Agus iarracht á dhéanamh ní mór a fhiafraí an bhfuil Stormont intarrthála

Tá aontas de shórt idir na páirtithe ó thuaidh faoi leathshocrú éigeandála– iad ar fad míshásta

Agus iarracht á dhéanamh ní mór a fhiafraí an bhfuil Stormont intarrthála

Ní raibh an DUP sásta. Bhí Sinn Féin cáinteach. Bhí an SDLP míshásta. Bhí an UUP amhrasach. Agus bhí Alliance míshásta freisin. Aontas de shórt idir na cúig pháirtí i Stormont tar éis a gcruinnithe le Státrúnaí Thuaisceart Éireann ar an Luan. Bhuail Karen Bradley leis an Tánaiste agus le ceannairí eaglasta chomh maith, í ag fógairt arís eile a tiomantas d’athnuachan Stormont a luaithe agus ab fhéidir.

Ní raibh plean ar bith aici chun cainteanna réitigh a athbhunú, dar leis na páirtithe náisiúnacha. Dhírigh sí go sonrach ar eolas a sholáthar faoina plean chun cosaint reachtúil a thabhairt do státseirbhísigh le gnóthaí a reáchtáil in éagmais airí. Níor shásaigh a plean aon pháirtí.

Chuir rialú cúirte srian ar chumhacht na státseirbhíse níos luaithe i mbliana. Chinn an Ard-Chúirt, agus dhearbhaigh an Chúirt Achomhairc, gur sháraigh státseirbhíseach a údarás nuair a cheadaigh sé loiscneoir nach raibh faofa go hoifigiúil ag aon aire. Bhí an pobal logánta agus formhór na bpolaiteoirí in éadan an phlean don loiscneoir sin. Ó shin i leith bhí drogall ar an státseirbhís aon chinneadh tromchúiseach a dhéanamh.

Dá thoradh sin bhí an folús uileghabhálach, gan cead ag feidhmeannaigh neamhthofa cinntí a dhéanamh, gan aon rialtas díláraithe ann le breis is 600 lá agus gan riail dhíreach ó Westminster. Sceith bhéil ab ea Karen Bradley as a héiginnteacht agus a siléig ó ceapadh í ach d’fhág an srian ar an státseirbhís nach raibh an dara rogha aici ach rud éigin a dhéanamh. Bhí dúshlán cúirte ar na bacáin nuair a gheall sí go rithfeadh sí reachtaíocht nua an fómhar seo – a dhéanfadh cealú ar an riachtanas toghchán Tionóil a ghairm agus a réiteodh céimeanna chun cumhacht bhreise a thabhairt d’fheidhmeannaigh i Stormont.

Go bunúsach tá plean Bradley ag iarraidh cúrsaí a chur ar ais mar a bhí roimh chinneadh na cúirte. Deirtear sa cháipéis trí leathanach go dtig le státseirbhísigh shinsearacha feidhmeanna na ranna a chomhlíonadh d’uireasa airí, fad is atá siad sásta gurb é leas an phobail é. Caithfidh siad treoir an Státrúnaí a chur san áireamh chomh maith. Leagtar béim ar an riachtanas chun seirbhísí poiblí a sholáthar go seasta ach deirtear gur cheart – ar an ngnáthbhealach – cinntí faoi pholasaí nó faoi chaiteachas nua a fhágáil ag airí. Ach cathain a bheidh airí ann chun cinntí a dhéanamh? Ní inniu ná amárach é.

‘Seift chun teip a cheilt’ a thug iarcheannaire an UUP, Reg Empey, ar phlean an Státrúnaí. Mhaígh leascheannaire an DUP, Nigel Dodds go raibh leasuithe de dhíth ar mholtaí an Státrúnaí mar nach raibh siad beacht i dtaca le freagracht. Gheall Dodds go mbeidís ag obair le Bradley chun an scéim a fheabhsú, léiriú ar an dlúthbhaint atá ag an DUP le cur chuige na dTóraithe i leith Thuaisceart Éireann. ‘Mairfidh an plean seo an tamall a thógfaidh sé rialú cúirte a fháil,’ an breithiúnas a thug Steve Aiken UUP air. Bhí go leor eile den bharúil gur ghearr go dtabharfaí a dhúshlán sna cúirteanna. Sop in áit na scuaibe é gan oiread is cur i gcéill ann go bhfuil sé daonlathach.

Mhaígh formhór na bpolaiteoirí a d’éist lena raibh le rá ag Karen Bradley Dé Luain nach ndeachaigh sí i ngleic olc ná maith leis na bunfhadhbanna. Ba dheacair easaontú leo. Fágfaidh sé gach páirtí cé is moite den DUP gan tionchar ná éifeacht, mar a bhí siad ó mhí Eanáir anuraidh.

Gan dabht ceapann Bradley go n-éireoidh léi na caoirigh thar abhainn, ach ní freagra ar an ngéarchéim pholaitiúil é an leathshocrú éigeandála seo.

Ní raibh plean ar bith ag an Státrúnaí chun iarracht a dhéanamh Stormont a chur ar ais ar a bhoinn. Cháin Michelle O’Neill leasUachtarán Shinn Féin éidreoir Bradley. ‘Ag cosaint na dTóraithe a bhfuil ceangal na gcúig gcaol ag an DUP orthu atá Karen Bradley,’ arsa O’Neill a d’éiligh míniú poiblí ar an seasamh sin. Bhí ‘iontas’ ar Colum Eastwood, ceannaire an SDLP nach raibh an Státrúnaí in ann tagairt d’oiread is céim amháin ar mhaithe leis an bpolaitíocht a athbheochan. Mhaígh seisean freisin go gcaithfeadh sé gurb é tionchar an DUP ar na Tóraithe faoi ndear pairilis an Státrúnaí. Dúirt an UUP gur cheart don Státrúnaí cainteanna a thionscnamh go práinneach agus mhaígh Alliance gur fadhb mhór ab ea easpa ceannaireachta an Státrúnaí.

Bhí na ceannairí eaglasta dearfach faoina gcomhrá le Karen Bradley ach iadsan ag iarraidh go ngríosófaí na páirtithe chun a bheith ag caint lena chéile. N’fheadar céard ab fhiú caint gan treoir. D’fháilteodh gach páirtí seachas an DUP roimh áisitheoir nó cathaoirleach neamhspleách, ach bheadh obair an chathaoirligh sin níos deacra anois ná mar a bheadh i mí Feabhra nuair a theip ar na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin.

Tá nimh sa bhreis sa phota de bharr na héiginnteachta faoin mBreatimeacht. De réir suirbhé nua, tá céatadán ard de lucht tacaíochta an Bhreatimeachta abhus ar mó acu an tAontas Eorpach a fhágáil ná próiseas na síochána agus polaitíocht Stormont a chaomhnú. Nuair a chuirtear san áireamh líon na ndaoine atá ag ceistiú céard is fiú rialtas i Stormont i bhfianaise na mífheidhme a nocht an fiosrú poiblí faoin bpraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, ní mór a fhiafraí an bhfuil Stormont intarrthála.

Fág freagra ar 'Agus iarracht á dhéanamh ní mór a fhiafraí an bhfuil Stormont intarrthála'