Áiseanna ‘chomh maith’ leis na Cealla Beaga le tógáil i Ros an Mhíl agus forbairt €25 milliún fógartha

Táthar ag súil go gcruthófar na céadta post ach a mbeidh forbairt déanta ar Chalafort Ros an Mhíl, forbairt a mheastar a thógfaidh 28 mí

Áiseanna ‘chomh maith’ leis na Cealla Beaga le tógáil i Ros an Mhíl agus forbairt €25 milliún fógartha

Tá súil ag an Rialtas áiseanna chomh maith lena bhfuil sna Cealla Beaga agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra a chur ar fáil do thionscal na hiascaireachta agus na gaoithe eischósta i Ros an Mhíl agus forbairt mhór fógartha.

Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, tá infheistíocht €25 milliún le déanamh i gcé dhomhainfharraige a fhorbairt ag Calafort Ros an Mhíl.

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue an maoiniú go hoifigiúil inniu.

Meastar go nglacfaidh sé 28 mí leis an obair thógála a chríochnú agus dúirt an tAire go raibh “féidearthacht ollmhór” ag baint leis an bhforbairt ó thaobh cruthú fostaíochta i gConamara.

Fógraíodh go gcuirfidh an ché dhomhainfharraige fad 200 méadar breise le taobh na cé i Ros an Mhíl agus go mbeidh doimhneacht bhreise 70% ann nuair a bheidh an obair curtha i gcrích. D’fhágfadh sin go mbeifí in ann freastal ar bháid iascaireachta níos mó agus táthar ag súil go meallfar iasc breise ó bháid iascaireachta Éireannacha agus eachtracha.

Chuir Airí na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers, fáilte chomh maith roimh an gcinneadh cé domhainmhara a fhorbairt ag Ros an Mhíl.

Dúirt Catherine Martin gur “forbairt straitéiseach” a bhí i gceist a d’fhéadfadh Ros an Mhíl a fhorbairt “mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus na céadta post i bhfuinneamh in-athnuaite a chruthú i nGaeltacht na Gaillimhe”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh an fógra ag teacht le plean Údarás na Gaeltachta ‘Gaeltacht Ghlas’ a fhorbairt agus lorg carbóin Gaeltachta “a laghdú”.

Dúirt an Roinn Talmhaíochta go mbeadh na háiseanna nua i Ros an Mhíl ar nós na n-áiseanna atá ar fáil sna Cealla Beaga agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, péire de na cuain iascaigh is mó in Éirinn.

“Baineann ríthábhacht lenár nIonaid Iascaigh Cuain maidir leis an tionscal bia mara agus léiríonn Ros an Mhíl go soiléir conas a spreagann na háiseanna seo gníomhaíocht gheilleagrach do na pobail chósta tuaithe máguaird,” a dúirt an tAire McConalogue inniu.

“Cuireann fógra an lae inniu in iúl arís eile tiomantas an Rialtais seo maidir le dul i ngleic leis an tionchar a imríonn an Breatimeacht ar an earnáil agus maidir le todhchaí láidir a chinntiú do tháirgeoirí tosaigh bia mara na hÉireann.”

Tá amhras ann faoina a bhfuil i ndán do thionscal na hiascaireachta i Ros an Mhíl, áfach, agus laghdú ag teacht ar líon na n-iasc a tugadh i dtír ann le cúpla bliain anuas.

Cé nach luaitear go sonrach tionscal an fhuinnimh ghaoithe i ráiteas na Roinne, tuigtear gur leagadh béim mhór ar an tionscal sin sa chás a rinneadh d’fhorbairt an chalafoirt i Ros an Mhíl.

Ach cead forbartha a fháil, tá sé i gceist ag comhlacht mór idirnáisiúnta feirm ghaoithe mhór a thógáil sna Sceirde amach ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara agus meastar gur gá forbairt mhór a dhéanamh ar ché Ros an Mhíl chun go mbeifí in ann freastal ar an bhforbairt sin.

Bhí an tAire McConalogue i Ros an Mhíl mí Dheireadh Fómhair seo caite nuair a seoladh tuarascáil de chuid Údarás na Gaeltachta a léirigh go bhféadfaí breis is 900 post a chruthú in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe. Dúradh sa tuarascáil go bhféadfaí Calafort Ros an Mhíl a úsáid mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta.

“Nuair a thug mé cuairt i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, chuaigh an uaillmhian a bhí ag an bpobal áitiúil anseo i dtaobh Ros an Mhíl go mór i gcion orm,” a dúirt an tAire inniu. “Tá féidearthacht ollmhór ann d’fhorbairt agus do phoist amach anseo nuair a bheidh an tionscadal seo ar bun agus táim an-mhuiníneach go dtapófar agus go saothrófar an deis seo ar mhaithe le Conamara.”

Deir an Roinn go leanfar ar aghaidh chun dearadh mionsonraithe na cé a sholáthar le súil is go bhféadfaí an conradh tógála a chur amach ar tairiscint níos déanaí sa bhliain.

Fág freagra ar 'Áiseanna ‘chomh maith’ leis na Cealla Beaga le tógáil i Ros an Mhíl agus forbairt €25 milliún fógartha'

  • Seán ÓM

    Bhí mé féin ag gearán faoi na rudaí seo ar Twitter i mí na Samhna:

    “1) an Garda Béarloireachta sa Ghaeltacht.
    2) Calafort Ros a Mhíl
    3) Easpa Gaelcholáistí i mBÁC.
    4) Coláiste Lurgan
    5) Faigheann Tuairisc/Nös/Comhar níos lú mionnú le chéile inniu ná a fuair Faoinse ag tús na 2000di.
    6) Seirbhísí aistriúcháin na Gaeilge níos fearr sa Bhruiséil ná atá i dTeach Laighean.”

    Ansin bhí foinse airgid sa bhreis don iriseoireacht Gaeilge sa Bhille Teanga ….. agus anois Ros a Mhíl …… agus tá gardaí le Gaeilge ag caithimh comhartha na Fáinne (cé nach bhfuil siad sa cheantracha cearta – ach is tús é).

    An gciallaíonn é seo gur fiú é a bheith ag tabhairt amach faoi rudaí ar Twitter? An bhfuil draíocht sa rud sin?