‘Ah ref, another bleedin Kerry fowl’ – na Dubanna mallaithe mealltacha

Cuireadh sé cantal ort nó a mhalairt, ach is deacair a rá nach bhfuil meidhir agus suairceas faoi leith ag baint le bheith i gceartlár bhuíon de lucht leanta Átha Cliath ag cluiche peile nó iomána

‘Ah ref, another bleedin Kerry fowl’ – na Dubanna mallaithe mealltacha

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Deich mbliana fichead a bhí Naomh Eoin Baiste a deir siad nuair a d’fhág sé an fásach ina dhiaidh. Fionnadh camaill a bhí mar éadach air, gan aon ghreim beatha ceart gaibhte ina ghoile lena chuimhne ach mil agus lacáistí. Ní nach ionadh chuir a dhreach faitíos ar dhaoine.

Ionann is dhá mhíle bliain ina dhiaidh chaith peileadóirí Átha Cliath agus lucht a leanta tamall sa bhfásach iad féin, naoi mbliana le bheith ceart cruinn – ón uair ar bhuaigh siad ar Longfort i gCluiche Ceannais Laighean i 1965 níor tháinig aon cheann eile ina mbealach go dtí 1974.

Ag an am is dóigh go mbeadh glacadh de chineál éicint le cliseadh in aghaidh chontaetha láidre ar nós na Mí agus Uíbh Fhailí. Ach nuair a bhuaigh Cill Dara faoi thrí orthu i gcluichí craoibhe agus Longfort faoi dó, mar aon leis an Iarmhí, Laois agus Lú, ní idir dhá thine Bhealtaine a bhíodar ach i gceartlár thinte Ifrinn.

Ba é Kevin Heffernan ar ndóigh a threoraigh amach as an bhfiántas iad. Mar a rinne fear na meala agus na lacáistí roimhe, réitigh seisean an bealach a shiúil na haspail (gan ach dháréag acu ag teastáil in aghaidh na Gaillimhe i bhfad ina dhiaidh sin, ach sin scéal eile!).

Ní fionnadh camaill a bhí á chaitheamh ag na haspail an uair seo ach an oiread ach éide spéirghorm – gan branda ná comhartha aitheantais nuair a thosaigh siad ach bhí ollghnólachtaí na cruinne ag dul i gcomórtas lena chéile de réir mar a bhí rath ag teacht orthu.

Tá cruthúnas ar an gcaoi ar éirigh leo le fáil sa méid atá buaite ó shin acu, ach níos tábhachtaí ná comhaireamh ná cuntas de chineál ar bith, ’sí mo bharúil féin go bhfuil oidhreacht agus dílseacht an airm atá bailithe ina dtimpeall chomh suntasach céanna, arm a bhfuil saighdiúirí singil den dara glúin agus fiú den tríú glúin anois ann.

Cuireadh sé cantal ort nó a mhalairt, ach is deacair a rá nach bhfuil meidhir agus suairceas faoi leith ag baint le bheith i gceartlár bhuíon de lucht leanta Átha Cliath ag cluiche peile nó iomána.

Bhí sin i gcónaí ann, ach go mbíonn deiseanna níos minice ann sa lá atá inniu ann lena theacht chun solais.

Tá mé ag ceapadh gur aithris mé cheana scéala a bhí ag m’athair, trócaire air, faoi lá a raibh sé ag cluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh i dtús na 1940idí nuair a caitheadh cearc bheo isteach ar an bpáirc le diabhlaíocht. Ní raibh crúba na circe fós ar an talamh nuair a scread ‘jeaicín’ a bhí lena thaobh… ‘ah ref, another bleedin Kerry fowl!’.

Sna 20 bliain a lean troscadh 1965-74 rinne Arm Heffo craobhscaoileadh ar an soiscéal a bhí acu féin timpeall na tíre. Ar bhusanna a d’eagraíodh sagart darbh ainm Joe Kennedy a thaistealaíodh an chuid ba dhílse agus ba ghreannmhaire acu, a mbunáite nach ndeachaigh thar Mhaigh Nuad, Mullach Íde ná Dún Laoghaire riamh roimhe sin.

D’fhágaidís an phríomhchathair le breacadh an lae go dtabharfadh siad aghaidh ar Thuaim, ar Chaisleán an Bharraigh, ar Bhealach Féich, ar Thrá Lí, an Tulach Mhór, Cathair Chorcaí agus áiteacha eile nár chuala siad aon trácht orthu roimhe ach amháin ar an ngléas méadaithe gutha i Sráid Amiens nó i Rae an Iarthair.

Scaití bhíodh sé socraithe ag an Ath. Joe go léifeadh sé Aifreann faoi bhealach. Ba iomaí baile beag fud Éireann a dhúisigh maidineacha Domhnaigh agus a gcuid sráideanna brataithe ag dream a bhí faoi éide ghorm – díreach mar a bhí an fásach ina raibh an leaid eile brataithe ag na lacáistí.

Agus glac leis nach ar na feithidí siúd a bhíodh an fiach ag Arm Heffo le greim a chur ina mbéal agus ní mba ar chrúsca meala a bhídís ag faire ach an oiread lena gcuid scornach a fhliuchadh. Deargnimh a bheadh in aon rud ach amháin an leacht dubh a ghrúdaítear cois Life.

Bhí cara de mo chuid ar cheann de bhusanna an Athar Joe lá i lár na 1970idí agus iad ag tabhairt aghaidh ar Pháirc Bhreifne sa gCabhán nuair a stopadar i gceartlár Bhaile Shéamuis Dhuibh timpeall a haon déag a chlog maidin Domhnaigh.

Bhí na busanna folmhaithe de léim agus an slua scaipthe sall agus anall ag cuartú teach óil a mharódh an tart chráite a bhain le haistear 90 km amach san iargúltacht.

Mac an pheata ní raibh le feiceáil agus na doirse agus na cuirtíní dúnta ar chuile theach ósta a raibh siad ag teacht chomh fada leo. Chaill roinnt a misneach agus thosaigh ag filleadh ar na busanna.

Ach bhí níos mó miotail i gcuid acu ná a chéile agus lean mo chomrádaí triúr a bhí fanta sa bhfiach nó faoi dheireadh, ag bun thíos Shráid Shraith an Domhain, gur oscail doras amháin.

Ar sheomra beag nach raibh mórán d’fhairsinge ann seachas a bheadh i mbosca na faoistine a fuaireadar léargas tríd an dorchadas – cuntar tuairim dhá throigh ar fad, gan deoraí ar a chúl, sconna Guinness amháin a raibh an lógó a bhí air chomh buí le gine agus orlach dusta ar chúpla buidéal a bhí fágtha ar sheilf.

Níor labhair aon duine gur iompaigh an fear cinn ar a sháil agus gur thug a bhreithiúnas.

“Jaysus, it’s no wonder Paddy Reilly never came home!”.

Fág freagra ar '‘Ah ref, another bleedin Kerry fowl’ – na Dubanna mallaithe mealltacha'

  • Aodán Ó Sé

    Cé’n sort éin é an bleedin’ Kerry FOWL?!