Aistriúchán ar leabhar Gaeilge le scaipeadh ar leabharlanna Laos in oirdheisceart na hÁise

Saothar le Máire Zepf é an finscéal ársa de chuid na hÉireann atá roghnaithe mar chuid de scéim de chuid an Aontais Eorpaigh

Aistriúchán ar leabhar Gaeilge le scaipeadh ar leabharlanna Laos in oirdheisceart na hÁise

Tá leabhar Gaeilge a scríobh an t-údar aitheanta Máire Zepf agus a mhaisigh an t-ealaíontóir Shona Shirley MacDonald aistrithe go Lao, teanga Laos, tír atá suite in oirdheisceart na hÁise, agus scaipfear 1,500 cóip de ar leabharlanna ansin le go bhféadfaidh daoine óga é a léamh.

An Féileacán Agus An Rí ar cheann de dheich leabhar a roghnaigh an tAontas Eorpach don tionscnamh cultúrtha atá idir lámha acu.

Athinsint é an saothar ar fhinscéal ársa de chuid na hÉireann a bhaineann le heachtraí Mídhir agus Étaoin.

Dúirt an t-údar, Máire Zepf go raibh ‘ríméad’ uirthi go bhfuil an leabhar ‘ag tabhairt aghaidh ar an aistear iontach seo chuig an taobh eile den domhan’. Dúirt sí gur taithí ‘fhíordhraíochtúil’ a bhíonn ann do pháistí nuair a thagann siad ar amanna agus áiteanna i bhfad i gcéin ar leathanach pictiúrleabhair agus go mbaineann ‘tábhacht níos mó leis an gcás seo mar gheall ar áit an fhinscéil seo sa traidisiún s’againn féin’.

Dúirt an Teachta Colm Brophy, an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Idirnáisiúnta agus an Diaspóra, go bhfuil an tionscnamh seo dírithe ar chur chun cinn na litearthachta agus na léitheoireachta i Laos. “Tá líon na leabhar atá ar fáil do pháistí i gcodanna den tír teoranta go fóill. Is cúis áthais dúinn go mbeidh Éire in ann cur leis an tionscadal tábhachtach seo, agus cuid de na finscéalta agus na miotais ar cuid ríthábhachtach iad de chultúr na hÉireann a chur ar a súile do pháistí Laos ag an am céanna,” a dúirt sé.

Ambasáid na hÉireann i Vítneam, atá freagrach as Laos chomh maith, a bhí freagrach as páirtíocht na tíre seo sa tionscnamh. Naoi mballstát eile de chuid Aontas na hEorpa atá páirteach san iarracht: An Ostair, an Chipir, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil agus an Spáinn.

Fág freagra ar 'Aistriúchán ar leabhar Gaeilge le scaipeadh ar leabharlanna Laos in oirdheisceart na hÁise'

  • Gabriel Rosenstock

    An-mhaith go léir!