Airí na Gaeltachta ag tacú le héileamh ar chomhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur cheart go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí bóthair

Airí na Gaeltachta ag tacú le héileamh ar chomhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair

Tá airí na Gaeltachta den tuairim gur cheart an reachtaíocht a neartú chun go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge is atá ag an mBéarla ar chomharthaí bóthair na tíre.

Faoi láthair bíonn leaganacha Béarla na logainmneacha ar chomharthaí bóthair dátheangacha i gceannlitreacha agus bíonn na leaganacha Gaeilge i mionlitreacha i gcló Iodálach.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios go raibh sé i gceist aige féin agus Aire na Gaeltachta, Catherine Martin,  bualadh go luath leis an aire iompair agus an t-aire tithíochta chun ceist na gcomharthaí a phlé.

D’aontaigh Chambers sa Dáil le tuairim an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, gur cheart aghaidh a thabhairt ar an gceist chun go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar na comharthaí.

“Tá an imní chéanna ormsa is atá ar an Teachta [Pa Daly] faoi seo. Caithfimid seo a neartú i gcomhthéacs na reachtaíochta atá á cur chun cinn againn agus na bhfreagrachtaí atá ar an rialtas trí chéile agus ar na hairí a bhfuil freagracht acu i leith cúrsaí iompair agus i leith cúrsaí tithíochta, oidhreachta agus rialtais áitiúil,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Tá Conradh na Gaeilge i mbun feachtasaíochta le fada faoi cheist na Gaeilge ar na comharthaí bóthair.

In 2013, le linn dó a bheith ina aire iompair d’ordaigh Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach chuir Paschal Donohoe, an té a tháinig i gcomharbacht air san aireacht iompair, an t-ordú sin ar ceal.

Thug Leo Varadkar le fios do Tuairisc.ie in 2017 go mbeadh ceist na Gaeilge agus na gcomharthaí ar an gclár oibre aige athuair mar Thaoiseach.

Le linn dó a bheith ina aire iompair, dhiúltaigh Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar na comharthaí bóthair.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rinne an NRA cás láidir i gcoinne mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearadh agus clófhoireann nua a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla.

Dúradh go raibh an leagan amach ar na comharthaí bóthair dátheangacha ann ó 1978 agus go raibh sé bunaithe ar thaighde náisiúnta, ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar “thuiscint phraiticiúil” ar ghréasán bóithre na hÉireann.

Ní bheadh, a maíodh, “an t-athrú sábháilte ná tarraingteach”.

Maíodh freisin gur fheil an cló Iodálach agus na mionlitreacha don Ghaeilge mar “is iondúil go mbíonn logainmneacha Gaeilge, ar an meán, 40% níos faide ná na leaganacha Béarla”.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas ar an Roinn Iompair ar aon taifid a bhaineann leis an taighde “náisiúnta” seo, ní raibh a leithéid ar fáil.

Ghéill an Roinn go raibh an cló a úsáidtear ar dhearadh na gcomharthaí bunaithe ar chóras a tháinig chun cinn thar thréimhse fhada de bhlianta seachas ar thaighde náisiúnta.

“Cé nach bhfuil aon tuarascálacha ar leith againn, d’eascair an cló Transport Font as taighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus glacadh leis an dearadh sin le húsáid ar na comharthaí bóthair i roinnt mhaith tíortha, Éire san áireamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne ag an am.

Tá an chlófhoireann Transport Font in úsáid don dá theanga oifigiúla in Éirinn le breis agus tríocha bliain.

Is i mBéarla amháin a bhíonn na comharthaí bóthair sa Ríocht Aontaithe agus níor cuireadh an chomharthaíocht dhátheangach san áireamh nuair a dearadh Transport Font.

Fág freagra ar 'Airí na Gaeltachta ag tacú le héileamh ar chomhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair'

  • Donncha Eile

    Ní cheart go mbeadh muid fós á éileamh seo agus níl aon bualadh bos ag dul do na hairí mar gheall go dtacaíonn siad le rud a cheart a bheith inghlactha.

  • Éamonn Ó Floinn

    Tá muid ag fanacht leis an gcur i gcéill seo le caoga bliain anuas, ach fós féin tá an NRA ina aghaidh ar chúiseanna seafóideacha. B’fhéidir go mbeidh an Ghaeilge ar comhchéim ar na comharthaí bóithre, ach ní bheidh maidir leis na rudaí tábhachtacha.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Maítear gur i gcló iodálach an Transport Font sa chás íochtair atá an leagan Gaeilge, ach deineadh praiseach de thoradh nach raibh ann nó as. Glanadh an ponc ón “i” agus méadaíodh an “a” (atá cruinn nó rabhnáilte sa chás íochtar iodálach) go cás uachtair, amhail aithris a dhéanamh ar an sean-chló Gaelach.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dea-scéala.
    Maith iad.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dea-scéala.
    Maith iad.

    Seo comhartha dá theangach ón Ríocht Aontaithe https://walktenthousandmiles.files.wordpress.com/2015/08/5drumnadrochit_bilingual_roadsign.jpg

  • Tash

    Bíonn comharthaí dátheangach ar fud an mór-roinn.
    Níl aon rud ait faoi. Níl aon rud contúirteach faoi.
    Na gnáth scéalta agus leithscéil ón NRA.

    https://en.efhr.eu/2014/05/29/bilingual-signboards-standard-european-union/

  • S. Mac Muirí

    Is maith an spéis 7 an beartú gníomhaíocht traschonláin a fheiceáil ar an ábhar bunúsach so, bunáite céad bliain i ndiaidh bhunú an dá stát.
    Ní fheadar cé a thiocfas ina ndiaidh an iarraidh seo le mísc a dhéanamh 7 le caca ar na huibheacha mar a rinne an bithiúnach Donahue cheana.