Áit na Gaeilge i gCLG le plé ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh

Déanfar plé ag seimineár, atá á eagrú ag CLG agus Glór na nGael, ar ról na Gaeilge inné, inniu agus amárach i gCLG

Áit na Gaeilge i gCLG le plé ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Beidh Mícheál Ó Muircheartaigh, Rena Buckley, agus Joe Connolly ar chuid de na laochra a bheidh ag labhairt i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chugainn ag an seimineár ‘CLG agus an Ghaeilge’.

Déanfar plé ag an seimineár ar thionchar na Gaeilge ar CLG go stairiúil, ar thábhacht na teanga sa chumann i láthair na huaire, agus ar céard atá i ndán di amach anseo san eagraíocht.

Beidh imreoirí, lucht na meán agus staraithe aitheanta ag labhairt ag an ócáid, a bheidh ar siúl ar an 10 Feabhra agus a mbeidh cead isteach saor in aisce chuige.

Deir Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, “go leagfaidh an seimineár seo béim ar an tábhacht leanúnach a leagann clubanna CLG ar an nGaeilge” agus “go ndéanfaidh sé ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge 2018”.

Cuirfidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, agus Paul Rouse, staraí a bhfuil an-chuid taighde déanta aige faoi CLG tús leis an lá agus stair na Gaeilge i gCLG faoi chaibidil acu.

Beidh Seán Bán Breathnach ina chathaoirleach ar sheisiún eile ina mbeidh leas-phríomhfheidhmeannach TG4, Pádhraic Ó Ciardha agus daoine eile ag plé le ról iriseoireacht na Gaeilge i gCLG. Déanfaidh an t-iarpheileadóir agus an t-iarchraoltóir aitheanta, Micheál Ó Sé, cur síos ar thábhacht na teanga do chuid de pheileadóirí Chiarraí.

Beidh triúr a thug óráid i nGaeilge tar éis dóibh Craobh Shinsir na hÉireann a bhuachan i mbun cainte níos deireanaí sa tráthnóna – Dara Ó Cinnéide, Rena Buckley agus Joe Connolly.

Beidh baill ó dhá chumann, Na Gaeil Óga i gcathair Bhaile Átha Cliath agus Sleacht Néill i nDoire, i láthair chomh maith chun labhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu ó thaobh na teanga.

Agallamh le Mícheál Ó Muircheartaigh a chuirfidh críoch leis an lá.

Beidh ticéid ar fáil do lucht freastail an tseimineáir don dá chluiche a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an oíche chéanna, an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh i Sraith Peile na mBan agus an cluiche sraithe i Roinn 1 na bhfear idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall.

Cé nach bhfuil aon táille le gearradh as freastal ar an seimineár, tá spás teoranta agus moltar do dhaoine gur spéis leo freastal ar an ócáid áit a chur in áirithint trí ríomhphost a sheoladh chuig siobhan.nichuana@gaa.ie

Fág freagra ar 'Áit na Gaeilge i gCLG le plé ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh'

  • Seán Mag Leannáin

    siobhan.nichuana@gaa.ie. Níor éirigh liom ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh seo. D’éirigh liom ceann a sheoladh chuig siobhannichuana@gaa.ie. –
    ie, is focal amháin é siobhannichuana … níl aon lánstad idir an ainm agus an seoladh.

  • Seán Mag Leannáin

    Mo leithscéal. D’éirigh liom sa deireadh ríomhphost a sheoladh chuig siobhan.nichuana@gaa.ie agus tháinig an ceann eile – an ceann a sheol mé chuig siobhannichuana@gaa.ie – ar ais chugam!

  • Mánus

    Dá roghnódh an GAA rud amháin coincréideach (nach mbaineann le spórt) chun an Ghaeilge a chur chun cinn bheadh toradh ar a cuid oibre toisc an cur chuige praiticiúil atá acu. Molaim togra eastát tithíocht LánGhaeilge a hhunú i Ráth Cairn…