CATHAL MAC COILLE: Aighneas trasteorann cois Laoi idir dhá údarás áitiúil

An moladh go n-aistreofaí bruachbhailte Chorcaí isteach sa chathair ag cothú aighnis cois Laoi

CATHAL MAC COILLE: Aighneas trasteorann cois Laoi idir dhá údarás áitiúil

Fiafraigh d’Éireannaigh in aon áit sa tír cá bhfuil An Bhlarna, Baile an Chollaigh, Gleann Maghair, Dúglas, Baile an Róistigh agus Carraig Thuathail. Is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtabharfaidh a bhformhór an freagra ceart, Corcaigh.

Ach fiafraigh de na daoine céanna an bhfuil na bruachbhailte thuasluaite i gcathair nó i gcontae Chorcaí agus ní thabharfaidh a bhformhór an freagra ceart go pras, má thugann in aon chor é.

Is i gcontae Chorcaí atá na bailte seo go léir faoi láthair, ach is sa chathair a bheidh siad feasta, má chuirtear moltaí coiste a bhunaigh an rialtas i bhfeidhm. Tá brón orm, a léitheoir dhil, ach tá gearrscéal stairiúil riachtanach ag an bpointe seo.

An Cúlra Stairiúil: trí dháta

2015 Mhol móramh beag ar choiste a bhunaigh an rialtas, a raibh an comhairleoir gnó Alf Smiddy sa chathaoir air, go ndéanfaí Bardas agus Comhairle Chontae Chorcaí a aontú. Cháin an dá chomhairle moltaí an choiste.

2016 Bhunaigh an tAire agus an teachta Dála áitiúil Simon Coveney coiste eile, faoi chathaoirleacht iarPhríomh-Oifigeach Pleanála na hAlban Jim Mackinnon, chun moltaí an chéad choiste a athbhreithniú.

2017 Mhol an dara coiste go n-aistreofaí bruachbhailte éagsúla (mar atá luaite thuas), chomh maith le haerfort Chorcaí agus an ceantar máguaird, ó limistéar an chontae go limistéar na cathrach. Tá cónaí ar thart ar 100,000 sna ceantair sin.

Mhol an dara coiste freisin go n-íocfadh Comhairle na Cathrach cúiteamh leis an gComhairle Contae, as an méid cánach réadmhaoine agus rátaí a chaillfí tar éis an aistriúcháin. Mholadar freisin go n-athbheithneofaí méid an chúitimh tar éis cúig bliana.

Ó foilsíodh tuairisc Mackinnon i mí an Mheithimh, thug an tAire Tithíochta agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy le fios gur aontaigh sé leis na moltaí. Dúirt sé freisin go mbeadh na socruithe cuí déanta faoi mhí Dheireadh Fómhair. Bhunaigh sé coiste eile leis an teorainn nua a leagan amach faoin am sin.

Neosfaidh an aimsir an bhfógrófar agus an athrófar an teorainn idir cathair agus contae faoi cheann dhá mhí, mar atá beartaithe ag an aire. Tá feachtas atá ag cur in aghaidh an aistriúcháin ag bailiú nirt de réir a chéile.

Tá imní ar lucht an fheachtais, atá ag iarraidh stop a chur leis an aistriúchán, go bhfágfar ceantair thuaithe ar an ngannchuid dá dheasca. Tá siad ag reáchtáil cruinnithe chun brú a chur ar theachtaí Dála labhairt amach ina choinne.

Tá Simon Coveney agus Micheál Martin ag tacú leis an teorainn nua atá molta ach ar ndóigh toghadh an bheirt acusan i ndáilcheantar sa chathair, Corcaigh Lár-Theas.  Níor thug scata mór teachtaí Dála i ndáilcheantair an chontae le fios go dtí seo an bhfuil siad toilteanach cur in aghaidh athdhréachtú na teorann.

Ba chóir go bhféadfaí teacht ar réiteach ar na ceisteanna airgeadais a dhúisigh an t-aistriú atá molta. Ach ar ndóigh, ní bhaineann an míshuaimhneas atá ar dhaoine áirithe le cúrsaí airgid amháin agus is deacair neart an fhreasúra a mheas ag an bpointe seo.

Tá caint ghéar cloiste ó chomhaltaí an dá údarás ó moladh an teorainn nua. Dhiúltaigh Comhairle na Cathrach do theorainn eile a mhol an Chomhairle Contae toisc go raibh an ceantar a moladh a aistriú isteach sa chathair róbheag, dar leo.

Ba chóir go mbeadh sé níos fusa an t-aighneas i gCorcaigh a réiteach ná mar a bhí sé i Luimneach agus i bPort Láirge. Ní aistriú talún agus pobal go dtí contaetha eile (an Clár agus Cill Chainnigh a bhí i gceist sna cathracha sin) atá molta cois Laoi.

Bíonn muintearas mhuintir Chorcaí follasach de ghnáth. Ach tá difríocht mhór idir argóint idir comharsana béal dorais agus cluiche iomána idir dhá chontae. Uaireanta, is treise an mhímhuinín agus an t-eascairdeas idir pobail atá cóngarach dá chéile.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Aighneas trasteorann cois Laoi idir dhá údarás áitiúil'