Aip nua seolta chun Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile

Tabharfaidh GaelGoer le fios duit go bhfuil Gaeilgeoir eile sa chóngar ar féidir teagmháil a dhéanamh leis trí chóras teachtaireachta na haipe

Aip nua seolta chun Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile

Tá aip nua seolta chun Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile.

Seoladh GaelGoer i mBaile Átha Cliath inniu agus deir lucht a déanta gur cuireadh tús leis an taighde don aip dhá bhliain ó shin.

Agus í i mbun taighde faoi úsáid na Gaeilge, fuair Noreen Breen, duine de bhunaitheoirí GaelGoer, amach gur labhair nach mór ceathrar Gaeilge gach lá le hoibrithe siopa a raibh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge liom’ á chaitheamh acu.

Leanadh leis an taighde agus faoin am go raibh sé críochnaithe ní raibh aon amhras ar Noreen Breen ach go mbeadh an-éileamh ar aip a chuirfeadh cainteoirí Gaeilge in aithne dá chéile agus a thabharfadh deis dóibh an teanga a labhairt.

DataDyne, comhlacht comhairleoireachta teicneolaíochta, a rinne an aip a bhfuil trí mhórghné uirthi.

An chéad ghné den aip ná ‘Lámh Suas’ a thugann le fios duit go bhfuil úsáideoir eile sa chóngar ar féidir teagmháil a dhéanamh leis trí chóras teachtaireachta na haipe.

Tugann ‘Anseo’ le fios duit má tá oibrí i láthair i siopa nó ionad gnó eile atá sásta Gaeilge a labhairt le custaiméirí.

Bíonn eolas ar fáil ar ‘Imeachtaí’ faoi ócáidí teanga.

Baineann Gaelgoer úsáid as teicneolaíocht an gheofhálaithe nó geo-fencing agus is féidir í a úsáid in Éirinn agus thar lear.

Is féidir an chéad leagan den aip a íoslódáil anois agus táthar ag iarraidh ar oibrithe atá sásta Gaeilge a labhairt le custaiméirí clárú le ‘Anseo’. Is féidir le daoine a íoslódálann an aip ócáidí Gaeilge a chlárú ar ‘Imeachtaí’.

Dúirt Noreen Breen, duine de bhunaitheoirí GaelGoer gur baineadh siar aisti nuair a chruthaigh a cuid taighde go raibh deiseanna go leor Gaeilge a labhairt á gcailliúint gach lá aici mar nach raibh bealach ann le haithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile.

“Tá muid ar bís le fáilte a chur roimh mhórphobal labhartha na Gaeilge chuig an ardán seo,” a deir sí.

Dúirt Luke Middleton ó DataDyne, a chruthaigh GaelGoer, go gcabhródh na aip nua leis féin agus le foghlaimeoirí eile. “Tá mé ag iarraidh cur le mo chumas as Gaeilge trí gach uile dheis a thapú lena labhairt,” arsa Luke Middleton.

Fág freagra ar 'Aip nua seolta chun Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile'

  • Brendan Keane

    D’fhéadfadh réabhlóid a bheith ann maidir le úsáid na Gaeilge i gciorcail cainte ar-líne má curtha chun chinn i measc tuilleadh daoine, go háirithe le cainteoirí dúchasacha. D’fhéadfadh an aip seo cabhrú le daoine a tionól sa domhan fíorúil agus go pearsanta agus déanfadh araon ar siúil in aisce ar fáil.

  • robert campbell

    Tá mé ag foghlaim agus ba mhaith liom bualadh le daoine eile ar an idirlín.

  • galt

    ní fhaca mé an t-aip fós ar Googleplay an AppleStore. Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil go luath.

  • Fionnuala

    A chairde

    An raibh sibh in ann an Aip a íoslódáil ar Google play? Ní raibh mise in ann é a aimsiú.
    grma
    Fionnuala

  • Brian Ó Deasúnaigh

    Ba mhaith liom bualadh le daoine i mo cheantar ar mhaithe le mo chuid ghaoluinne a fheabhsú agus cur chun cinn na teangan .

  • Máire Ní Ghabháin

    Ní fheicim an aip sa Play Store go fóill.

  • Shane

    Smaoineamh maith – ach cá bhfuil sé?

  • Simon

    Bhí mé i dteagmháil le duine ó fhoireann Gaelgoer. Dúradh liom go bhfuil moill ar an aip, ach go mbeidh sí ar fáil i gceann cúpla lá.

  • Aodán Mac Séafraidh

    Cha dtig liom theacht air, níl sé le feiceáil ar Google Play