‘Aifric’ TG4, cá bhfuil sí anois? Achainí ag impí ar TG4 ‘clár amháin eile’ a dhéanamh

Rinneadh trí shéasúr den tsraith Aifric tuairim is deich mbliana ó shin. Ba iad Telegael a léirigh an clár agus bhuaigh sé duaiseanna ag na Gradaim IFTA agus ag Féile na Meán Ceilteach

Aifric

achainí ar líne tosaithe ag dream de lucht féachana an chláir Aifric, a craoladh den chéad uair ó 2006 go 2008 agus iad ag iarraidh go ndéanfaí “clár amháin eile d’Aifric” agus go gcraolfaí ar TG4 é.

Tá teachtaireacht ghairid curtha ar an suíomh Petition Buzz leis an achainí ‘Aifric Ar Ais’.

“Más rud é gur bhreathnaigh tú ar Aifric ar TG4 ar feadh na mblianta, agus más rud é gur thaitin sé leat, taitneoidh sé seo leat!

“Tá muid ag iarraidh clár amháin eile d’Aifric a fheiceáil, ceann atá bunaithe ar shaol na gcarachtar ón am a chríochnaigh an tsraith – ar phós Aifric agus Maidhc, srl! Déan cinnte go gcuireann tú d’ainm air seo agus bainfimid triail as ceann a fháil!” a scríobhadh ar an suíomh.”

Tá 500 duine luaite mar sprioc ag an achainí, ar cuireadh tús leis inné, agus tá os cionn céad duine tar éis a n-ainm a chur leis cheana féin.

Dúirt duine de lucht an fheachtais le Tuairisc.ie, Jeff Neville, atá in a mhúinteoir Gaeilge, gur minic a bhíonn ceisteanna ag a chuid daltaí faoin méid a tharla do na carachtair uilig.

“Tá mé ag iarraidh go mbeadh Aifric ar an teilifís arís mar múinim i meánscoil agus bíonn ceisteanna i gcónaí ag na daltaí faoi céard a tharla ag an deireadh. Ba bhreá leo dá mbeadh clár amháin eile ann ag freagairt na gceisteanna uilig atá acu.

“Measaim go mbeadh suim ollmhór san achainí mar breathnaíonn daltaí timpeall na tíre ar an gclár, daltaí meánscoile agus bunscoile. Tá leabhar clóite ann faoin tsraith freisin. Ceapaim féin go mbeadh an-suim ann,” a dúirt Neville.

Rinneadh trí shéasúr den tsraith Aifric tuairim is deich mbliana ó shin. Ba iad Telegael a léirigh an clár agus bhuaigh sé duaiseanna ag na Gradaim IFTA agus ag Féile na Meán Ceilteach.

Dúirt duine de scríbhneoirí an chláir, Tadhg Mac Dhonnagáin, le Tuairisc.ie go bhfuil “áthas” air a chloisteáil go bhfuil suim ann in Aifric i gcónaí agus go mbeadh “ríméad” air dá dtabharfaí faoi chlár amháin eile a dhéanamh.

“Thosaigh muid ag taifead deich mbliana ó shin, agus ní dhearnadh aon rud nua ó 2008. Tá ríméad orm a chloisteáil go bhfuil an cineál seo spéise ann fós agus bheadh ríméad orm tabhairt faoi Aifric arís. Bhraithfeadh sé ar go leor rudaí, ar ndóigh, an mbeadh spéis ag na daoine a bhí ag plé leis ann, an mbeadh na haisteoirí ar fáil, an mbeadh an t-airgead ann – an mbeadh sé indéanta ar chor ar bith.

“Ach bhain mé taitneamh as a bheith ag obair ar an tsraith agus is sraith an-mhaith a bhí inti,” a dúirt sé.

Dúirt léiritheoir an chláir, Mícheál Ó Domhnaill, le Tuairisc.ie go mbeadh amhras air go bhféadfaí clár nua a chur amach ach go raibh sé an-sásta le Aifric.

“Caithfear breathnú ar cé chomh mór is a bhí, agus atá, Aifric. Bhí mé ag déanamh trialacha aisteoireachta i scoil Bhéarla i Sligeach i 2013 – cúig bliana i ndiaidh don chlár críochnú. Bhí Gráinne Bleasdale in éineacht liom, a rinne páirt Sophie ar an gclár.

“Ní raibh na gasúir ach 15-17 bliana d’aois an uair sin agus tháinig cailín a bhí níos óige ná sin arís isteach agus d’iarr sí ar Ghráinne dul síos chuig a rang. Rinne sí thart ar 30 autographs an lá sin do lucht na chéad bhliana.”

Deir Ó Domhnaill go raibh “tionchar i bhfad níos mó” ag Aifric ar shaol an Bhéarla “ná rud ar bith eile a rinne TG4 riamh”.

“Aithnítear Clíona Ní Chiosáin [an t-aisteoir a rinne páirt Aifric] fós agus í ag siúl timpeall Bhaile Átha Cliath. Bhí sí cráite san ollscoil ag mic léinn ag glaoch ‘Aifric’ uirthi. Tá an clár díolta le hocht nó deich gcinn de thíortha eile. Tá sé mór millteach. Ach bheadh sé an-deacair clár eile a chur le chéile anois, faraor,” a dúirt Ó Dónaill.

Ní raibh mórán dóchais ag stiúrthóir an chláir, Paul Mercier, faoin scéal ach an oiread, cé go raibh sé chomh sásta céanna leis an mbeirt eile go rabhthas ag cur spéise i gcónaí sa chlár.

“Ní dóigh liom go dtarlóidh a leithéid, ní tharlaíonn sé go minic le cláracha. Tá rudaí cineál bogtha ar aghaidh ó shin. Is féidir le lucht an achainí brú a chur ar TG4, cinnte, ach ní bheadh mé ag súil go dtarlódh rud ar bith.

“Is iontach an rud é go bhfuiltear ag cur spéise ann arís agus i gcónaí, ach caithfear a bheith réalaíoch faoi. Scór bliain agus feicfidh muid!” a dúirt sé.

Dúirt sé gur faoin lucht féachana a bhí sé a shamhlú céard a tharla d’Aifric agus a cairde i ndiaidh na hArdteiste agus go raibh tuairim aige féin go raibh sí thar lear áit éigin agus Maidhc bocht fágtha ina diaidh aici.

Fág freagra ar '‘Aifric’ TG4, cá bhfuil sí anois? Achainí ag impí ar TG4 ‘clár amháin eile’ a dhéanamh'

  • Tuigim

    Agus fotheidil as Gaeilge, le bhur dtoil, TG4.
    Le rogha: Gaeilge, Béarla nó tada.
    Seo a rinne duine ar Youtube, féir plé dó: https://www.youtube.com/watch?v=LYGQmRUwEQE
    Bheadh sé i bhfad níos éasca daoibhse é a dhéanamh.
    Nach bhfuil an script agaibhse.
    Fotheidil as Gaeilge do na cláracha ar fad, le bhur dtoil.
    Chabhródh sé go mór le go leor grúpaí.