Maoiniú nua curtha ar fáil le daoine breise a earcú chun an tAcht Teanga a chur i bhfeidhm

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta maoiniú breise ag preasócáid inniu agus rinne sé cosaint ar an méid airgid a cuireadh ar fáil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2022

Maoiniú nua curtha ar fáil le daoine breise a earcú chun an tAcht Teanga a chur i bhfeidhm

Tá maoiniú nua á chur ar fáil sa Bhuiséad le daoine breise a earcú sa státchóras chun dlús a chur le feidhmiú an Bhille Teanga atá le hachtú roimh dheireadh na bliana.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil maoiniú breise €200,000 le cur ar fáil don Choimisinéir Teanga faoi Bhuiséad 2022.

Fógraíodh chomh maith €500,000 breise do Roinn na Gaeltachta féin. Tuigtear do Tuairisc.ie go mbainfear úsáid as cuid den mhaoiniú sin chun breis foirne a earcú san aonad in oifigí na Roinne sna Forbacha atá ag plé leis an Acht Teanga.

Agus é ag labhairt ag preasócáid faoin mbuiséad inniu, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh an t-airgead breise á fhógairt chun cabhrú leis an gCoimisinéir Teanga na dualgais bhreise a bheidh air nuair a achtófar an Bille Teanga nua a chomhlíonadh.

“Is féidir liom a fhógairt inniu go gcuirfear acmhainní breise ar fáil do mo Roinn féin agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga araon in 2022 chun an reachtaíocht nua seo a chur i bhfeidhm agus chun a chumasú don Choimisinéir a chuid córas monatóireachta a neartú.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go bhfáilteodh sé roimh aon ardú ar bhuiséad a oifige agus gur “tús a bheadh ann leis an infheistíocht riachtanach bhreise a bheidh ag teastáil go leanúnach chun monatóireacht a dhéanamh ar an acht leasaithe”.

Nuair a thiocfaidh an t-acht nua i bhfeidhm, beidh dualgas ar an gCoimisinéir Teanga monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla lena dheimhniú go mbeifear ag cloí leis an méid atá iontu i dtaobh na Gaeilge.

Go dtí seo, ní raibh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir fiosrúcháin a dhéanamh faoi achtanna eile ach sa chás go raibh gearán faighte ag a oifig.

Beidh ar an gCoimisinéir Teanga freisin an bhreis is 600 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur ar an eolas maidir leis na dualgais nua a bheidh orthu faoin acht nua.

I measc na ndualgas breise a bheidh ar chomhlachtaí poiblí, leagfar síos gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. Chomh maith leis sin, beidh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge agus beidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain.

Chomh maith leis sin, beidh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge agus beidh orthu a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine.

Dúirt an tAire Stáit Chambers inniu go bhfuil súil aige go gcuirfear tús le Céim an tSeanaid, an chéad chéim eile in aistear an bhille trí Thithe an Oireachtais, ag tús mhí na Samhna.

Rinne an tAire Stáit cosaint freisin ar an méid a cuireadh ar fáil d’earnáil na Gaeilge sa bhuiséad a fógraíodh inné agus dúirt gur méadú 9% a bhí ann ón méid a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2021.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur ábhar díomá dóibhsean an méadú beag a bhí tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, ach dúirt an tAire Stáit gur fhág an €1.5 milliún breise a chuirfí ar fáil don Údarás in 2022 go raibh méadú 60% ar an maoiniú a bhí ag an eagraíocht sin i gcomparáid le 2019.

“Tugadh méadú suntasach breise don Údarás i mbliana le dul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an phaindéim dá gcuid cliantchomhlachtaí,” a dúirt an tAire Stáit.

“Tá an t-allúntas méadaithe sin coinnithe ag an Údarás sa mBuiséad seo – rud a dhéanfaidh difríocht ollmhór don eagraíocht agus iad ag pleanáil do na blianta amach romhainn.”

Fág freagra ar 'Maoiniú nua curtha ar fáil le daoine breise a earcú chun an tAcht Teanga a chur i bhfeidhm'

  • Pádraic

    Deá-scéala don teanga. Munach Oifig an Choimisinéara, bheadh beag agus fiú déanta faoi mhuintir uile na Gaeltachta & cearta mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge. Treise libh ar fad.