Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus faoiseamh cánach do thuismitheoirí a chuireann gasúir go dtí an Ghaeltacht geallta ag Sinn Féin

Tá 15 de gheallúintí i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta san fhorógra toghcháin dátheangach a sheol Sinn Féin inniu

09/02/2016  Rose Conway Walsh, Gerry Adams , Mary Lou McDonald in Acadamh Ríoga na hÉireann ag seoladh fhorógra an pháirtí. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Rose Conway Walsh, Gerry Adams , Mary Lou McDonald in Acadamh Ríoga na hÉireann ag seoladh fhorógra an pháirtí inniu. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá geallta ag Sinn Féin ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís Aire Sinsearach a bheadh freagrach as gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go dtabharfaidís faoiseamh airgid do thuismitheoirí a chuireann scoláirí chuig coláistí samhraidh.

Gealltar san fhorógra freisin go gcuirfí ciste €2 milliún ar bun le lárionaid Ghaeilge a thógáil ar fud an stáit agus go gcuirfí ar bun an athuair na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta.

Chuirfí, a ghealltar, cúntóir teanga ar fáil d’iarbhunscoileanna an stáit.

D’eisigh Sinn Féin forógra toghcháin dátheangach inniu, an chéad pháirtí lena leithéid a dhéanamh go dtí seo, a bhfuil 15 geallúint tugtha ann i dtaobh na Gaeilge.

Deir an páirtí go gcuirfidís i bhfeidhm an plean infheistíochta a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge anuraidh. Chuirfidís maoiniú caipitil breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus bhunóidís comhchoiste Oireachtais buan chun féachaint i ndiaidh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Gealltar san fhorógra go gcuirfí maoiniú breise ar fáil do scéimeanna teanga i measc an phobail. Chabhrófaí le CLG forbairt a dhéanamh ar an scéim ‘Líofa’ chun breis daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus chuirfí tacaíocht ar fáil chomh maith do dhreamanna a bheadh ag iarraidh stáisiúin raidió phobail lán-Ghaeilge a bhunú.

Tá trí gheallúint san fhorógra a bhaineann le cúrsaí oideachais. Chomh maith leis an gcúntóir teanga a ghealltar do gach iar-bhunscoil sa stát, deirtear go ndéanfaí a chinntiú go mbeidh a dhóthain acmhainní ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta lena chúram a dhéanamh téacsleabhair agus acmhainní scoile a fhorbairt .

Tá geallta freisin ag an bpáirtí go gcuirfí  creidmheas cánach arbh fhiú €190 é ar fáil do thuismitheoirí a chuirfeadh a ngasúir ar chúrsa Gaeltachta.  Sa chás nach mbeadh na tuismitheoirí ag obair, d’íocfaí 20% den chostas ar tháillí suas go €950.

Tá scéal na gcomharthaí bóithre luaite san fhorógra freisin agus tacaíocht geallta don leasú ar an mBille um Thrácht Bóithre a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim ar chomharthaí bóithre, mar a mhol Conradh na Gaeilge tamall de bhlianta ó shin.

Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin in a bhforógra ar an “dochar mór” atá déanta ag páirtithe an rialtais don Ghaeilge “mar theanga bheo”. Cuirtear “easpa maoirseachta, ceannaireachta agus tacaíochta” i leith an Rialtais maidir lena bpolasaithe agus a “gcur chuige naimhdeach” i leith na teanga.

Tagraítear freisin don Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d’éirigh as l mar gheall ar a laghad tacaíochta a tugadh dá oifig agus don scéala gur úsáideadh Google Translate le Gaeilge a chur ar shuíomh gréasáin oifigiúil Chomóradh 1916.

Luaitear freisin na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséid an Údaráis agus an Fhorais chomh maith le “teip” na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an maolú atá i bhfeidhm fós ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Fág freagra ar 'Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus faoiseamh cánach do thuismitheoirí a chuireann gasúir go dtí an Ghaeltacht geallta ag Sinn Féin'

  • Darragh Ua Caoimh

    An bhfuil sé ar intinn ag Sinn Féin an Stráitéis 20 Bliain a chaitheamh i dtraipisí?Ceapaim gur chuala a leithéid de mholadh á dhéanamh ag Trevor Ó Clochartaigh ar “Cormac@5” tamall ó shoin.

  • Colmán

    Tús maith. Ach tá a thuilleadh Gaelscoileanna de dhíth fosta!

  • Glór í Eo

    Anois is beag dua ar aon Gaeilgeoir an rogha a dhéanamh sa toghachán. Caithfimid an seans a thabhairt do Shinn Féin. Bheadh Trevor ina Aire iontach. Tapaímis an deis!