Aitheantas tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn agus grúpaí pobail

Rinneadh buaiteoirí Ghradaim na Gaeltachta 2024 a fhógairt ag searmanas speisialta i nGaillimh agus aon cheann déag de ghradaim bronnta ar ghrúpaí fud fad na Gaeltachta

Aitheantas tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn agus grúpaí pobail

Tá gradaim bronnta ag Údarás na Gaeltachta ar chomharchumainn Ghaeltachta, grúpaí pobail agus cumann CLG mar aitheantas ar an obair atá déanta acu ar son a bpobail.

Rinneadh buaiteoirí Ghradaim na Gaeltachta 2024 a fhógairt ag searmanas  i nGaillimh agus aon cheann déag de ghradaim bronnta ar ghrúpaí fud fad na Gaeltachta.

Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile ón bhFód Dubh i gcontae Mhaigh Eo a bhuaigh an gradam do Togra Turasóireachta na Gaeltachta as a gcuid oibre ar Áras Scéalta an Atlantaigh.

Bronnadh Duais na hÓige ar an Lárionad Acmhainní Nádúrtha, Cill Ulta, Co. Dhún na nGall as a dtogra ‘Preab san Úir’.

D’éirigh le Comharchumann Mhic Dara Teo., An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe an gradam Togra Gaeltachta Glaise a bhaint amach as a dtogra Fuinnimh In-athnuaite Pobail.

Bronnadh Togra Diaspóra na Gaeltachta ar Chomhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí as a gcuid oibre ar cheangail chultúrtha, oideachais agus ghnó le Springfield, Massachusetts de bharr an oiread sin daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce go dtí an baile sin.

Bhain Áislann Chill Chártha CLG, Co. Dhún na nGall an gradam don Togra Seirbhísí Sóisialta na Gaeltachta as soláthar réimse leathan seirbhísí agus imeachtaí pobail.

Bronnadh an gradam don Togra Ealaíne is fearr ar Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí as réimse leathan tograí ealaíne agus cultúrtha a sholáthar.

D’éirigh le Comharchumann Forbartha Árann, Inis Mór, Co. na Gaillimhe an gradam Togra Fiontair Shóisialta a bhaint amach as a gcuid oibre ar Ionad Fiontraíochta Eoghanachta.

Ó thaobh na gcoistí pobail, bronnadh gradam an Tuaiscirt agus an mórghradam ar Choiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall as a gcuid oibre ar fhorbairt an ionad pobail agus áiseanna pobail sa cheantar.

Fiontair Pobail CTR sa Rinn i gCo. Phort Láirge a thug leo gradam an Deiscirt as a bpáirc spóirt uile-aimsire agus Coiste Halla na bhForbacha i nGaillimh a bhuaigh duais an Iarthair as eagrú áiseanna agus imeachtaí.

Léiriú iontach ar an obair cheannródaíoch atá ar siúl sna pobail Ghaeltachta iad na buaiteoirí, a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin.

“Ó thograí turasóireachta go tionscnaimh ghlas-gheilleagair, tá na pobail ag léiriú nuálaíochta agus seasmhachta. Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí agus go gceiliúrfaí an méid atá á bhaint amach ag na grúpaí seo ar mhaithe leis na pobail.”

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Siobhán Ní Ghadhra gur léirigh na buaiteoirí go raibh “todhchaí gheal” i ndán do phobail na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Aitheantas tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn agus grúpaí pobail'