Aird na gcúigí ar an Eoraip arís

Ní bheidh aon easpa rugbaí orainn idir seo agus an samhradh

Aird na gcúigí ar an Eoraip arís

Imreoirí Chúige Mumhan. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Cé go bhfuil deireadh le comórtais na Sé Náisiún agus an Pro 14 ní fhágann sin go mbeidh aon easpa rugbaí orainn idir seo agus an samhradh. Tá na comórtais Eorpacha ar ais an deireadh seachtaine seo ach tá athruithe ar struchtúr an dá chomórtas atá giorraithe go mór de bharr Covid.

Táthar ag dul caol díreach go dtí Babhta 16 de na réamhbhabhtaí agus níl ach sé fhoireann déag as an gceithre fhoireann fichead a thosaigh an comórtas sinsearach fágtha. Cuireadh chuile bhabhta eile ar ceal de bharr Covid. Tá Cúigí Laighean agus na Mumhan, foirne a bhuaigh i mBabhtaí 1 agus 2 fós san iomaíocht. Tugadh cead ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais do Chúige Laighean agus an cluiche in aghaidh Toulon curtha ar ceal aréir de bharr cás Covid-19 i scuad na bhFrancach. Tá Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh, a chaill cluichí Bhabhtaí 1 agus 2, imithe chuig an gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin.

Beidh buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh, foireann a bhuaigh an comórtas seo faoi dhó (in 2006 agus in 2008) inniu agus iadsan ag cur fáilte roimh Toulouse, a bhí ina gcuraidh ceithre bhabhta (1996, 2003, 2005 agus 2010).

Is iad Toulouse atá ar bharr an Top 14 faoi láthair agus is cinnte go dtiocfaidh siad go Luimneach agus iad lán de mhuinín. Tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh más leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Ní féidir Cúige Mumhan a chur as an áireamh ariamh ach tá imní bheag ormsa faoin gcluiche seo.

As baile a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh ag imirt i gCorn an Dúshláin. Inniu beidh foireann na Gaillimhe ag tabhairt faoi na Leicester Tigers in Welford Road. Ní bheidh tada éasca ag baint le dúshlán na gConnachtach agus iad ag tabhairt faoi fhoireann atá san ochtú háit ar thábla an Premiership agus gan Bundee Aki acu de bharr é a bheith ar fionraí ón gcluiche úd i gcoinne Shasana. Tá ochtó nóiméad uafásach crua roimh fhoireann Andy Friend.

Amárach, Dé Domhnaigh, sa Stoop a bheas na hUltaigh ag tabhairt faoi Harlequins, foireann atá sa gceathrú háit ar thábla an Premiership. Déarfá gur cheart go mbeadh na hUltaigh sách láidir chun an lámh in uachtar a fháil sa gcoimhlint seo, ach tá siad ag imirt as baile i gcoinne foireann a bhfuil Jerry Flannery na Mumhan agus na hÉireann ina chóitseálaí acu ar an síneadh amach. Is cinnte go mbeidh léargas maith aigesean ar chur chuige na nUltach. Mar sin féin beidh iontas ormsa má theipeann ar fhoireann Bhéal Feirste. Cuimhnígí nach bhfuil an dara seans ag na foirne seo.

Fág freagra ar 'Aird na gcúigí ar an Eoraip arís'