Albaim na bliana 2016 ón Taobh Tuathail…

Roghnaíonn ár léirmheastóir na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm air le linn 2016

Cian-image

Rollers/Sparkers – Interior Ministry

D’eisigh Rollers/Sparkers na hardcathrach a dtríú halbam i mbliana, gan mórán bolscaireachta ná caint faoi, is táimse den tuairim gurb é an t-albam is fearr a chuala i mbliana. Cloisim macallaí leithéidí Animal Collective, Aphex Twin, Can, James Brown agus Ennio Morricone fite fuaite ina gcuid amhrán agus, in ainneoin na bhfoinsí tagartha san, ní dóigh liom gur chuala aon saothar eile amhrán i mbliana atá chomh diongbháilte is chomh dílis ag iarraidh fuaim uathúil a chruthú. Fad is atá tú tumtha sna hamhráin braitheann tú go bhfuil tú éalaithe ón domhan seo go réaltra éigin eile ar fad.

Andy Stott – Too Many Voices

Tá dúil mhairbh agam i ngach aon ní atá eisithe ag an léiritheoir cumasach seo ó Mhanchain ón uair a thosnaigh sé ag eisiúint ceol techno mall fadó ar lipéad Modern Love.  Nascann sé gnéithe R&B le gnéithe de cheolta na hAoise Nua agus fuaim fhuinte leictreonach an toradh ar an gcleamhnas. Ach an oiread leis an bhfadcheirnín deireanach a d’eisigh sé, tá glór Alison Skidmore le clos ar mhórán de na hamhráin seo.  Seans gurb é an rian ‘Too Many Voices’ an pop-amhrán is tarraingtí atá cumtha aige go dtí seo.

Nick Cave & The Bad Seeds – Skeleton Tree

Bhásaigh mac Nick Cave go tragóideach an bhliain seo caite agus cé go bhfuil sé ráite go raibh na hamhráin ar a albam úr scríte ag an údar sarar éag a mhac, tá scáth na tubaiste le mothú sa tslí phaiseanta a chanann sé na hamhráin seo.  Seo albam lán d’amhráin dhiamhaire a chuirfidh gach ribe gruaige ag seasamh ar do mhuineál.

Katie Kim – Salt

Fadó,  amhráin shíoga, chiúine dála Liz Harris/Grouper a bhíodh ag Katie Kim. Ach le gairid, tá sí tar éis fad, leithead is toirt a chur lena fuaim.  Is cé go bhfuil a glór i gcónaí chomh héadrom le cleite, tá a guth anois neadaithe ar leaba cheoil chluthair thoirtiúil a d’ardódh an tsíleáil d’ardeaglais.

U – Vienna Orchestra

Bhí an léiritheoir seo, nach bhfuil  d’ainm air ach U, i dteagmháil liom an samhradh seo nuair a chuala sé An Taobh Tuathail trí sheans ar an raidió is é ag tiomáint timpeall na Breataine Bige. Timpeall an ama san bhíos-sa tar éis greim a fháil ar a albam úr Vienna Orchestra agus ba mhór an gheit a baineadh as nuair a chuala sé a rian féin ag ceann an chláir aon oíche amháin.   D’éirigh leis an taipéis shaibhir cheoil atá le clos ar an albam seo a chumadh as samplaí ceoil ó cheirníní – cuid mhaith acu ó chanóin  an cheoil chlasaicigh – a taifeadadh i Vienna.

The Strange Walls  –  … Won’t Last

Ní bheadh aon aithne agamsa ar an mbanna iontach seo ó Nua-Eabhrac murach gur sheol cara ón nGearmáin cóip den albam seo chugam cúpla mí ó shin.  Gach uair a thugas cluas don scoth-albam seo ó shin, chuala amhrán ar leith air ná raibh ceann tógtha agam de roimhe sin.  Thug sé chun cuimhne mórán de bhannaí na n-ochtóidí a sciob mo chroí fadó, leithéidí na Cocteau Twins is na Go-Betweens, gan ach dhá shampla a lua, ach faoi mar a bheadh Kirsty MacColl ag amhrán leo.

Underspreche – Invito Alla Danza

Is annamh a thabharfainn cluas éisteachta d’albam house/techno ó thús deireadh (seánraí atá níos oiriúnaí do shaothair níos gonta, mar EP nó ceirnín 12”, dar liom) ach i gcás chéad-albam an ghrúpa seo ón Iodáil, ní féidir gan eisceacht a dhéanamh.  I ndáiríre, cé gur rithimí don urlár rince a thiomáineann na rianta ar an albam seo, éist go cúramach leis agus cloisfidh tú ag ardú is ag ísliú ar thaoide na n-amhrán gnéithe de cheolta eile na cruinne – amhránaíocht ó threabh allúrach nó fuaimeanna a shamhlófá le saothar aimbiach, cuir i gcás.

Scraps – TTNIK

D’eisigh an lipéad Not Not Fun fuílleach albam le dealramh i mbliana ach thugas cluas éisteachta don gceann seo níos minice ná aon cheann eile acu.  Ó Brisbane na hAstráile don gcumadóir (tugann sí an ‘dehydrated disco queen’ uirthi féin) is tá lorg na n-ochtóidí go tréan ar na hamhráin allúracha atá le clos ar an albam is déanaí uaithi, is cuma í a bheith ag tabhairt faoi phop-amhráin nó amhrán disco.

Powell – Sport

Tá a fhís shainiúil cheoil féin ag an bhfear seo a nascann le chéile stíleanna mar techno, EBM agus post-punk.  N’fheadar éinne cén treo a thabharfaidh a chuid ceoil tú, é scríobach, scrábach is tiománta ag fuinneamh na ré post-punk.  Níor chuala albam chomh lán de rógaireacht le stáir.

Peadar Ó Riada – Peadar Ó Riada On Piano

Neosann an teideal simplí téama simplí an albaim: ceol Pheadair Uí Riada (dhá dhlúthdhiosca) á chasadh aige ar an bpianó.  Tá na blianta fada caite ag an Riadach ag casadh ceoil ar phianó a athar agus chuir seo srian air ós rud é go mbíodh sé á chur féin i gcomparáid lena athair, Seán.   Ach tar éis dó pianó nua a cheannach, bhuail tonn cumadóireachta é is líon sé na dlúthdhioscaí seo le pictiúir cheoil de mhothúcháin, de dhaoine is de nithe a dtugann sé gean dóibh, gan trácht ar na daoine atá imithe uaidh is a bhraitheann sé uaidh i gcónaí.

Fág freagra ar 'Albaim na bliana 2016 ón Taobh Tuathail…'