35 nóiméad go mbeidís ar comham le cloig Sasana.

Ní go rómhaith a glacadh leis an athrú. Scríobh an Chuntaois Marckievicz litir chuig dlíodóir poblachtach i Sasana ag maíomh go raibh an pobal ar buile go raibh am Shasana á bhrú orthu. Dúirt sí go spreagfadh an t-athrú, i measc rudaí eile a bhí déanta ag rialtas Shasana, muintir na hÉireann chun taobhú le Sinn Féin.

Ní hí an Chuntaois amháin a bhí curtha amach faoin athrú. Bheartaigh Comhairle Contae Chorcaí go seasfadh siad in aghaidh an athruithe agus ritheadh rún ag an gcruinniú go mbeadh ‘a ham nádúrtha féin’ ag Éirinn. Dúirt an comhairleoir contae JD O’ Connor go mbeadh na beithígh á bhítí á mbleán ag thart ar 3 pm anois á mbleán ag 3.30 pm “with very disadvantageous results.”

Mhaígh comhairleoir eile ó Chontae Chorcaí, J O’Mahony, nár thug duine ar bith ina dhúiche ‘aird ar bith ar an am nua’.

Scríobh duine den phobal litir chuig an Irish Independent cúpla mí sular tháinig an t-athrú i bhfeidhm agus dúirt gur cheist féiniúlachta í agus go raibh sé ag súil go seasfadh muintir na hÉireann in aghaidh an chinnidh.

“The proposal to substitute Greenwich for Irish time is one that I hope will be vigourously resisted by the Irish people. To suggest that there is anything like a general demand for the change is, in my opinion, the exact reverse of the truth. The question is whether we should give up this mark of our national identity to suit the convenience of shipping companies and a few travellers,” a scríobh sé.

Sa bhliain 2012 chuir an Teachta Dála Tommy Broughan bille os comhair na Dála inar moladh go bhfaighfí réidh le ham coigilte sholas an lae (DST) agus go gcuirfí Éire ar comham leis an Mór-Roinn Eorpach (ECT), rud a d’fhágfadh uair a chloig chun cinn ar GMT sinn.

kju20141011228705

Tugadh suntas ar leith don chinneadh sa Chóiré Thuaidh dul siar leathuair a chloig seachas uair a chloig ach tá ar a laghad seacht dtír eile ar domhan a úsáideann marcanna leathuaire mar chóras caighdeánach ama – an Ind agus codanna de Cheanada agus an Astráil ina measc. Go deimhin féin, úsáideann an Neipeal marc ceathrú-uaire agus an marc sin bunaithe ar an am a théann an ghrian os cionn sléibhe ar leith sa tír sin.

Tá tíortha eile ann, an tSín agus an Ind, mar shampla, atá chomh mór sin go bhféadfadh cúpla crios ama a bheith in úsáid ó cheantar go ceantar. Tá cinneadh glactha ag údaráis na dtíortha sin, áfach, gan ach aon chrios caighdeánach ama amháin a bheith acu. Fágann sé sin go mbíonn sé dorcha in iarthar na Síne ag ‘meán-lae’  nuair a bhíonn an ghrian i lár na spéire i mBéising.

D’athraigh an Spáinn ó mheán-am Greenwich (GMT) sa bhliain 1940, nuair a d’fhógair Francisco Franco go mbeadh an tír ar comh-am leis an nGearmáin. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh níor athraíodh arís é agus d’fhan na Spáinnigh uair a chloig chun cinn ar na Sasanaigh cé go bhfuil siad ar an domhanfhad céanna leo. Aisteach go leor, úsáideann na hOileáin Chanáracha, atá faoi smacht na Spáinneach, meán-am Greenwich fós.

Rinneadh an t-athrú sa Chóiré Thuaidh le déanaí mar chuid den chomóradh 70 bliain ó bhriseadh cumhacht na himpireachta sa Chóiré nuair a cloíodh an tSeapáin sa Dara Cogadh Domhanda.

Roinneadh an tír ina dá chuid ag deireadh an Chogaidh agus nuair a theip ar na hiarrachtaí í a athaontú bunaíodh dhá rialtas éagsúla agus rinneadh dhá thír – An Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas aisti.

Fanfaidh an Chóiré Theas sa chrios céanna ama a chuir an tSeapáin ann í nuair a ghabh sí ceannas uirthi i 1905.

Ach, Dé Sathairn seo caite, chuir muintir na Cóiré Thuaidh a gcuid uaireadóirí siar leathuair a chloig chuig an crios ama a bhíodh sa tír roimh theacht na Seapánach.

Sa bhliain 1954 chinn an chéad Uachtarán a bhí ar an gCóiré Theas, Syungman Rhee, dul siar chuig ‘am caighdeánach Pyongyang’, mar atá baiste anois ar an gcrios ama a bhíodh i réim roimh 1905 agus atá á athbheochan ag an gCóiré Thuaidh. Ní mhair an t-athrú ama a thug Syungman Rheeisteach ró-fhada, áfach, agus d’fhill an fear a tháinig i gcomharbacht air, Park Chung-ee, ar am na Seapáine.

Fág freagra ar 'Am blite na mbó ina chúis imní nuair a athraíodh crios ama na hÉireann i 1916'

  • Padraig Ó Gallachoir

    B’fheidir gur ag pilleadh ar chrios ama na hEorpa a beidh sinn tar éis na ‘Bratimeachta’ mura ndeantar socrú Sasain a bheith ar aon am linn.

  • Derry O'Sullivan

    Thar barr!