Áibhéil an Rialtais faoin gcúlstop nochta agus an fhírinne againn faoi dheireadh

Is léir nach raibh Rialtas na hÉireann ag insint lomchlár na fírinne do mhuintir na hÉireann ná do mhuintir na hEorpa ó 2016

Áibhéil an Rialtais faoin gcúlstop nochta agus an fhírinne againn faoi dheireadh

An tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ina leabhar cáiliúil cuimhní cinn, Dialann Deoraí, thug Dónall Mac Amhlaigh ‘Éire na haithrise’ ar thír a dhúchais agus súil dhoicheallach á caitheamh anall as Londain aige.

Chuir an t-agallamh a rinne Simon Coveney le Andrew Marr ar an mBBC an tseachtain seo ‘Éire na haithrise’ i gcuimhne dúinn arís. Ba léir ón méid a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha gur ag déanamh aithrise a bhí sé ar dhuine a mbeadh polasaí eachtrach cuí aige mar is léir nach bhfuil a leithéid aige féin faoi láthair.

Chuir Marr ceist air mar gheall ar a ndúirt Michel Barnier an tseachtain seo caite faoin teorainn. Léigh Marr focail Barnier amach os ard: ‘If there is no deal [idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach], we will have to find an operational way of carrying out checks and controls without putting back in place a border [ar oileán na hÉireann]”.

Más é sin cur chuige Barnier, arsa Marr, cad ba chúis leis an gcúlstad? Cad ba chúis leis an gcúlstad má bhí Coimisiún an Aontais Eorpaigh sásta iarracht a dhéanamh teorainn chrua a sheachaint fiú sa chás go n-imeodh rialtas May gan aon mhargadh a bheith déanta acu?

Ba léir go raibh Coveney faoi bhrú mar thosaigh sé ag gáire le teann imní. D’fhreagair sé an cheist faoi dheireadh, “If we don’t have a backstop, then the EU, Ireland and the UK will have to work together to avoid border infrastructure”.

Is cóir díriú go mion ar an bhfreagra sin. Is léir uaidh nach raibh Rialtas na hÉireann ag insint lomchlár na fírinne do mhuintir na hÉireann ná do mhuintir na hEorpa ó 2016. Mhaígh an Taoiseach agus an Tánaiste gan stop go raibh riachtanas agus práinn ag baint leis an gcúlstad chun teorainn chrua a sheachaint.

Mhíníodar ad nauseam go mbeadh ar an tír seo teorainn chrua a chur suas dá n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an margadh aonair agus as an aontas custam. Ba é fuascailt na faidhbe sin an ‘cúlstad’. Ba léir, áfach, ón bhfreagra a thug Coveney ar cheist Marr nach amhlaidh atá in 2019 agus nárbh amhlaidh a bhí in 2016 nuair a thosaíodar ag áiteamh go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta féin i mbaol de bharr an Bhreatimeachta.

Tá admhaithe anois ag Coveney, áfach, agus é ag labhairt beo ar an teilifís go mbeadh an tAontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe, agus Rialtas na hÉireann in ann comhoibriú lena chéile chun teacht ar mhargadh cuí ó thaobh na teorann de.

D’admhaigh sé leis nach bhfuil aon bhac ó thaobh dlí an Aontais Eorpaigh de a chuirfeadh isteach ar an obair seo.

Más ea, is léir anois go raibh Rialtas na hÉireann ag caint go mímhacánta agus go háibhéalach mar gheall ar na cúrsaí seo ó 2016 ar aghaidh. Is minic a deir an ERG, an dream ait sin i measc na dTóraithe, nach bhfuil aon ghá le cúlstad chun go mbeadh teorainn oscailte ann idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Níl de dhíth, dar leo, ach toil pholaitiúil.

Faoi dheireadh thiar thall, agus polasaí urchóideach na Roinne Gnóthaí Eachtracha ag titim as a chéile beo ar an mBBC, bhí Tánaiste na hÉireann ar aon intinn Jacob Rees Mogg agus a chairde. Ní fhacthas praiseach chomh holc léi ó bhí Seán MacBride in Iveagh House i 1948, tráth ar dhiúltaigh sé do bhallraíocht i NATO chun “brú” a chur ar na haontachtaithe.       

Fág freagra ar 'Áibhéil an Rialtais faoin gcúlstop nochta agus an fhírinne againn faoi dheireadh'

  • MacAnRí

    Ach fán bomaite ….Tá Coveney agus Varadkar ag iarraidh teorainn crua a sheachaint go deo…an méid a dúirt Barnier níl aon chinneacht go bhfuill sé fruasta “operational way of carrying out checks and controls without putting back in place a border” …bhí sé ag freagra ceist ó iriseoir…fá dheireadh níl aon muinín ag an tAontas le aon rud atá ag teach as Westminister faoi láithair.mar sin ba cheart ag Coveney agus an tAE cloígh leis an chúlstad mar tá sé le fhios ag achan duine is fusa snaidhm a chur ná a bhaint. Coiméad leis and chúlstad.

  • Léitheoir

    B’fhéidir go bhfuil roinnt áibhéile i gceist le maíomh rialtas na hÉireann ach, mar sin féin, is cinnte go mbeidh gá le seiceálacha ag an teorainn má imíonn an Ríocht Aontaithe as an AE gan mhargadh. B’fhéidir nach teorainn chrua amach is amach a bheadh i gceist ach teorainn leathchrua. Dhéanfadh a leithéid sin ann féin dochar agus b’fhearr i bhfad aon chineál seiceálacha teorann a sheachaint más féidir ar chor ar bith é. Sin an fáth a bhfuil gá leis an gcúlstop! Bhí an ceart ag an rialtas an fód a sheasamh faoin gcúlstop an t-am uilig, dar liom, agus gan aon deis a thabhairt do rialtas na Breataine/lucht tacaíochta Brexit/an DUP beag is fiú a dhéanamh den ghá atá lena leithéid agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an tír seo agus ar an AE.

  • Joe Breathnach

    Ach an rud atá i gceist leis an cúlstad na go mbeidh ar an Aontas Eorpach, Éire agus an Ríocht Aontaithe oibriú le chéile chun teorann chrua a sheachaint. Sé sin, fiú má fhágann an Ríócht Aontaithe an AE gan comhaontú beidh dualgas orthu teacht le chéile chun margadh eile a dhéanamh chun an teorann crua sin in Éireann a sheachaint. Mura dhéanann siad é sin is í Theresa May a mbeidh ag déanamh aithrise in ionad Simon Coveney

  • Adam Lawson

    Ach, más fíor é léirmheas an údair san alt seo, conas é a ‘oibreoidh’ Éire, AE agus RA chun infeastruchtúr a sheachaint?

    Bhí dhá bhliain agus leath ag an ERG chun beartais chun teorainn chrua (nó ‘leathchrua’, mar a deir, go ceart dar liom, tráchtaire eile ar an alt seo) a sheachaint, agus níl faic táirgthe acu. Ní hé go raibh an rialtas mímhacánta ó 2016 go dtí seo; is ea go bhfuil siad ag bheith mímhacánta linn anois – agus, an féidir linn iad a lochtú as? – toisc nach mian leo a admháil go mbeidh infreastruchtúr teorann gan an cúlstad. Ach bheidh; níl aon dóigh lena sheachaint agus níl i gcaint Coveney agus Barnjer ach bluff.

    Dar liom, mar Shasanach, níor thuig rialtas agus muintir na hÉireann – ná Theresa May – cé chomh neamhréasúnta atá deis an pháirtí Chaomhach faoin Eoraip: cuimhnigh go raibh siad in aghaidh Aontú Aoine Chásca agus ba chuma leo fáil réidh leis más gá dá mBreatimeacht crua (agus, bímis macánta, is gá fáil réidh leis an teorainn bhog chuige sin). Seans maith fós go dtig le Theresa May a margadh a chur trí Pharlaimint, ach ach amháin má thuigeann sí gur gá tacaíocht a fháil ón Lucht Oibre, Liobrálaigh, Glasaí, PNA agus Plaid. Measaim go bhfuil sí chun fanacht go dtí Mí Mhárta nuair a bheidh orthu ‘her deal or no deal’ a roghnú ionas go mbeadh orthu tacú leis.

    Ar an taobh eile, cluiche dainséarach a bhfuil sí a himirt ag iarraidh orainne concessions ar an chúlstad. Níl éinne ag cosaint an chúlstaid i Sasana, agus nuair a theipfidh ar May fásfaidh an disillusionment leis níos mó. Cúrsa an-mhífhreagrach a bhfuil sí á ghabháil, dar liom.