Aistritheoirí Gaeilge i mbaol

Próiseas comhairliúcháin a mbeidh tionchar aige ar an mbealach ina gcuireann eagraíochtaí stáit aistriúchán go Gaeilge ar fáil ar siúl faoi láthair.

Foclóir

D’fhéadfadh comhlachtaí beaga aistriúcháin agus aistritheoirí aonair a bheith fágtha ar an bhfaraor géar má chinntear obair aistriúcháin an Stáit uilig a thairiscint ar conradh d’aon chomhlacht amháin.

Tá próiseas comhairliúcháin poiblí faoi lánseol faoi láthair ag an Oifig um Sholáthar Rialtais agus aiseolas á lorg acu ar cheart conradh d’obair aistriúcháin Ghaeilge na n-eagraíochtaí Stáit ar fad a chur san áireamh i bpróiseas tairisceana atá á bheartú i láthair na huaire.

Tá dhá rogha á gcíoradh ag an Oifig um Sholáthar Rialtais; go gcuirfí seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge ar tairiscint astu féin nó go gcuirfí iad i dteannta le seirbhísí aistriúcháin do theangacha éagsúla.

Má bheartaítear an Ghaeilge a chur san áireamh le teangacha eile, ar nós Fraincís, Gearmáinis, Spáinnis etc, agus seirbhísí aistriúcháin á lorg ag an Stát, ní dócha go mbeadh sé de chumas ag aon cheann de na comhlachtaí aistriúcháin Ghaeilge an fód a sheasamh le tairiscint a dhéanamh.

Dúirt urlabhraí ón Oifig um Sholáthar Rialtais le Tuairisc.ie nach ndéanfaí cinneadh faoin ábhar go mbeadh aiseolas faighte ón bpobal ach go raibh súil cinneadh a dhéanamh go luath san athbhliain.

Leanfaidh an próiseas comhairliúcháin go dtí an Chéadaoin seo chugainn (10/12/14).

Fiú má roghnaítear an conradh don aistriúchán Gaeilge a scaradh ó theangacha eile agus a thairiscint as féin amháin, seans gur buille marfach a bheadh ann d’aistritheoirí aonair nó do chomhlachtaí beaga aistriúcháin mar nach mbeidís in acmhainn déileáil le conradh do riachantas aistriúcháin na n-eagraíochtaí stáit ar fad.

Tá sé deimhnithe, áfach, ag an Oifig um Sholáthar Rialtais go mbeadh séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge ina riachtanas d’aon duine a bheadh i mbun obair aistriúcháin go Gaeilge faoin socrú nua atá á bheartú.

 

Fág freagra ar 'Aistritheoirí Gaeilge i mbaol'