‘Aineolach’ a rá nach dtuigeann daoine óga cad atá ar siúl acu i bhfeachtas an Achta Ghaeilge

Deir Doug Beattie ón UUP go bhfuil ‘seilbh’ glactha ag Sinn Féin ar an bhfeachtas ar son an Achta Ghaeilge agus nár léir go dtuigeann feachtasóirí óga an méid sin

‘Aineolach’ a rá nach dtuigeann daoine óga cad atá ar siúl acu i bhfeachtas an Achta Ghaeilge

Tá spior spear déanta ag lucht an fheachtais ar son Acht Gaeilge ó thuaidh de líomhaintí a rinne polaiteoir aontachtach go bhfuil leanaí óga ag glacadh páirt sa bhfeachtas agus “gan fios acu” cad é atá á chur chun cinn acu.

Bhuail ionadaithe ón bhfeachtas ar son Acht Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt an tseachtain seo caite agus tá ag géarú ar ionsaithe ó pholaiteoirí aontachtacha ó shin.

Ba é an ball tionóil de chuid an UUP Doug Beattie a tharraing aird ar cheann de na gnéithe is suntasaí den fheachtas ar son na reachtaíochta teanga, a óige agus a bhríomhaire is atá cuid mhór de na daoine atá páirteach ann.

“Níl aon amhras orm ach gur feachtas macánta agus cothrom é an feachtas ar son Acht Gaeilge, ach ní mó ná sásta a bhíonn mé nuair a fheicim ár ndaoine óga –todhchaí ár dtíre – seasta le fógraí acu a deir ‘Revolution is the Solution’, agus iad, ag an am céanna, ag cur páirtí polaitiúil chun chinn, ar dhócha nach bhfuil aon chur amach acu air,”

“Mar shochaí ba chóir go mbeadh ‘Democracy is the Solution’ á chur chun cinn mar theachtaireacht againn agus níor cheart go bhfeicfí go deo arís ar ár sráideanna an cineál reabhlóide a chuir Sinn Féin chun tosaigh agus a ndéanann siad cosaint uirthi fiú sa lá atá inniu ann,” arsa an MLA don Bhanna Uachtair, Doug Beattie.

Ag labhairt dó faoi mhaíomh Beattie go raibh “seilbh” glactha ag Sinn Féin ar an bhfeachtas ar son an Achta Ghaeilge chun “forlámhas cultúrtha” a chur chun tosaigh, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn “go raibh formhór na bpáirtithe, agus móramh na bpolaiteoirí” ar son an Achta.

Maidir le ról lárnach an dreama óig sa bhfeachtas ar son na reachtaíochta cosanta don Ghaeilge, dúirt de Spáinn go mbaineann cearta daonna le cách agus gur rímhaith a thuigeann an “an pobal, na daoine óga agus a dtuismitheoirí” gur “cearta dóibh féin amach anseo” atá á n-éileamh acu.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha gur léirigh caint Beattie “a chuid aineolais” faoi chuspóirí an fheachtais agus na daoine atá páirteach ann.

Fág freagra ar '‘Aineolach’ a rá nach dtuigeann daoine óga cad atá ar siúl acu i bhfeachtas an Achta Ghaeilge'