Ainchreidmheach atá ionam féin ach ní hé an Pápa ná easpag nua na Gaillimhe is measa…

Go raibh rath agus séan ar an Easpag Ó Ceallaigh, a deir ár gcolúnaí cé gur túisce a chumfadh sé a phaidir féin

Ainchreidmheach atá ionam féin ach ní hé an Pápa ná easpag nua na Gaillimhe is measa…

Is maith liom gurb é Breandán Ó Ceallaigh a ceapadh ina easpag ar Dheoise na Gaillimhe. Fear fiúntach, suáilceach é agus Gaeilgeoir breá. Sin é an tógáil a fuair sé ar ndóigh ar Eachréidh na Gaillimhe.

Ní raibh aon aithne agam ar a mháthair ach chuir mé beagán aithne ar a athair, Seán Ó Ceallaigh. Fear breá a bhí ansiúd freisin.

Múinteoir scoile a bhí ann. Ba é a bhí ina phríomhoide sa mbunscoil i gCreachmhaoil ar feadh blianta ach roimhe sin chaith sé tréimhsí ag múineadh i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe agus ar an Oileán Iarthach amach ó Ros Muc.

Bhí ardmheas aige ar fhilíocht Raiftearaí agus ar fhilíocht na gcéilí comhraic filíochta a bhí ag Raiftearaí, na Callanáin. Rinne sé tráchtas MA ar Mharcas agus ar Pheatsaí Ó Callanáin agus sa mbliain 1967 foilsíodh a leabhar Filíocht na gCallanán.

Ba é a bhí flaithiúil ag roinnt a chuid eolais. Is cuimhin liom go ndeachaigh mé soir chuige uair amháin agus go ndearna mé agallamh leis le linn dom a bheith ag réiteach sraith cláracha do Raidió na Gaeltachta faoi fhilíocht Raiftearaí.

Ba mhaith a thuig sé nárbh é Raiftearaí a chum an dán sin ‘Mise Raiftearaí an File’ a leagtar air go minic. Duine eile a chuir na focail ina bhéal.

Bhí léargas spéisiúil eile ag an gCeallach freisin: dúirt sé liom nár dhóigh leis gur ‘súile gan solas’, mar atá ráite sa dán bréige, a bhí i Raiftearaí ar chor ar bith. ‘Raiftearaí caoch’ a thugtaí thoir air.

D’fhéadfadh duine a bheith caoch ach níorbh ionann sin agus a rá nach mbeadh spré amhairc aige.

Ainchreidmheach atá ionam féin nach dtaobhaíonn aifreann ná cré ach tá meas agam ar chuid den chléir mar sin féin, leithéidí an Athar Pádraig Standún, Peter Mc Verry, Frainc Mac Brádaigh agus mná rialta mar an tSiúr Stanislaus agus duine acu siúd a chuir beagán meánoideachais orm i Meánscoil Sheosaimh i gCarna fadó, an tSiúr Pius.

Ó thaobh na n-easpag de sílim gur fear fiúntach é an tEaspag Kirby agus de réir mar a léim agus a chloisim ní hé an tEaspag Diarmuid Martin is measa.

Ní hé an Pápa is measa ach oiread leo. Ar a laghad ar bith tuigeann sé go bhfuil uasalaicmí agus ísealaicmí sa domhan. Ar thaobh na mbocht atá seisean, chomh fada agus is léir dom.

Togha fir a bhí freisin in Éamon Ó Cathasaigh, a bhí ina easpag i nGaillimh tráth. Is iomaí lánúin ar shocraigh sé dídean dóibh nuair a bhí sé ag obair ar chúrsaí tithíochta i Londain fadó.

Ní raibh leisce ar bith air labhairt faoi dhrochobair na Meiriceánach i Meiriceá Theas. Bhí baint mhór aige leis an eagraíocht Trócaire. Go deimhin ba é a toghadh ina chathaoirleach ar an eagraíocht nuair a bunaíodh í i 1973.

Is cuimhin liom go raibh sagart paróiste in éineacht linn ar chuairt go Cúba uair amháin. Fear ceart go leor a bhí ann ach bhí sé go mór ar an eite dheis. Thug sé faoi deara mise ag léamh leabhair dar teideal Under The Eagle

Cuntas a bhí inti ar dhaoine i Meiriceá Theas a bhí ag fulaingt faoi impiriúlachas rialtas na Stát Aontaithe.

‘Ní thabharfainn aird ró-mhór ar an leabhar sin,’ a dúirt sé.

‘B’fhéidir é,’ arsa mise, ‘ach tabhair faoi deara go bhfuil sé ráite anseo ar an leathanach cúil gur thug Trócaire cúnamh lena foilsiú.’

‘Bíonn amhras mór orm faoin eagraíocht sin freisin,’ ar seisean go tur.

Ba é Breandán Ó Ceallaigh a thug an tseanmóir an lá ar cuireadh Éamon Ó Cathasaigh.

Dá mbeadh an Cathasach beo aimsir Naomh Peadar, nó le linn do Naomh Pádraig a bheith in Éirinn, seans maith go mbeadh sé pósta.

Ní fhéadfaí an peaca eile siúd a chaitheamh ina bhéal an uair sin – más peaca a bhí ann.

Ach fillfidh mé ar easpag nua na Gaillimhe.

Lá amháin chuir cara liom atá ina cónaí i Maigh Eo iarratas práinneach chugam. Cara léi a bhí le dhul faoi chuing an phósta agus theastaigh paidir i nGaeilge uaithi a d’fheilfeadh don searmanas.

Ransaigh mé leabhair chráifeacha atá sa teach agus thug mé sciuird tríd an mBíobla. Ní raibh aon mhaith déanta, mar a déarfadh Máirtín Tom Sheáinín.

Ba é Breandán Ó Ceallaigh a bhí ina shagart paróiste sa Spidéal ag an am.

Ghlaoigh mé air.

‘Níl aon phaidir fheiliúnach agamsa dhuit, a Joe,’ ar seisean, ‘ach féach anseo, cén fáth nach gcumann tú féin paidir, nach ndéanfadh sin cúis chomh maith céanna?’

Thosaigh focail a bhainfeadh leis an lánúineachas ag snámh trí m’intinn –grá, dílseacht, foighid, sliocht sleachta agus mar sin de.

Bhí mo chara an-sásta leis an bpaidir nuair a chuir mé chuici í.

‘Go hálainn ar fad a bhí sí,’ a dúirt an bhean a phós.

Tá súil agam go mbeidh rath agus séan ar an Easpag Ó Ceallaigh an fhad a bheas an bachall ina lámh aige, agus ar feadh blianta fada tar éis dó é a leagan uaidh go hoifigiúil.

Fág freagra ar 'Ainchreidmheach atá ionam féin ach ní hé an Pápa ná easpag nua na Gaillimhe is measa…'

  • bart

    Ainchreidmheach is ea me fein freisin buiochas le Dia.

  • Seán de Paor

    Ní ghéillimse in aon Dia mar is Dia beag agam féin mé féin.