Agus scéal chailleach an uafáis/mhadra na n-ocht gcos déanta den ndrochaimsir, tá daoine dulta bán agus gach snap acu ar bhollóga aráin, fé mar a bheadh scata faoileán timpeall ar bhairille baoite. Ba dhóigh leat nár ghabh a leithéid d’aimsir chugainn riamh roimhe seo.
Tá cuid acu á rá ná raibh oiread sneachta againn ó 1982, is a thit le cúpla lá anuas, a thuilleadh ag rá nach bhfacthas a leithéid i gcuimhne na ndaoine, pé fhaid siar a théann sé sin ar na saolta seo.
Ní chloisfeá puinn tráchta anois ar cheann de na tréimhsí drochaimsire ba mheasa agus ba mharfaí a tharla in Éirinn riamh, mar thoradh ar ‘An Sioc Mór’, tréimhse ana-fhuar idir deireadh na bliana 1739 agus Meán Fómhair na bliana 1741. Mhair bliain úd 1741 sa chuimhne mar ‘Bliain an Áir’, ó bhí Éire chomh buailte ag ocras, gorta, galar agus aicíd go raibh na bochtáin ag fáil bháis ar shráideanna agus ar bhóithre na tíre, fé mar a bhíodar céad bliain ina dhiaidh le linn an Ghorta Mhóir.
Go deimhin, creideann staraithe áirithe go raibh Bliain an Áir níos measa ó thaobh chéatadán na ndaoine a cailleadh; deirtear gur cailleadh idir 300,000 agus 480,000 duine idir 1739-41, as daonra de 2.4 milliún.
Sa chéad chúpla mí den Sioc Mór, d’úsáid an chosmhuintir pé breosla a bhí acu chun iad féin a choimeád teolaí, rud a d’fhág iad gan aon fhoinse theasa agus an aimsir fós ana-fhuar. B’é an fuacht a mharaigh formhór na ndaoine ar dtús, ach ina theannta san, cailleadh stoc agus barraí, idir phrátaí agus choirce, agus níorbh fhada nó go raibh sé ina ghorta in áiteanna. Tuairiscíodh i nuachtáin na linne go raibh sé chomh fuar san in áiteanna in Éirinn agus sa Bhreatain go raibh éanlaithe ag fáil bháis ar an linn, éisc agus eascúin reoite sna haibhnte. Ní raibh na rotha buaile in ann casadh toisc na n-aibhnte bheith reoite, agus dá bhrí sin ní rabhthas in ann arbhar a mheilt.
Bhí triomach diamhair in earrach na bliana 1740 (níor fhliuch sé ar feadh ocht seachtaine ó lár mhí Feabhra), rud a loit formhór na mbarraí a bhí curtha, agus a mharaigh ana-chuid caorach agus beithíoch. Bhí círéibeacha bídh i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, agus agóidí ar na céanna i mbailte ar feadh an chósta i gcoinne árthaí a bhí, dar leis an gcosmhuintir, ag tabhairt bídh chun siúil ó áiteanna a bhí ar an ngannchuid. Lean galair ar nós na dinnireachta agus na bolgaí ar fud na tíre, go háirithe in aon áit go raibh na bochtáin ag cruinniú.
Fuacht, ocras, agus galar. Bhí an scéal chomh dona san go raibh sé le rá ag duine de aibhéardaithe Iarla Chorcaí i bhFeabhra na bliana 1741 go raibh ‘leath de sclábhaithe talún na tíre caillte’.
Chuir an rialtas, an eaglais agus lucht na huasaicme, roinnt beartas i gcrích chun feabhas éigin a chur ar an scéal. Luath go maith i 1740, cuireadh cosc ar easpórtáil arbhair nó mine as Éirinn go dtí gach áit seachas Sasana. Bhí scéimeanna fóirithinte agus déirce ag cuid de na heaglaisí, go háirithe ag na heaglaisí Protastúnacha, agus ina theannta san, bhí cuid den uasaicme, idir chléir agus tuath, ag tabhairt déirce agus bídh uathu, agus ag bunú scéimeanna fóirithinte ar mhaithe leis na bochtáin. Tá foirgneamh ana-cháiliúil a tógadh mar pháirt de scéim fóirithinte le linn na tréimhse seo fós ina sheasamh i gCill Dara – sin Baois Uí Chonghaile, a thóg Katherine Connolly mar scéim oibre do bhochtáin an cheantair.
Fé mar a deirim, tá dearúd déanta ar an nGorta áirithe seo, ach tá nod faoin scéal san ainm coitianta atá ar ghorta na tréimhse 1845-52 – An Gorta Mór, seachas díreach An Gorta. Bhíodar coitianta go maith mar agaí inár stair in Éirinn go dtí na 1880í.
Deir tráchtairí áirithe gur tháinig titim 38% ar dhaonra na tíre ó dheireadh 1739 go deireadh Bhliain an Áir.
Maithigí dom é, mar sin, má bhíonn an phip orm nuair a chím daoine fásta ag cailliúint a meabhrach ar thóir sliced pan, mar dhea go gcaillfear iad féin agus a gcúram den ocras.
Cáit
an-alt!
Fearm
Sin múineadh curtha orainn. maith thú!