Ainmneacha Gaeilge sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí

50 bliain ó shin ní raibh aon ainm Gaeilge i measc an chéad 20 ainm buachalla ba choitianta a cláraíodh

Ainmneacha Gaeilge sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí

Ainmneacha Gaeilge ab ea sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh in Éirinn anuraidh.

Is mór an t-athrú sin ó 50 bliain roimhe sin i 1974 nuair nach raibh aon ainm Gaeilge i measc an chéad 20 ainm buachalla ba choitianta a cláraíodh.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí Rían, Cillian, Tadhg, Fionn, Liam agus Oisín i measc na ndeich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh in 2023.

Is iad Jack, a bhí sa chéad áit ar liosta na mbuachaillí don ochtú bliain as a chéile, Noah agus Rían na trí ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí anuraidh.

Bhí 19 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta do bhuachaillí in 2024, an líon céanna le anuraidh.

Maidir le líon na bpáistí ar tugadh na hainmneacha éagsúla orthu in 2024, ainmneacha Gaeilge ab ea trí cinn de na cúig ainm is mó a tháinig chun cinn. Sa chéad áit ar an liosta sin, bhí Rían. 339 Rían a bhí ann in 2023 i gcomparáid le 432 Rían anuraidh. 275 Cillian a bhí ann in 2023 i gcomparáid le 352 anuraidh. Sa tríú háit bhí Páidí. 150 Páidí a bhí ann in 2023 i gcomparáid le 201 Páidí in 2024.

Bhí Páidí ar an 22ú áit ar an liosta de na hainmneacha is coitianta anuraidh i gcomparáid leis an 34ú háit in 2023 agus an 58ú háit in 2022. Chomh maith leis sin bhí Páidí ar an ainm ba mhó tóir ar fad i Sligeach agus Muineachán.

Bhí Cillian ar an ainm ba mhó tóir i gCiarraí agus i gcontae na Mí.

Maidir leis na hainmneacha is coitianta a tugadh ar chailíní anuraidh ní raibh ach dhá ainm Gaeilge i measc na ndeich n-ainm ba choitianta, Éabha, a bhí sa dara háit taobh thiar de Sophie, agus Fiadh, a bhí sa chúigiú háit. Mar sin, léim Éabha a bhí san ochtú háit in 2023 thar Fiadh a bhí sa dara háit an bhliain sin.

Ar na hainmneacha Gaeilge eile a bhí ar liosta den 100 ainm ba choitianta a tugadh ar chailíní anuraidh bhí Croía a bhí sa 16ú háit, Saoirse a bhí sa 24ú háit agus Caoimhe a bhí sa 31ú háit.

Bhí Laoise sa tríú háit ar an liosta de na hainmneacha is mó a rinne dul chun cinn anuraidh. Tugadh Laoise ar 123 cailín anuraidh, i gcomparáid le 87 in 2023.

I 1974 bhí trí ainm Gaeilge i measc an chéad 20 ainm cailíní ba choitianta a cláraíodh – Sinead, Deirdre agus Fiona, agus iad go léir gan síneadh fada.

Tugadh 9,582 ainm ar leith ar na buachaillí agus cailíní a rugadh in 2024, de réir an eolais ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Murphy an sloinne ba choitianta ar na páistí sin.

Ainmneacha Buachaillí
Ainm Áit ar Liosta 2024 Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in
Rían 3 432
Cillian 4 352
Tadhg 6 318
Fionn 7 304
Liam 8 303
Oisín 9 286
Seán 16 222
Páidí 22 201
Darragh 26 184
Oscar 32 159
Cian 33 158
Donncha 65 88
Daithí 80 76
Odhrán 81 73
Tomás 81 73
Cathal 88 63
Dáithí 94 60
Ruairí 98 57
Iarlaith 99 56
Dáire 102 55
Eoin 105 52
Ainmneacha Cailíní
Ainm Áit ar Liosta 2024 Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in
Éabha 2 293
Fiadh 5 286
Croía 16 188
Saoirse 24 164
Caoimhe 31 132
Róisín 33 126
Sadhbh 38 117
Éala 40 114
Clodagh 42 109
Aoife 45 107
Méabh 50 104
Fíadh 56 93
Ailbhe 65 83
Aoibhín 75 67
Niamh 94 51

Fág freagra ar 'Ainmneacha Gaeilge sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí'

  • Carraig

    Kaitlan/Kaitlin/Katlyn a fheicim coitianta anois seachas an ainm bhreá sin Caitlín!
    Roinnt mhaith de na hainmneacha a mbíonn síneadh fada iontu fágtar ar lár iad sa chló: Seán/Sean srl.
    Nó déantar claochlú iomlán orthu: Shawn!
    Bheadh trua ceart agat don bhfear a bhfuil Séadna mar ainm air!