Aistear 6,000 km go dtí Leitir Mealláin déanta ag baoi a seoladh san Artach cúig bliana ó shin

Tá sé deimhnithe gur i Muir Beaufort ó thuaidh den Yukon agus Alaska agus siar ó oileáin Artacha Cheanada a seoladh baoi taighde mara a tháinig i dtír ar chósta Chonamara le déanaí

Aistear 6,000 km go dtí Leitir Mealláin déanta ag baoi a seoladh san Artach cúig bliana ó shin

Thángthas ar thrá i gConamara ar bhaoi taighde mara a raibh aistear sé mhíle ciliméadar curtha de aige agus Muir Beaufort, an Mhuir Artach agus an tAtlanach trasnaithe aige.

De réir tuairisce ar an suíomh afloat.ie, ba iad baill de Ghasógaí Mara na Gaeltachta a tháinig ar an mbaoi i Leitir Mealláin i gConamara.

Dheimhnigh Diarmuid Ó Conchubhair ó Fhoras na Mara i nGaillimh do na Gasógaí go rabhthas ábalta a aithint ón uimhir a bhí ar an mbaoi gur seoladh as aerárthach é cúig bliana ó shin os cionn Muir Beaufort ó thuaidh den Yukon agus Alaska agus siar ó oileáin Artacha Cheanada.

Baineann an baoi a tháinig i dtír i Leitir Mealláin leis an gclár taighde idirnáisiúnta The International Arctic Buoy Programme a bhfuil go leor tíortha ar fud an domhain páirteach ann.

Bíonn na baoithe taighde seo curtha ar snámh san Aigéan Artach, mar a ndéanann siad monatóireacht ar theocht na farraige, déanamh an oighir agus leibhéal na farraige ansin.

Úsáidtear na baoithe chomh maith chun taighde a dhéanamh faoin athrú aeráide. De ghnáth, maireann na baoithe thart ar 18 mí agus bíonn idir 25-40 acu ag feidhmiú ag aon am amháin.

In 2014 a fuarthas aon eolas ó bhaoi Leitir Mealláin go deireanach agus is é is dóichí gurb amhlaidh gur theip ar an gcadhnra ann an uair sin agus gur ag imeacht le sruth atá sé ó shin.

físeán ar fáil ar líne ar sheoladh baoithe san Aigéan Artach den chineál a aimsíodh i Leitir Mealláin le déanaí.

 

Fág freagra ar 'Aistear 6,000 km go dtí Leitir Mealláin déanta ag baoi a seoladh san Artach cúig bliana ó shin'