Aiséirí á dhéanamh ag Hollywood Cemetery, úrscéal le Liam Ó Flaithearta

Cuntas ficseanach, aorach atá i Hollywood Cemetery ar an léargas a fuair an Flaitheartach ar thionscal na scannán in Hollywood

Aiséirí á dhéanamh ag Hollywood Cemetery, úrscéal le Liam Ó Flaithearta

Tá ceann eile de na húrscéalta a scríobh Liam Ó Flaithearta, an scríbhneoir mór as Árainn, ar fáil arís –Hollywood Cemetery. Ach oiread le leabhair eile a scríobh an Flaitheartach rinneadh cinsireacht ar an leabhar sin freisin nuair a d’fhoilsigh comhlacht Gollanz í sa mbliain 1935.

Go deimhin rinne stát na hÉireann an rud céanna le cúig leabhar de chuid Uí Fhlaithearta.

In Hollywood is mó a bhí Liam Ó Flaithearta ó Aibreán 1934 go dtí Meitheamh 1935. Bhí a fhear muinteartha John Forde ag déanamh scannáin ag an am d’úrscéal eile a scríobh sé, The Informer. Taispeánadh an scannán sin den chéad uair i mí na Bealtaine 1935.

Cuntas ficseanach, aorach atá i Hollywood Cemetery ar an léargas a fuair an Flaitheartach ar thionscal na scannán in Hollywood. Mheas sé go raibh an áit sin ina chomhartha ar an ‘American Way Of Life’ mar a thugtar air.

Chreid sé gur phluais cneámhairí airgid a bhí in Hollywood agus go raibh striapaigh á ndéanamh de na daoine a bhí ag obair ann.

Sna Stáit Aontaithe a thosaigh sé ag scríobh an leabhair. Sa bhFrainc a chríochnaigh sé an obair i samhradh na bliana 1935.

Dhiúltaigh seacht gcomhlacht foilsitheoireachta sna Stáit Aontaithe an leabhar a fhoilsiú. Chuir an foilsitheoir a bhí aige i Londain, Gollanz, ar ais chuige an t-ábhar á rá go raibh sé ró-neamhbhalbh. D’athraigh sé an scéal de bheagán anseo agus ansiúd agus foilsíodh an leabhar sa deireadh ar an 18 Samhain 1935.

As comhoibriú idir Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta agus na foilsitheoirí Nuascéalta a tháinig an t-athfhoilsiú seo ar Hollywood Cemetery. Tá iarrachtaí móra déanta ag lucht an chumainn ó bunaíodh é le haird an phobail a tharraingt arís ar scríbhinní na beirte as Árainn. Bíonn Féile na bhFlaitheartach in Inis Mór i mí Lúnasa chuile bhliain.

Tá eolas mór go hidirnáisiúnta ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta ach bhí dearmad déanta ar Thomás go dtí gur bunaíodh an cumann seo.

Scríbhneoir cumasach ba ea Tomás á féin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach Mheiriceá agus ina cholúnaí ar an nuachtán a bhí acu an Daily Worker. Scríobh sé tuilleadh i nGaeilge agus i mBéarla nuair a d’fhill sé ar Árainn i ndeireadh a shaoil.

Comhlacht é Nuascéalta a bhunaigh an scríbhneoir agus an file Tomás Mac Síomóin. Ní hé seo an chéad uair ar tháinig athfhoilsiú ar leabhar le Liam Ó Flaithearta as comhoibriú idir Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta agus Nuascéalta.

D’fhoilsigh siad leagan nua de The House of Gold cheana. Leabhar í sin a bhí bunaithe ar mhuintir Mháirtín Mhóir Mhic Dhonncha i nGaillimh. Chomh luath is a tháinig an leabhar amach i 1929 rinneadh cinsireacht uirthi, an chéad leabhar Éireannach a ndearnadh sin léi, de réir Acht Cinsireachta 1929.

Is é an fear déanta scannán Bob Quinn a sheolfas go hoifigiúil Hollywood Cemetery i Leabharlann Chathair na Gaillimhe san Aibreán. Ba dheacair ealaíontóir níb fheiliúnaí a fháil lena dhéanamh.

Má bhí amhras ag Liam Ó Flaithearta ar chultúr Hollywood ní fiú biorán é le hais an ghráin atá ag Bob Quinn air. Feictear dó go bhfuil lucht scannán na tíre seo faoi dhraíocht ag soilse geala Hollywood nuair ba chóra dóibh díriú ar chultúr na hÉireann agus scannáin a bhunú air.

Sin é a rinne sé féin nuair a tháinig sé go Conamara gur bhunaigh sé traidisiún scannánaíochta ar féidir le hÉireannach ar bith a bheith bródúil as.

Ós ag caint ar scríbhneoir mór Éireannach é tá clár faisnéise déanta anois faoin gcomhoibriú a tharla idir Seán O’Casey agus Alfred Hitchcock nuair a rinne Hitchcock scannán de dhráma an Chathasaigh Juno and the Paycock.

Ní ró-shásta a bhí an Cathasach leis an toradh. Cumannach ba ea é siúd freisin agus b’fhearr leis i bhfad na scannáin a bhí ealaíontóirí Rúiseacha a dhéanamh, leithéidí Sergei Eisentein.

Taispeánfar When Hitchcock Met O’Casey san Light House i mBaile Átha Cliath ag 6.15 pm. Déardaoin seo chugainn, 21 Feabhra.

Fág freagra ar 'Aiséirí á dhéanamh ag Hollywood Cemetery, úrscéal le Liam Ó Flaithearta'