‘Aithne a chur ar dhaoine nua iontacha a chuir ag smaoineamh mé’ – Siún Ní Dhuinn 

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2019 le Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ agus duine de phodchraoltóirí ‘Beo ar Éigean’

‘Aithne a chur ar dhaoine nua iontacha a chuir ag smaoineamh mé’ – Siún Ní Dhuinn 

1. Cén chuimhne is mó atá agat ar 2019? Na craoltaí ‘Beo ar Éigean’ a rinne muid ag féilte ceoil, aithne a chur ar dhaoine nua iontacha a chuir ag smaoineamh mé.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2019? Ní scéal, ach scéal duine, an t-amhránaí Lizzo. Bean láidir atá ag tabhairt misnigh do mhná eile.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2019?

Bhí go leor acu ann, scéal na dteifeach sa leoraí i Sasana a thagann chun cuimhne; daoine soineanta a bhí ag lorg saol níos fearr, bhrisfeadh sé do chroí.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2019? Athraíonn rudaí agus is gá féachaint ar an athrú mar chlaochlú, trí shúile dearfacha.

5. Ar éirigh leat cloí le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2019? Seachnaím na rúin sin go hiondúil ach braithim go bhfuilim ag críochnú na bliana le ciall cheannaithe…ach gan an iomarca céille!

Fág freagra ar '‘Aithne a chur ar dhaoine nua iontacha a chuir ag smaoineamh mé’ – Siún Ní Dhuinn '