Tá sé thar am go mbeadh pas ilteangach ag an Ríocht Aontaithe a thabharfadh aitheantas mar is ceart don Ghaeilge, don Gháidhlig agus don Bhreatnais, chomh maith leis an mBéarla, dar le Seosamh Watson, iarollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, BÁC, agus duine de bhunaitheoirí Oideas Gael.
Dúirt an tOllamh Watson le Tuairisc.ie go bhfuil na teangacha dúchais sin “chomh seanbhunaithe céanna sa Ríocht Aontaithe” is atá an Béarla agus go mba cheart go bhfeicfí iad ar phasanna na tíre sin “mar aitheantas ar an staid ina bhfuil muid”.
Dúirt sé gur cheap sé go raibh sé tráthúil a leithéid a éileamh anois cé go raibh sé in amhras go mbeadh glacadh ag aontachtóirí an Tuaiscirt leis.
“Bíonn fadhbanna i gcónaí ann nuair a éilítear cearta daonna agus cearta sibhialta, agus is cinnte nach nglacfadh na ceannasaithe aontachtacha in Éirinn leis, ach is í an fhírinne go raibh an Ghaeilge á labhairt sa 20ú haois sa Tuaisceart agus go bhfuarthas réidh léi leis an lámh láidir,” a dúirt sé.
Bhí an tOllamh Watson ar dhuine acusan a bhí ag cur comhairle ar na húdaráis nuair a bhí Rialtas na hAlban á bhunú. Mhol sé don Rialtas nua go mba cheart aitheantas a thabhairt don Gháidhlig ach dúradh leis “go gcruthódh sé sin deacrachtaí in áiteanna in Albain nach labhraítear í”.
Dúirt sé le Tuairisc.ie go mbítear ag “séanadh stair na hAlban” nuair a mhaítear nach labhraítí ach amháin sna hEilean Siar í.
“Bhítí á labhairt ar fud na hAlban ag amanna éagsúla; bhí sí á labhairt i gcúirt an Rí, agus ba í an Gháidhlig a thug an Chríostaíocht go hAlbain an chéad lá riamh. Bíonn iontas ar aontachtóirí na hÉireann nuair a théann siad go hAlban agus feiceann siad go bhfuil agus go raibh an Gháidhlig ag aontachtóirí na tíre sin. Tá an méid sin á cheilt orthu in Ulaidh,” a dúirt sé.
Tógadh an tOllamh Watson i bpobal aontachtach i mBéal Feirste agus mhaígh sé go mbíodh spéis ag an bpobal sin sa teanga sular thosaigh na Trioblóidí ag deireadh na seascaidí. Thagair sé d’iarrachtaí Linda Ervine spéis a mhúscailt inti in Oirthear Bhéal Feirste agus dúirt nach raibh “an chosmhuintir aontachtach chomh mór sin in aghaidh na Gaeilge” is atá na ceannairí.
“Tá mé ag déanamh go mbeadh siad sásta le pasanna ilteangacha, go háirithe dá dtosófaí tionscnamh eile, macasamhail thogra Linda Ervine; d’fhéadfaí an Ghaeilge a scaradh ón pholaitíocht agus ceangal níos láidre a dhéanamh leis an phobal,” a dúirt sé.
Lára Ní Dhochartaigh
Ní ceapaim go bhfuil gá an Ghaeilge a chur ina gcuid pásanna. Ní teanga oifigiúil é sa RA, is teanga mionlach é, ach gan dabht aontaím gur cóir an Gháidhlig agus an Bhreatnais a bheith ann.
JP
Tá cúpla rud i nGaeilge ar an bpas cheana, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, mar shampla.
Seán
Ní mór an pas céanna a bheith ages na Gaill agus na Gaill feasta.