Bhí mí den scoth ag cumann na nGael Óg i mBaile Átha Cliath agus onóracha saothraithe acu laistigh agus lasmuigh den pháirc imeartha i rith na Samhna.
Bhuaigh foirne faoi aois an chumainn lán-Ghaeilge ceithre cinn de chomórtais, idir an tsraith agus an chraobh, le roinnt seachtainí anuas agus bronnadh gradam speisialta ar an gcumann ag ócáid i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite as an obair atá déanta acu le cluichí na gcamán a chur chun cinn.
Ba é Ard-Stiúrthóir Cumann Lúthchleas Gael, Tom Ryan, a bhronn an gradam don ‘Cumann Iomána agus Camógaíochta Faoi Aois na Bliana’ ar na Gaeil Óga ag ócáid de chuid na heagraíochta Friends of Dublin Hurling [Cairde na hIomána i mBaile Átha Cliath] in Óstán Bonnington.
Aitheantas ar leith a bhí sa ghradam do chumann nach raibh aon fhoirne faoi aois acu deich mbliana ó shin.
“Tá muid ag críochnú na bliana go han-mhaith mar chumann,” a deir Gerry O’Connell, cathaoirleach Choiste na nÓg leis na Gaeil Óga. “Bhuamar ceithre chomórtas i mí na Samhna. Bhuaigh ár mbuachaillí Faoi 13 an tsraith san iomáint, bhuaigh na buachaillí Faoi 15 an tsraith san iomáint agus sa pheil agus an Domhnach seo caite bhuaigh ár gcailíní Faoi 14 an chraobh sa pheil.
“Fianaise é sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa chlub agus fuaireamar aitheantas ansin ó na ‘Friends of Dublin Hurling’ a bhronn gradam speisialta orainn,” arsa O’Connell.
Thart ar 450 páiste atá cláraithe anois leis na Gaeil Óga agus 37 foireann á gcur chun páirce acu.
“Is rud mór é [an gradam], is aitheantas mór dúinn é. Deich mbliana ó shin, ní raibh aon iomáint ná camógaíocht faoi aois sa chumann agus ní dóigh liom go raibh ach foireann daoine fásta amháin againn san iomáint.
“Leis an ghradam, tá Friends of Dublin Hurling ag aithint go bhfuil muid i lár réabhlóide i dtaobh na hiomána anseo i Leamhcán. Tá méadú ollmhór tagtha ar na huimhreacha a bhíonn ag iomáint sa cheantar,” arsa O’Connell. “Líonamar bearna mhór san iomáint a bhí i Leamhcán, Baile Formaid agus sna ceantair eile taobh thiar de Leamhcán.”
Agus na foirne faoi aois i mbun traenála, deir O’Connell go gcaitear 50% den am leis an pheil agus 50% leis an iomáint ach deir sé go gcuirtear “béim ar leith” ar an iomáint sa chumann chun í a chur chun cinn.
Tá nasc láidir ag an gcumann leis an dá Ghaelscoil i Leamhcán, Gaelscoil Naomh Pádraig agus Gaelscoil Eiscir Riada agus deir O’Connell gur buaicphointe eile a bhí ag an gcumann in 2023 gur bhuaigh an dá scoil craobhacha i gcomórtais Chumann na mBunscoil i mbliana agus formhór na n-imreoirí ar na foirne sin ina mbaill de na Gaeil Óga.
Is í an fhoireann faoi 15 a bhuaigh sraitheanna peile agus iomána an mhí seo an ceann faoi aois is sine sa chumann agus deir O’Connell nach fada anois go mbainfidh siad sprioc mhór amach nuair a bheidh siad in ann foireann mhionúir a chur chun páirce agus imreoirí a fheiceáil ansin ag imirt le foirne fásta an chumainn.
“Sin í an sprioc. Beidh [na buachaillí is sine] faoi 16 an bhliain seo chugainn agus ina mionúir an chéad bhliain eile. Sin an sprioc atá againn, go mbeadh foireann mhionúir againn i ngach cód agus beidh an nasc ansin ann idir an t-acadamh agus na foirne fásta.”
Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta tugtha do Na Gaeil Óga as a bheith i lár ‘réabhlóid iomána’ i mBaile Átha Cliath'