Cloistear é an t-am ar fad. Chualathas é i rith na seachtaine ó léirseoirí in Inis Ceithleann, i nDoire agus i mbailte eile. ’Sé port na bpolaiteoirí é go seasta: ‘Tá gá le polaiteoirí logánta chun gnóthaí Thuaisceart Éireann a riaradh ar mhaithe leis an leas coiteann.’
An bhfuil bunús ó thaobh loighce leis an mhuinín seo as déabhlóid nó sa rialtas díláraithe abhus? Nó an bhfuil an ceann is fearr faighte ag an dóchas ar an taithí?
Tá sé fíor i bprionsabal, gan dabht, gur fearr atá rialtas díláraithe in ann fónamh don phobal ná rialtas lárnach atá gafa le gnóthaí níos ginearálta. Tá brí níos mó leis an áitiú sin i gcás Thuaisceart Éireann mar nach mbíonn ar phríomhpháirtithe an rialtais in Westminster a dhul os comhair na vótóirí abhus.
Nach ag polaiteoirí áitiúla is fearr atá tuiscint ar riachtanais na ndaoine a thoghann iad? Nach acu is fearr atá tuiscint ar chultúr áirid a réigiúin? Nach iad is fearr a thuigeann cathain is gá gníomhú d’ainneoin mianta na heite is glóraí dá lucht leanúna? Nach bhfuil léargas níos grinne acu ná ag éinne eile ar cad é an leas coiteann ina ndúthaigh féin? Chaithfeadh polaiteoirí an tuaiscirt a bheith níos eolaí ná feisirí Parlaiminte Uxbridge, Henley nó Finchley, cuir i gcás. Luíonn sé sin le réasún.
B’in cuid de na hargóintí ag #WeDeserveBetter, an feachtas a eagraíodh an tseachtain seo thart agus ag iliomad grúpaí eile atá ag éileamh go ngabhfadh na polaiteoirí ar ais i mbun oibre in Stormont. Tá cruinniú eagraithe ag ceannaire pháirtí an Alliance, Naomi Long don lá amárach. D’iarr sí ar na páirtithe eile ar fad freastal air chun tús a chur le plé faoi chlár oibre do chainteanna ilpháirtí nua féachaint leis an tsáinn a fhuascailt. Ní fios go fóill an mbeidh gach páirtí toilteanach freastal ar an gcruinniú sin.
Ní fios ach an oiread an mbeidís in ann a theacht ar réiteach faoi chlár oibre le haghaidh babhta idirbheartaíochta óir go cancrach a thit na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin as a chéile i mí Feabhra. Ní fios ach oiread, ar ndóigh, conas nó cathain a thabharfaí faoi iarracht eile chun ceann a chur le margáil i ndáiríre.
Má táimid ag rá gurbh fhiú Stormont a athnuachan ní mór breathnú ar an bhFeidhmeannas a rith an DUP agus Sinn Féin sna deich mbliana nach mór a bhíodar i gceannas. Bhí an UUP, an SDLP agus Alliance sa Chomh-aireacht leo mar mhionpháirtithe ar feadh cuid den tréimhse sin ach in áit na leathphingine a bhí siad. Is ar chumas an DUP agus Sinn Féin in éineacht chun rialtas díláraithe fónta a sholáthar a chaithfear breathnú.
;Céard a rinne siad seachas bac a chur ar mhálaí plaisteacha saor in aisce i siopaí – agus fear ón SDLP a rinne é sin?’ a d’fhiafraigh vótóir míshásta amháin ar chlár raidió. Ní raibh siad baileach chomh neamhthorthúil sin ach ní bhfaighidís aon duais as a dtáirgiúlacht.
Cé is moite de roinnt infheistíochta ón iasacht a mhealladh go dtí an taobh thoir den Bhanna agus cabhrú leis an mborradh faoin tionscal scannánaíochta (Game of Thrones go háirithe), ba bheag údar gaisce a bhí ag an bhFeidhmeannas sin.
Ba mhinic an DUP agus Sinn Féin ag cur laincisí ar a chéile; bhí tréimhsí pairilise againn de bharr easaontais faoi dhílárú riar na córa agus faoi chiorruithe leasa shóisialaigh.
In ainneoin na cainte faoi thionscnamh mór bonneagair, níor bunaíodh a leithéid. Níor cuireadh fostaíocht nua – díbhinn na síochána- ar fáil sna ceantair ba bhoichte, Doire, an Srath Bán, iarthar agus tuaisceart Bhéal Feirste, cuir i gcás. Sop in áit na scuaibe ab ea an scéim chonspóideach SIF, ciste infheistíochta sóisialta a bhí in ainm is deiseanna a chur ar fáil i gceantair bhochta ach a thuill míchlú de bharr líomhaintí gur fágadh faoi stiúir (iar)pharaimíleataigh é in áiteanna.
Mar atá ráite go minic sa cholún seo is drochtheist ar an réimeas a raibh an DUP agus Sinn Féin ina bhun an fhianaise a tugadh ag fiosrú poiblí an RHI, an scéim teasa inathnuaite ar baineadh mí-úsáid aisti chun saibhreas a shaothrú. Thairis na lochtanna ar an RHI tugadh eolas faoi chleachtais in Stormont – rúndacht, ceilt fíricí ionas nach nochtfaí iad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus mí-éifeacht in ullmhú scéimeanna.
Arbh fhiú a dhul ar ais ag an sórt sin rialtais? De réir gach fianaise ó phobalbhreitheanna agus ó dhá thoghchán anuraidh is iad an DUP agus Sinn Féin a bheadh i mbarr réime arís fiú dá mbeadh toghchán Tionóil nua ann. Tá bearnaí ollmhóra san riar poiblí cheal éinne a bheith i gceannas. Níor mhór don Státrúnaí Karen Bradley gníomhú chun an laincis a scaoileadh ar roinnt scéimeanna forbartha, ar nós bóthar an A5, atheagar ar an tseirbhís sláinte mar a bhí aontaithe sular thit Stormont, maoiniú d’ionchoisní agus cúiteamh is cabhair do na daoine ar deineadh mí-úsáid orthu in institiúidí.
Dá ndéanfaí na gníomhartha práinneacha b’fhéidir go bhféadfaí a dhul i mbun cainteanna chun Stormont feidhmiúil, torthúil a bhunú. B’fhiú an tairbhe an trioblóid.
Fág freagra ar 'Agus an pobal nach mór 600 lá dá uireasa, an fiú Stormont a athnuachan?'