Aighneas i nDoire faoi halla na cathrach a shoilsiú ar son acht Gaeilge

Vótáil Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin ar son iarratas Chonradh na Gaeilge go soilseofaí halla na cathrach mar chomhartha tacaíochta don éileamh ar acht Gaeilge

Aighneas i nDoire faoi halla na cathrach a shoilsiú ar son acht Gaeilge

Tá sé ina raic i gComhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin maidir le halla chathair Dhoire a bheith faoi shoilse mar léiriú tacaíochta don éileamh ar acht Gaeilge.

Vótáil an chomhairle ar son moladh go lasfaí na soilse, ach chuir aontachtaithe ina choinne go láidir.

Tá ceist an achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó roimh athbhunú thionól Stormont.

Dúirt an comhairleoir de chuid an DUP Hilary McClintock gur gnách go ndéantar an foirgneamh a shoilsiú ar mhaithe le cúiseanna a bhaineann le sláinte nó carthanacht agus gur cuid de “chlár polaitiúil Shinn Féin” an plean go dtacófaí le feachtas an achta.

Dúirt an comhairleoir de chuid Shinn Féin Kevin Campbell gur bhain an moladh le cultúr agus comhionannas agus ní le cúrsaí polaitíochta.

Conradh na Gaeilge a rinne an t-iarratas go lasfaí halla na cathrach i nDoire ar feadh lá amháin ar son acht Gaeilge.

Rinneadh Halla na Cathrach i mBéal Feirste a shoilsiú le soilse dearga mí Eanáir mar chomhartha tacaíochta don éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart agus d’fheachtas An Dream Dearg. 

Fág freagra ar 'Aighneas i nDoire faoi halla na cathrach a shoilsiú ar son acht Gaeilge'