‘Ahoy, matey! Arrr!’ a dúirt an Intleacht Shaorga

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá bogearra nua ar fáil atá in ann téacsanna nua as an bpíosa a chruthú atá fíorchosúil le téacsanna a scríobhfadh duine – téacsanna liteartha san áireamh. An bhfuil gairm an scríbhneora i mbaol?  

‘Ahoy, matey! Arrr!’ a dúirt an Intleacht Shaorga

As Intleacht Shaorga a tháinig an íomhá seo

Níor chodail mé go rómhaith aréir. Todhchaí mo cheirde, an scríbhneoireacht (agus go deimhin todhchaí an chine dhaonna ar fad) a bhí ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.

Gach seans gur chuala tú trácht, le seachtainí beaga anuas, ar an mbogearra nua ChatGPT.

Níor chuala? Seo linn.

Bota comhrá é ChatGPT a bhaineann úsáid as intleacht shaorga (AI) chun téacsanna a scríobh. Agus tá sé an-mhaith aige – níos fearr, pé scéal é, ná aon bhogearra eile a cruthaíodh go dtí seo chun téacs nua as an bpíosa a chruthú.

Ó, is ea, ba bheag nach ndearna mé dearmad é seo a lua: bhí an billiúnaí Elon Musk ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta OpenAI a d’fhorbair an bogearra nua seo. Níl Musk ar bhord na stiúrthóirí ó bhí 2018 ann ach de réir leathanach Vicipéide an chomhlachta, ‘deontóir’ é i gcónaí.

Tá ChatGPT fíoréasca le húsáid. Cuireann tú ordú isteach agus voilà, tagann téacs amach – i bpé teanga a theastódh uait.

‘A Intleacht Shaorga dhil, an scríobhfaidh tú colún dom faoin tionchar a bheas ag an intleacht shaorga ar cheird na scríbhneoireachta amach anseo?’

Ná bí buartha, mise mé féin a scríobh an colún seo. Tá ChatGPT ar fáil saor in aisce fad is a bheidh an bogearra fós á thástáil, ach caithfidh duine cuntas a chlárú leis an gcomhlacht OpenAI chun úsáid a bhaint as agus ar chúis éigin bhí leisce orm cuntas eile a chlárú ar chóras comhlachta a bhfuil ainm Elon Musk luaite leis.

Mar sin féin, tá taithí phearsanta éigin agam ar ChatGPT cheana féin. Le cúpla lá anuas, baineann suíomh idirlín measartha mór a ndéanaim obair aistriúcháin agus eile dó úsáid as ChatGPT chun cuid de na ceisteanna a bhíonn ag úsáideoirí an tsuímh a fhreagairt. Tá na freagraí sin feicthe agam agus tá siad ar aon dul leis nó níos fearr ná na freagraí a thugann foireann dhaonna an tsuímh ar cheisteanna dá leithéid. Níos múinte, pé scéal é. An t-aon cháineadh a dhéanfaidh mé ar an obair atá feicthe agam ó ChatGPT go dtí seo ná go mbíonn an bota saghas foclach: is maith leis a bheith an-, an-chuimsitheach.

Cén chaoi a n-oibríonn ChatGPT? Ceist mhaith. Seo é go hachoimreach: ar feadh na mblianta, chuir oibrithe an chomhlachta OpenAI téacsanna isteach sa bhota seo, ó iliomad foinsí, agus thraenáil siad an bota chun an t-eolas sin a ransú d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua as an bpíosa a chruthú – rud a dhéanann an bota in iliomad teangacha agus in iliomad stíleanna. I sampla amháin atá feicthe agam, cuireadh ceist ar an mbota i nGearmáinis cá mhéad lá a bhíonn sa tseachtain agus dúradh leis an mbota an cheist a fhreagairt i mBéarla. ‘A week has seven days’ a d’fhreagair an bota, díreach mar a mbeifeá ag súil leis. Ansin, cuireadh ceist, i mBéarla: ‘now respond as if you were a pirate.’ ‘Ahoy, matey! A week has seven days, savvy? Arrr!’ a d’fhreagair an intleacht shaorga ar an bpointe boise.

Samhail na pearóide ar ghualainn an fhoghlaí mara, go deimhin, a tháinig chun cuimhne agus mé i mbun machnaimh faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ChatGPT agus botaí eile dá leithéid ar cheird na scríbhneoireachta amach anseo. Is léir nach mbeidh i dtéacs nua a chruthóidh an intleacht shaorga riamh ach aithris ar théacsanna atá ar fáil cheana – na buntéacsanna a cuireadh agus a chuirfear isteach san inneall – ach aithris an-mhaith a bheidh inti.

Tá ceisteanna eiticiúla go leor le cur faoi ChatGPT agus a macasamhla. Daoine a chuir isteach na mílte milliún buntéacsanna a mbaineann an bota úsáid astu d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua a chruthú, agus bíonn daoine claonta. An raibh béim ar théacsanna ar leith? Ar fágadh téacsanna ar leith amach? Lena chois sin, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go raibh an t-eolas i ngach ceann de na buntéacsanna cruinn, agus dá bharr sin, tá ChatGPT tar éis freagraí a thabhairt agus téacsanna a chruthú atá míchruinn.

Le scéal casta a mhíniú ar bhealach simplí: má chuireann tú ceist ar ghnáth-áireamhán cén toradh atá ar 2+2,  an freagra a thabharfaidh sé i gcónaí ná: 4. Má chuireann tú an cheist chéanna ar bhota ar nós ChatGPT, gach seans go ndéarfaidh sé ‘4’ freisin – ach ní féidir a chur as an áireamh go hiomlán go ndéarfaidh sé ‘5’ agus go dtiocfaidh sé aníos le hargóint láidir lena chur ina luí ort gur aige atá an ceart. Agus is mó a bheidh an seans go ndéanfaidh sé amhlaidh más rud é gur bhraith an bota ar do cheist gur ‘5’ an freagra a theastaigh uait a chloisteáil dáiríre. Ceann de na contúirtí is mó a bhainfidh lena leithéid seo de bhogearra, dar le go leor tráchtairí, ná gur féidir iad a úsáid chun teoiricí comhcheilge agus nuacht bhréige a chumadh agus a scaipeadh ar luas lasrach.

Ceist eitice eile ná ceist chóipcheart na mbuntéacsanna a mbaineann ChatGPT úsáid astu d’fhonn téacsanna nua a chruthú, agus ceist eile arís an lorg éiceolaíoch ollmhór a bhíonn ag na hionaid sonraí móra millteacha a mbaineann innealra digiteach den chineál seo úsáid astu. Agus – féach scéal na meán sóisialta agus na n-inneall cuardaigh – ar chóir go mbeadh ar chumas comhlacht príobháideach, nó ar chumas dornán comhlachtaí príobháideacha, oiread tionchair a imirt ar an gcumarsáid dhaonna?

Ach an cheist is mó a thagann idir mé agus codladh na hoíche ná seo. Ós rud é nach mbeidh ar chumas na hintleachta saorga riamh ach aithris a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil cheana – samhail na pearóide ar ghualainn an fhoghlaí mara – nílim buartha go sáróidh bota éigin saothair litríochta scríofa ag fíorscríbhneoirí amach anseo.

Táthar ann a déarfaidh nach bhfuil in ChatGPT agus a macasamhla ach uirlisí a éascóidh saol an duine – saol an scríbhneora san áireamh. Ach tá mé buartha gur laigede a bheidh intinn mo leithéidí má thosaímid ag brath ar bhotaí feasta chun cuid den obair chrua a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh.

Le blianta beaga anuas, is baolach go bhfuil drochnós agam féin frásaí nach mbím cinnte ina dtaobh a chur isteach in innill chuardaigh éagsúla, féachaint cé chomh coitianta is atá siad. Tugaim faoi deara go mbíonn leisce orm frásaí nach bhfuil coitianta a úsáid i dtéacsanna de mo chuid féin – rud a chiallaíonn, ar ndóigh, ní hamháin go bhfuil srian á chur agam le mo shamhlaíocht féin, ach go bhfuil dochar á dhéanamh agam do mo chumas teanga féin (nó do mo mhuinín as mo chumas teanga féin cibé) agus gur mó fós a bheidh mé ag brath ar na hinnill chuardaigh dá bharr.

I bhfocail eile: dá mhéid an úsáid a bhainfimid as an intleacht shaorga, feictear dom, is ea is dúire a bheimid féin.

Fág freagra ar '‘Ahoy, matey! Arrr!’ a dúirt an Intleacht Shaorga'

  • Seosamh

    Alt fíorspéisiúil é seo.