‘Aithním thú!’ a dúirt sí ag an gcóisir a eagraíodh do mhuintir na hÚcráine

Aithníonn daoine a chéile nuair a thagann siad le chéile agus ní beag an rud é sin

‘Aithním thú!’ a dúirt sí ag an gcóisir a eagraíodh do mhuintir na hÚcráine

Bhí mé i mbun an bhoird sólaistí. Ach shíl mé go raibh mé i dteideal briseadh a fháil. Bhuail mé amach chuig láthair an bheárbaiciú agus an phíotsa. Bhí chuile shórt ag dul ar aghaidh go maith.

Bhíomar an-sásta gur tháinig slua measartha mór cuairteoirí chuig an gcóisir ó Óstán an Radisson, áit a bhfuil siad ag cur fúthu ó d’fhágadar an Úcráin mí roimhe sin.

D’eagraigh grúpa beag áitiúil an chóisir seo dóibh chun aithne níos fearr a chur orthu agus chomh maith leis sin, chun deis a thabhairt dóibh aithne a chur ar dhaoine eile atá sa gcruachás céanna.

Thóg sé tamall orthu an chuthaileacht a chaitheamh de leataobh agus bia a roghnú as an lear mór stuif a bhí curtha ar fáil dóibh.

Thug mé an chuthaileacht chéanna faoi deara cúpla lá roimhe sin nuair a tugadh mála mór gúnaí dóibh san óstán, cuid mhaith acu nua as an bpíosa. Bhí cineál drogall orthu dul ag póirseáil sa mhála agus rudaí a phiocadh amach dóibh féin.

Rith bean amháin isteach sa seomra an lá sin agus éide an fhreastalaí óstáin uirthi.

‘Ní fhéadfadh mé seasamh, tá mé ag obair inniu,’ a d’fhógair sí. (Bhí roinnt acu tar éis poist a fháil sa Radisson go gairid tar éis dóibh leaindeáil ansin.)

Thug mé cuireadh di sracfhéachaint a thabhairt ar na gúnaí agus dúirt mé go bhféadfadh sí a hintinn a athrú ina dhiaidh sin, pé ar bith scéal é. Tharraing sí chuici gúna deas ildaite agus rith amach chun na hoibre.

Ansin ag an gcóisir ar an Domhnach, tháinig sí chugam agus mé i mbun bhord na mbonnóg.

‘Aithním thú!’ a dúirt sí liom. ‘Is tú bean na ngúnaí!’ 

Bhí sceitimíní áthais uirthi. ‘Tá an gúna go hálainn,’ a deir sí liom. Thug sí le fios. le cabhair gheáitsíochtaí. go raibh na toisí díreach ceart agus go raibh sí thar a bheith sásta léi féin.

‘Bhíodh mé ag obair i mbanc san Úcráin,’ a dúirt sí. ‘Agus anois, tá mé ag obair in óstán. Shíl mé nach mbeadh aon úsáid agamsa do ghúna álainn mar sin go deo arís.’ Ach d’athraigh sí a hintinn agus cheap go mb’fhéidir go dtiocfadh an lá go mbeadh cúis cheiliúrtha aici. Cóisir b’fhéidir?

Lánsásta liom féin, mar a deirim, thug mé faoi bhord na mburgar agus an píotsa-oigheann.

‘Aithním thú,’ a dúirt an fear a thug slisne píotsa dhom. Bhain sé siar asam. Is cinnte nár thug mé gúna ildaite dó ariamh.

‘Ar oibrigh tú ariamh sa teilifís?’ a d’fhiafraigh sé díom. D’admhaigh mé gur oibrigh ach go raibh roinnt mhaith blianta caite ó bhí mé féin ar an scáileán.

‘Aithním d’éadan,’ a dúirt sé. Agus cén chaoi ar aithin sé mé? D’oibríodh sé san áit a dtugadh muid ‘VTR’ air in RTÉ – ag obair le téipeanna físe a bhí le dul amach ar an aer mar chuid de chlár stiúideo. Ní fhaca muide an dream sin ariamh toisc go rabhadar ag obair i seomraí speisialta in áit éicint eile sa stáisiún. Ach chonaic siadsan chuile shórt.

‘Is dócha,’ a dúirt mé leis, ‘gur dírithe ar phictiúir na teilifíse a bhí tusa i gcaitheamh an ama. Ní raibh aon bhéim agaibhse in VTR ar fhuaim.’

‘Anois, ó deir tú é,’ arsa seisean, ‘tá an ceart ar fad agat. Is ar éigean a aithním glórtha daoine ar chor ar bith. Bhíodh muide i gcónaí dírithe ar chaighdeán an phictiúir.’

Faoin tráth seo bhí seisiún ceoil den scoth tosaithe i lár na cóisire. Buíon ceoil ó Chraobh Phiarais Uí Ghréagáin de Chomhaltas a bhí ina bhun agus go tráthúil, bhí dath gorm agus buí ar a n-éide féin.

Cúpla lá roimhe sin, chuir lead a bhí ag obair i Woodie’s ar mo shúile dhom go raibh an dath gorm mícheart roghnaithe agam agus mé ag ceannach balún buí agus gorm don chóisir. ‘Ní dóigh liom,’ a dúirt sé go húdarásach, ‘go bhfuil an dath gorm ar bhratach na hÚcráine chomh geal sin – tá ceann eile agam atá níos dorcha.’

Nach iontach an chaoi a bhfuil muid ar fad inár saineolaithe ar thír nár chuala muid mórán tráchta uirthi go dtí ceithre mhí ó shin?

D’fhág mé mo ‘fan’ ón aois seo caite i mbun an oighinn agus isteach liom go lár an halla. Ba iad na gasóga áitiúla a thug a halla féin dúinn don ócáid. 

Chomh maith leis an mbia a chuir ár ngrúpa beag ar fáil, bhí tae agus caife in aisce tugtha ag an ‘stad’ caife atá suite i gcarrchlós theach an phobail, i gCnoc Mhuirfean – ‘Saints and Sinners’ a thugann siad orthu féin.

Agus mé ansin ag breathnú ar an slua, ag baint an-cheart don réimse bia, an ceol, agus an comhluadar, bhí mé ag smaoineamh ar an dream a bhí tarraingthe amach as a gcultúr agus as a ndúchas agus atá ag iarraidh tús nua a chur lena saol i dtír iasachta, le teanga nua agus gach a mbaineann leis an imirce a tharlaíonn faoi bhrú an chogaidh. 

Deirtear gurb é seo an teitheadh is mó ag mná agus páistí ón Dara Cogadh Domhanda. Tá ceithre mhilliún bean díshealbhaithe san Úcráin agus ceithre mhilliún bean eile tar éis an tír a thréigean.

Chonaic mé an slua agus ina measc, mná óga ag tabhairt aire dá bpáistí, chonaic mé an lánúin a bhí amach sna blianta agus nach raibh focal Béarla acu, chonaic mé an bheirt deirféar, duine acu 18 agus an duine eile 12, a tháing anseo gan tuismitheoirí, a thugann tacaíocht dá chéile.

Cén t-uafás atá feicthe acu ó dheireadh mhí Feabhra? Cén briseadh croí a bhaineann le clann a bheith scoilte mar sin agus an chuid is mó de na fir fanta sa mbaile ag troid agus gan mórán dóchais ann go dtiocfaidh deireadh leis go luath?

Beidh tamall maith ann sula ndéarfaidh strainséir ag bairbaiciú le bean díobh ‘aithním d’éadan, nach tú Iryna ó Bhaile an Bhóthair?’ 

Fág freagra ar '‘Aithním thú!’ a dúirt sí ag an gcóisir a eagraíodh do mhuintir na hÚcráine'