Agus í ag canadh, scread sí, chaoin sí, d’impigh sí, labhair sí, bhagair sí, mhol sí

Ba mhinic a tharraing Sinéad O’Connor conspóid uirthi féin ach sheas sí an fód go cróga, agus níor ghéill sí ariamh

Agus í ag canadh, scread sí, chaoin sí, d’impigh sí, labhair sí, bhagair sí, mhol sí

Sa mbliain 1989, ainmníodh an chéad albam de chuid Shinéad O’Connor, The Lion and the Cobra, don Grammy don Taispeántas Rac-Cheoil is fearr. Ba é an t-aisteoir cáiliúil Billy Crystal a chuir i láthair í ag searmanas na bliana sin – shiúil sí go huaigneach amach ar an ardán, léi féin. Ag féachaint uirthi, cheapfá go raibh sí go hiomlán ina haonar. Bean bheag mhaol, le súile móra. Ach ansin, thosaigh an ceol agus thosaigh sí ag canadh – an t-amhrán Mandinka – scread sí in ard a cinn is a gutha, agus bhí cách faoi gheasa aici.

Eisíodh an t-amhrán Nothing Compares 2 U an bhliain dár gcionn, agus chuaigh sí i bhfeidhm ar an domhan mór. Dar le Billboard, ba é sin an t-amhrán ba mhó an bhliain sin, agus chuaigh sé go barr na gcairteacha ar fud na cruinne. Tá an físeán ceoil a cuireadh amach in éineacht leis an amhrán ar cheann de na físeáin is cáiliúla dá ndearnadh riamh – íomhánna di léi féin, ag canadh don lucht féachana, na deora léi ag buaicphointe an amhráin.

Rugadh mise sa bhliain chéanna is a eisíodh ‘Nothing Compares 2 U’, agus bhí clú agus cáil ar Shinéad ar feadh mo shaoil. Nuair a fógraíodh go raibh Sinéad tar éis bháis, in aois a 56, baineadh stangadh as gach a bhfuil ar m’aithne.

Ag féachaint ar na meáin shóisialta ó shin – mar is ann a théann an pobal lena mothúcháin agus a dtuairimí a roinnt – is léir go bhfuil go leor croíbhriste ag scéal a báis.

Ba mhinic a tharraing sí conspóid uirthi féin – cuimhnítear ar an gclár Saturday Night Live, dar ndóigh, nuair a stróic sí grianghraf den Phápa Eoin Pól II, agus í ag fógairt go feargach “Fight the real enemy!” – ag tagairt don drochíde a rinne an Eaglais ar pháistí, tráth nach ndearnadh mórán cainte faoi na heachtraí céanna. Chothaigh sé sin trioblóid do Shinéad O’Connor, agus ní raibh an rath céanna ar a cuid ceoil i Meiriceá ó shin. Ach sheas sí an fód go cróga, agus níor ghéill sí ariamh.

Níor imigh sí ó bhéal an phobail, áfach, agus choinnigh sí uirthi ag eisiúint ceoil – lán de chumhacht, de ghrá, de bhrón agus de phaisean. Chuaigh sí go minic ar chláracha teilifíse chun labhairt ar scéalta móra an lae, ag trácht go rialta ar cheisteanna sóisialta. In óráid a thug sí i mbliana ag glacadh le gradam i mBaile Átha Cliath, chuir sí fáilte roimh theifigh a bhí ag lorg tearmainn in Éirinn.

Scríobh sí a dírbheathaisnéis, Rememberings, sa bhliain 2021, agus rinneadh scannán faisnéise dá saol anuraidh. Chuir an t-aos óg aithne níos fearr uirthi, agus aithníodh gur minic a bhí an ceart aici leis an ngéarcháineadh a rinne sí ar chaimiléireacht agus ar fhimíneacht an tsaoil. Bhí cion mór ag an bpobal uirthi, ach ar a ceol go háirithe.

Sna laethanta atá amach romhainn, éist le ‘Nothing Compares 2 U’ – amhrán ar chrá croí an ghrá – ach déan cinnte de go n-éisteann tú le hamhráin eile Shinéad freisin. Agus í ag canadh, scread sí, chaoin sí, d’impigh sí, labhair sí, bhagair sí, mhol sí.

Is minic a deirtear faoi dhuine nach mbeidh a leithéid arís ann. Is fíor é i gcás Shinéad.

Cuimhnítear ar a ceol agus ar a héirim. Bíonn an fhírinne searbh, mar is eol dúinn, ach d’inis sí an fhírinne lom i gcónaí.

Níor chaill bean an mhisnigh riamh é.

Fág freagra ar 'Agus í ag canadh, scread sí, chaoin sí, d’impigh sí, labhair sí, bhagair sí, mhol sí'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    D’imigh sí, an créatúr bhocht, ach is muidne as boichte le linn sin. Slán abhaile di pén áit é sin x.

  • John Romansic

    Ní féidir linn a rá go bhfuil sí tár éis imeacht uainn ar shlí na fírinne, mar shiúil sí an bóthar uaigneach sin ar feadh a saoil. Léirigh sí an fhírinne dúinn i gcónaí.

    Go raibh suaimhneas síoraí ar a hanam uasal.