Aistritheoirí ar éirigh leo séala an Fhorais a fháil ag fanacht dhá bhliain ar a dteastas

Tá Foras na Gaeilge ag súil a dteastas a bhronnadh go luath ar an ngrúpa deireanach d’iarrthóirí ar éirigh leo i scrúdú an t-séala aistriúcháin, scrúdú a reachtáladh ag deireadh 2022

Aistritheoirí ar éirigh leo séala an Fhorais a fháil ag fanacht dhá bhliain ar a dteastas

Tá Foras na Gaeilge “ag fiosrú na bhféidearthachtaí” maidir le bronnadh Shéala an Aistriúcháin ar na hiarrthóirí ar éirigh leo i scrúdú na bliana 2022 a reáchtáil an mhí seo chugainn.

Tá breis agus dhá bhliain imithe tharainn ó d’éirigh leis an ngrúpa deireanach d’iarrthóirí i scrúdú an tSéala, a bhí ar siúl ar an 17 Nollaig 2022, ach ní bhfuair na daoine ar éirigh leo sa scrúdú a dteastas go fóill.

Dúirt duine de na haistritheoirí a rinne an scrúdú in 2022 le Tuairisc gur údar frustrachais dó an mhoill agus go bhfuil sí ag cur isteach ar na deiseanna atá aige obair mar aistritheoir gairmiúil a fháil.

“De réir na dtreoracha a tugadh don chomórtas earcaíochta ar chuir mé isteach air, ní féidir aon cháilíocht nó taithí ghairmiúil a chur san áireamh san iarratas mura bhfuil teastas leis. Luaigh mé san iarratas nach bhfuil an teastas agam, gur éirigh liom sa scrúdú agus nach mbeidh mé in ann an Séala a lua go hoifigiúil leis an iarratas.

“D’íoc muid as an scrúdú, rinne muid an scrúdú, bhain mé an diabhal rud amach, agus is cosúil nach bhfuil meas ag an bhForas féin ar an gcáilíocht seo. Tá an Foras in ainm is a bheith ag cur chun cinn spriocanna móra don Ghaeilge agus níl siad in ann teastas a chur sa bpost laistigh de dhá bhliain,” a dúirt Ciarán Ó Braonáin le Tuairisc.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le Tuairisc gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí in 2023 gur éirigh leo  agus gur chuir an Foras “litir oifigiúil” ar fáil inar deimhníodh gur bhain an duine an Séala amach ar mhaithe le cúrsaí earcaíochta.

“Chuir Ollscoil Uladh in iúl go hoifigiúil d’iarrthóirí ar éirigh nó nár éirigh leo sa scrúdú in 2023. Chuir impleachtaí a bhain le srianta Covid chomh maith le hathruithe/easpa foirne i bhForas na Gaeilge moill ar ócáid oifigiúil do bhronnadh na dteastas.

“San idirlinn, chuir Foras na Gaeilge litir oifigiúil ar fáil d’iarrthóirí a bhí i dteagmháil linn faoi fhianaise a chur ar fáil d’fhostóirí. Dheimhnigh na litreacha céanna go raibh an Séala bainte amach acu siúd a bhí á lorg. Cuireadh na hiarrthóirí ar éirigh leo ar mhórliosta na n-aistritheoirí séalaithe atá ar fáil ar shuíomh Fhoras na Gaeilge,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt Ó Braonáin le Tuairisc, áfach, “nár chuala [sé] aon trácht ar litir” agus nach bhfuil spéis aige i searmanas ach sa teastas féin a fháil sa phost. Dúirt sé go bhfuil an cheist curtha “ar an méar fhada” ag an bhForas le dhá bhliain agus go raibh “easpa cumarsáide” ann ón eagraíocht teanga.

“Is cuma sa sioc liom faoi shearmanas, ní thuigim an chúis leis an searmanas, ní thuigim cén fáth nach féidir é a chur amach sa bpost. Is é an teastas atá ag teastáil uaim.

“Tá dhá bhliain iomarcach. Mura bhfuil siad sásta an diabhal rud a chur amach níor cheart go mbeidís ag tabhairt faoi sa chéad áit. Má tá stádas ag an rud seo, má táthar le glacadh leis mar cháilíocht, caithfear é a reáchtáil ar bhealach níos fearr ná seo, níl sé maith go leor,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Aistritheoirí ar éirigh leo séala an Fhorais a fháil ag fanacht dhá bhliain ar a dteastas'

  • Máire Ní Fhéinidh

    Céard faoin dream a rinne an Séala i mí na Nollag 2021?? An rud céanna!

  • Meadhbh

    Rinne mise an scrúdú i 2020 agus fós ag fanacht!! Dhiúltaigh siad an teastas a sheoladh chugam freisin 🙈

  • Éamonn Ó Gribín

    Delenda est Foras na Gaeilge!