‘Áit ar bith ar domhan a bhfuil Gaeilgeoir, tiocfaidh Raidió na Gaeltachta air…’

Chomh maith le bheith ina seirbhís shainiúil áitiúil is raidió náisiúnta agus domhanda é RnaG

‘Áit ar bith ar domhan a bhfuil Gaeilgeoir, tiocfaidh Raidió na Gaeltachta air…’

Más san Úcráin nó san Afganastáin atá an scéal, San Francisco nó Sydney, Doire Iorrais nó Doire Cholmcille beidh glór ón áit ar Raidió na Gaeltachta. Ní hamháin go mbíonn an diaspóra agus daoine nach iad ag éisteacht leis an raidió ar fud na cruinne ach glacann go leor páirt sa phlé nó sa tsiamsaíocht freisin.

Chomh maith le bheith ina seirbhís shainiúil áitiúil is raidió náisiúnta agus domhanda é RnaG. 

‘Chaithfeadh sé go bhfuil sé teoranta,’ a dúirt duine i mBéal Feirste liom faoi Raidió na Gaeltachta, ‘é i dtuilleamaí ábhair ó cheantair chúnga na Gaeltachta agus daonra atá ag titim go seasta.’ Baineadh preab as nuair a thugas cuntas ar an gcineál ábhair a bhíonn ar an raidió ar ghnáthlá agus ar ilchineálacht na rannpháirtithe. 

Áit ar bith ar domhan a bhfuil Gaeilgeoir, más Éireannach nó eachtrannach é, tiocfaidh Raidió na Gaeltachta air. Ní raibh aon bhrainse speisialta nó seirbhís spiadóireachta ariamh chomh cumasach le foireann an raidió ag teacht ar lucht labhartha na Gaeilge atá in ann cuntas a thabhairt ar thubaiste nó eachtra mhór an lae san áit a bhfuil siad. Éascaíonn an nua-theicneolaíocht na bealaí le teagmháil a dhéanamh agus le daoine a chur ar an aer.

A bhuíochas d’fhorbairt na cumarsáide tá sé chomh héasca teacht ar RnaG i mBostún is atá i mBéal Feirste. Murab ionann agus laethanta tosaigh an raidió nuair nárbh fhéidir é a chlos i mo cheantar dúchais in Iorras, Contae Mhaigh Eo tá sé le fáil anois gach áit a bhfuil teacht ar an idirlíon. 

Más nuacht áitiúil, nó dearcadh ar leith ar scéalta idirnáisiúnta, spórt, ceol an phobail nó léargas ar an gcaoi a bhfuil an saol ag athrú atá uait, tá fáil ag deoraí chomh maith leis an té atá sa bhaile orthu. I bhfianaise an rabharta craoltóireachta sna mórtheangacha is geall le míorúilt í seirbhís raidió atá préamhaithe i saoithiúlacht na Gaeltachta agus oscailte d’imeachtaí eachtracha.

Is le cúrsaí Thuaisceart Éireann a bhímse ag plé don raidió. Tá creidiúint mhór ag dul do RnaG as a thiomantas do phobal na Gaeilge agus do chúrsaí reatha abhus. As meáin chumarsáide na hÉireann is é Raidió na Gaeltachta is mó a chlúdaíonn scéalta sa tuaisceart, ar Adhmhaidin, Nuacht a hAon agus An tSeachtain. Ina theannta sin bíonn míreanna agus rannpháirtithe ón tuaisceart go rialta ar Bladhaire, Barrscéalta agus Tús Áite. 

Maidir le Maigh Eo is mór an trua gur druideadh stiúideo Raidió na Gaeltachta ansin nuair a bhí ciorrú ar acmhainní ar siúl. Tá sé níos furasta daoine a chur ar an raidió anois, gan stiúideo, ná mar bhíodh ach is easnamh mór é an raidió a bheith gan láthair i limistéar fairsing, scaipthe na Gaeltachta i Maigh Eo. Comhartha nithiúil é an foirgneamh le hainm os cionn an dorais ar thábhacht an cheantair don raidió agus lárnacht an raidió i saol an phobail logánta. 

Mo ghuí don raidió don chéad 50 bliain eile, cuir stiúideo i Maigh Eo, agus gura fada buan tú. 

Fág freagra ar '‘Áit ar bith ar domhan a bhfuil Gaeilgeoir, tiocfaidh Raidió na Gaeltachta air…’'

  • Eoghan Ó Néill

    Mo bhuíochas ó chroí do Radio na Gaeltachta a chur ceol, craic agus cláracha suimiúla ar fáil domsa agus dúinn uilig (a bhfuil sí mar chuid d’ár saol) i ngaelig bhinn thar na blianta fada.

  • An Teanga Bheo

    Ar fud na cruinne nó on Éirinn amhain ?