Aistí machnamhacha soléite inspéise le treoraí máistriúil

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, cnuasach aistí le Torlach Mac Con Midhe

Aistí machnamhacha soléite inspéise le treoraí máistriúil

Is annamh leabhar aistí a theacht chugainn ar aon téama aontaithe amháin muran téama liteartha éigin é. Nuair a chuamar isteach sa chómhargadh (mar a bhí air ar tús) bhí ráig mhór ann a chruthú gurbh Eorpaigh sinn seachas aon rud eile, agus ba mhinic gur caitheadh amach é mar bhuille in aghaidh na tuisceana den náisiúntacht Éireannach a bhí ann san am. Is cuimhin liom Risteárd de Búrca a bhí ina Aire Oideachais (sans scileanna ná eolaíocht) ag maíomh gur scríbhneoir Eorpach ba ea Brian Merriman. Is dócha gurbh ea, fág nach n-aithneodh Brian féin cad a bhí i gceist aige.

Ba bheag duine den bhuíon sin a thuig damait féin mar gheall ar an Eoraip murab ionann is Torlach Mac Con Midhe a bhfuil an dara cnuasach uaidh ar an ábhar seo, mar atá Aistí Eorpacha 2 (Coiscéim €10). Aistí machnamhacha, soléite, inspéise ar fhairsingeacht ábhar atá anseo agus níl aon cheann díobh nach bhfoghlaimeodh an duine eolgaiseach féin go leor as.

Toisc oiread sin spéise a bheith ag an údar sa stair, sa litríocht, i dteangacha, i réigiúin bheaga, san ailtireacht, san fhealsúnacht agus eile, tugann sé ar thuras sinn trí cheantar aineoil smaointe ach a bhfuil sé féin ina threoraí máistriúil air.

Chomh maith leis sin, fear siúil agus spaisteoireachta é agus b’aoibhinn le duine, déarfainn, a bheith ina theannta ag gabháil dá gcosa trí chathracha nó fothracha nó thart ar láithreacha stairiúla na hEorpa. Dá mba chás leis go leor plé a dhéanamh ar ghnéithe den náisiúnstát ina chéad chnuasach d’aistí Eorpacha, is mó is scim leis na réigiúin agus na himill agus na baill sin nach bhfaigheann aitheantas faoi leith sa cheann seo.

Mar a deir sé is díol suime leis ‘bristeachas’ agus ‘scoilteanna’ sa gheograif choitianta agus i réim na staire. Chuige sin tá aiste amháin aige a bhfuil ‘Breac-chríocha’ mar theideal air agus is ann a phléann sé na difríochtaí idir tuaisceart agus deisceart na hilchríche agus an blas faoi leith atá orthu. Aon réigiún amháin is ea an Mheánmhuir, mar shampla, agus go minic is cosúla an cultúr ar an gcósta in dhá nó trí thír éagsúla lena chéile ná a bhfuil acu le háiteanna ina gcríocha féin. Áitíonn go neamhbhalbh go raibh an Eoraip ‘gan aontacht riamh’.

Sin é an fáth a bhfuil treise faoi leith aige le réigiúin laistigh nó ag dul thar theorainn stáit aitheanta, an Tioróil, an Alsáis agus an Lorráin, codanna den Eilvéis. Ardaíonn sé brat atá folaithe ag an léarscáil oifigiúil agus nochtann mar atá laistíos. Ní hiontas mar sin go gcuireann sé suim faoi leith i scríbhneoirí áirithe a bhí imeallaithe san áit inar rugadh iad agus ar chuid de mhionlucht iad in ainneoin leathantas na teanga ina raibh siad ag scríobh. Ceann díobh sin ba ea Kafka, gan amhras, agus is spreagúla a léiríonn sé cás Camus a saolaíodh san Ailgéir agus a d’imigh leis chun na Fraince, áit nach raibh sé riamh socair ann. Ba é oighear an scéil nach raibh sé socair san Ailgéir ach an oiread agus dá mhéid é a ghrá d’oidhreacht na Meánmhara ‘níor bhac sé leis na hArabaigh os comhair a dhá shúl san Ailgéir.’

Intinn neamhspleách a ghabhann a bhealach féin a nochtar sna haistí seo. Mar a thuigfeá tá go leor tagairtí ar a fhuaid don Ghaeilge agus don chultúr. Go deimhin, tá de dhánaíocht ann sainmhíniú a thabhairt ar cad is cultúr ann agus samplaí iomadúla d’fhonn a léiriú is a bhualadh abhaile! Ceann de na haistí sin is ea an taighde a dhein sé ar a dhúchas Gaelach féin i nGaeltacht Thír Chonaill ach é sin cumaiscthe le dúchas a mháthar arbh as Doire di agus a raibh leagan éigin den Albainis ar a teanga mar chaint laethúil. Ní ghéilleann sé aon phioc dóibh siúd a mhaíonn nach teanga cheart í an Albainis, nó b’fhéidir nach teanga in aon chor í. Is geall iad leo siúd a deir nach teangacha ar leith iad, abair, Friúilis nó Laidinis nó Rómainis.

As an stór fairsing seo d’eolas is de shaoltaithí ní leasc leis tarraingt as tobar scríbhneoirí éagsúla, ach iad a aistriú dúinn. Mar sin tá sleachta againn as Camus (gan amhras), smut as dán le Iánnais Ritsos, an file iontach Gréagach, ábhar le hErich Kastner agus le Paul Valéry, agus trácht iontach ar an bhfile ón Airgintín, Alfonsina Storni nár airíos féin aon teacht thairsti go dtí seo.

Ábhar úr timpeall ar gach aon chúinne atá sa leabhar seo, agus mothaíonn tú go bhfuil rud éigin fiúntach déanta, blaiste agus foghlamtha agat tar éis é a léamh.

Fág freagra ar 'Aistí machnamhacha soléite inspéise le treoraí máistriúil'