Aip uilechumhachtach a aimseoidh leannán dúinn amach anseo agus beimid níos fearr as dá bharr…

Sin é a scríobhann Marcelino Lopez, gúrú grá as an Ísiltír, agus dlúthchara lenár gcolúnaí, sa leabhar is nua uaidh

Aip uilechumhachtach a aimseoidh leannán dúinn amach anseo agus beimid níos fearr as dá bharr…

Tháinig duine de na comharsana chun cainte liom an lá faoi dheireadh, fear óg a bhfuil aithne fhánach agam air ón ionad aclaíochta.

‘Cogar, Alex,’ a dúirt sé. ‘Níl a fhios agam cén chaoi a gcuirfidh mé seo, ach tá cara agam a bhfuil cónaí air anseo timpeall freisin agus nach stopann ach ag caint ort. D’iarr sé orm a fháil amach an bhfuil Facebook agat.’

Thuig mé láithreach go raibh sé i gceist ag cara mo chomharsan staidéar a dhéanamh ar mo shaol digiteach, féachaint an bhfeilfimis dá chéile. Ar an bpointe boise, chuimhnigh mé ar thairngreacht a rinne dlúthchara de mo chuid as an Ísiltír faoi chúrsaí cleamhnais sa todhchaí.

Síceolaí agus scríbhneoir é Marcelino Lopez. Chaith sé na blianta ag obair mar theiripeoir caidrimh, bhunaigh sé ceann de na suíomhanna cleamhnais is mó a bhfuil rath orthu san Ísiltír agus bíonn sé de shíor ar an teilifís ag cur comhairle ar lánúineacha i dtrioblóid. Gúrú grá é.

Sa leabhar is déanaí uaidh, Liefdesgedoe (‘Útamáil an ghrá’), scríobhann Lopez gur aip uilechumhachtach a lorgóidh leanná(i)n dúinn amach anseo agus – seans – gurbh fhearr mar sin é.

‘Mar shíceolaí, tá a fhios agam go rímhaith go bhfuil an-chumas sa duine an dallamullóg a chur air féin. D’fhéadfadh aip cúnamh a thabhairt dúinn gan é sin a dhéanamh amach anseo, dá mbeadh teacht aici ar a dóthain eolais.’

Samhlaíonn Lopez go mbeidh aip ar fáil as seo go ceann roinnt blianta a bhaileoidh ár sonraí leighis, sonraí faoin úsáid a bhainimid as an idirlíon, agus sonraí bunaithe ar ár ngothaí gnúise inár gcuid féiníní. Bunaithe ar an eolas sin, tabharfaidh an aip sin léargas dúinn, ó nóiméad go nóiméad, ar ár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach. Beidh an t-eolas pearsanta sin ceangailte le heolas gach duine eile ar domhan i mbunachar sonraí ollmhór, agus tabharfaidh algartam uilechumhachtach rabhadh dúinn nuair a bheimid ar tí droch-chinnneadh a dhéanamh. Cuirfidh guth taitneamhach ríomhaire (ceann a oirfidh dúinne go pearsanta, dar leis an aip) cogar inár gcluas.

‘Gabh i leith, taispeánann an anailís is déanaí ar do chuid fola gurbh fhearr duit é a thógáil go réidh. B’fhearr duit gan dul chuig an gcóisir sin a fheicim i d’fhéilire. Tá chuile chosúlacht ar an scéal go bhfuil tú ar tí slaghdán a tholgadh.’

‘Dá mbeinn i d’ionadsa, ní bhreathnóinn ar an scannán sin atá díreach íoslódáilte agat. Chuir sé isteach cheana ar chodladh daoine a bhfuil an phróifíl shíceolaíoch chéanna acu agus atá agat féin. I bhfianaise staid reatha do chuid mothúchán, b’fhearr duit scannán grinn a roghnú.’

‘Cogar, feicim go bhfuil tú iontach meallta ag Janet agus go bhfuil tú ag iarraidh deireadh a chur le do chaidreamh le Lisa. Seo é mo thuar: níl seans dá laghad go n-éireoidh le caidreamh idir tú féin agus Janet – 7 faoin gcéad, le bheith cruinn. I bhfianaise do staire féin i gcúrsaí grá, caillfidh tú suim inti tar éis cúig bhabhta leathair agus mothóidh tú uait an dlúthcheangal anama atá agat le Lisa. Dá mbeinn i d’ionadsa, ní bhrisfinn suas le Lisa ar mhaithe le Janet: tá seans 94 faoin gcéad ann go mbeidh aiféala ort faoi sin amach anseo. Seo thíos an tuarascáil iomlán.’

Dar le mo dhlúthchara Lopez, an gúrú grá, sin mar a bheidh an todhchaí againn.

Ach níl mise sásta géilleadh don todhchaí go fóill.

‘Níl Facebook agam ó bhí 2011 ann,’ a dúirt mé leis an gcomharsa sin a bhuail bleid orm an lá cheana, ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh idir mé féin agus an cara sin aige ar theastaigh uaidh staidéar féidearthachta a dhéanamh orm go digiteach. 

‘Abair le do chara teacht chun cainte liom san fhíorshaol!’

Níor tháinig fós.

Fág freagra ar 'Aip uilechumhachtach a aimseoidh leannán dúinn amach anseo agus beimid níos fearr as dá bharr…'