Thug ceannaire Aontú Peadar Tóibín le fios in óráid a thug sé le linn chomóradh a pháirtí ar Éirí Amach 1916 go molfaidh a pháirtí bille go luath a cheadódh vótáil i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh atá ina gcónaí sa Tuaisceart.
Níl foclaíocht an bhille foilsithe fós ach dúirt ceannaire Aontú le Tuairisc gur shíl sé go dtógfadh sé thart ar mhí chun bille le haghaidh ‘an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cearta Vótála i dToghcháin Uachtaráin) 2025’ a chur ar chlár na Dála.
Níl seans dá laghad ann ar ndóigh go reáchtálfar reifreann mar a mholfaidh an bille go luath.
Bhí gealltanas go vótálfaí ar leasú a thabharfadh ceart vótála i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh Éireannacha ar fud an domhain sa chlár rialtais a d’fhoilsigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas in 2020. Níor comhlíonadh an gealltanas agus níl trácht ar bith ar reifreann ar chearta vótála a leathnú ar dhóigh ar bith sa chlár rialtais reatha.
Dúirt an t-aire stáit Neale Richmond le Virgin Media Dé Céadaoin go raibh reáchtáil reifrinn ar chearta vótála “á breithniú go leanúnach” ag an rialtas. Aistriúchán: níl reifreann beartaithe in aon chor faoi láthair, ná go ceann i bhfad b’fhéidir.
Bhí caint an aire níos soiléire nuair a d’admhaigh sé go raibh baint nach beag ag drogall an rialtais le torthaí na reifreann anuraidh inar diúltaíodh go láidir do dhá leasú ar an mBunreacht a mhol an rialtas. Is léir faoin am seo neamhthoil Fhianna Fáil agus Fhine Gael ó gheall siad reifreann ar chearta vótála cúig bliana ó shin.
Rinne feisire parlaiminte aontachtach an Dúin Thuaidh Alex Easton cáineadh gránna ar leathnú chearta vótála nuair a mhol sé do dhaoine a raibh fonn orthu vótáil i dtoghcháin uachtaránachta aistriú thar teorainn chun cónaí sa Phoblacht. Bheadh cur i bhfeidhm cearta vótála ag teacht salach, dar leis, ar fhlaitheas na Ríochta Aontaithe.
Is ar éigean a cheil Easton a dhearcadh seicteach ar ábhar polaitiúil agus é ag moladh do mhuintir an Tuaiscirt cónaí thar teorainn dá dteastódh vóta i dtoghchán uachtaránachta uathu.
Léirigh sé neamhaird freisin ar abairtí tábhachtacha i gComhaontú Aoine an Chéasa. Ina measc, abairt sa leasú ar an mBunreacht a mhol an rialtas agus ar vótáladh ina fhabhar sa Phoblacht, a deir:
‘Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann.’
Is tábhachtaí an neamhaird a léirigh na páirtithe a bhí i mbun rialtais ar leathnú chearta vótála ó dúirt Enda Kenny mar Thaoiseach in 2013 go raibh sé ina fhabhar.
Mhol coinbhinsiún ar an mBunreacht an bhliain sin go dtairgfí vóta i dtoghcháin uachtaránachta ní hamháin do shaoránaigh sa Tuaisceart ach do gach saoránach Éireannach ar domhan (ar a n-áirítear daoine a rugadh in Éirinn, a bpáistí agus a ngarpháistí).
Tá tacaíocht tugtha ag na príomhpháirithe go léir i dTeach Laighean do leasú dá leithéid ar an mBunreacht ach níl oiread agus céim tugtha lena chur faoi bhráid na vótálaithe. Ní heol don scríbhneoir seo gur thug urlabhraí ar bith ó pháirtí a bhí nó atá i mbun rialtais ó 2013 míniú inchreidte ar bith ar a neamhthoil.
“Bhí sé geallta ag an rialtas ach níor tháinig sé. Bhí sé geallta ag an Citizens Assembly ach níor tháinig sé agus tá toghchán an Uachtaráin ag druidim inár dtreo go tapaidh,” a dúirt Peadar Tóibín le Tuairisc.
B’fhéidir gur scaoil Simon Coveney cat amach as mála áfach nuair a dúirt sé anuraidh go raibh faitíos ar pholaiteoirí áirithe dá leathnófaí cearta vótála go dtoghfaí iarrthóir ó Shinn Féin mar uachtarán. Níor aontaigh sé, a dúirt sé, le dearcadh a bhunaigh siad ar a leas páirtí polaitiúil féin.
“Breathnaíonn go leor daoine i dTuaisceart Éireann orthu féin mar Éireannaigh cosúil liomsa,” a dúirt an t-iarThánaiste le scoil samhraidh an Chinnéidigh.
Tá dúshlán na bpáirtithe eile á thabhairt ag Aontú toisc nach athrú mór chun vóta uachtaránachta a thabhairt do gach saoránach atá molta ag an bpáirtí ach athrú beag. Ní mian leis an rialtas idirdhealú a dhéanamh idir saoránaigh, ach d’fhéadfaí glacadh le moladh Aontú mar chéad chéim. Cé nach nglacfar.
Gan dabht ní bhainfeadh ach tábhacht shiombalach le vóta don uachtarán a thairgfí do náisiúnaithe an Tuaiscirt. Tuigfidh duine ar bith áfach a phléigh an scéal leo go mbreathnaíonn a bhformhór ar an uachtarán mar a bhreathnaíonn aontachtaithe ar rí Shasana: siombail aontais agus tírghrá agus glór an náisiúin uaireanta.
Léireodh tacaíocht do bhille Aontú toil chun gníomh beag tábhachtach a dhéanamh a bheadh ag teacht go hiomlán leis an gcomh-urraim a gheall Comhaontú Aoine an Chéasta.
Léireodh sé freisin gur fearr go minic caint mhór agus gníomh beag ná caint mhór gan gníomh ar bith.
Fág freagra ar 'Aird le tarraingt ar leathnú ar chearta vótála nár chomhlíon an rialtas fós'