Agóid beartaithe le ‘taispeáint’ d’Aire Stáit go bhfuil ‘géarchéim’ sa Ghaeltacht

Deir feachtasóirí go bhfuil siad meáite ar a chruthú don Aire Stáit Seán Kyne go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht

Agóid beartaithe le ‘taispeáint’ d’Aire Stáit go bhfuil ‘géarchéim’ sa Ghaeltacht

Tá agóid á heagrú sa Ghaillimh inniu mar iarracht tabhairt ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne glacadh leis go bhfuil an Ghaeltacht i gcruachás.

Tá sé beartaithe ag lucht feachtais dul i mbun agóide lasmuigh d’oifig Kyne i gcathair na Gaillimhe chun ‘a thaispeáint’ don Aire bhfuil an Ghaeltacht ‘i gcruachás’, rud atá séanta ag an Aire Stáit.

Is iad na grúpaí feachtais a bheidh i láthair ag agóid an lae inniu i gcathair na Gaillimhe ná Misneach, Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach, Bóithre Chonamara, Grúpa Gnímh an N59 i gConamara agus Glór na Tuaithe.

‘Ceart don Ghaeltacht!’ is teideal don agóid.

I ráiteas ó Misneach, dúradh go raibh na feachtasóirí meáite ar a chruthú don Aire Stáit go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

“Cé go bhfuil Seán Kyne anois ina Aire Gaeltachta síleann sé nach bhfuil cruachás ar bith ann. Tá muid ag teacht le chéile le taispeáint dó go bhfuil cruachás sóisialta, eacnamaíochta, dífhostaíochta agus teangeolaíochta sa Ghaeltacht agus go gcaithfidh sé féin agus a rialtas gníomhú dá réir,” a dúradh.

Dúirt Misneach gur léir le fada do ghrúpaí pobail agus do shaineolaithe éagsúla go bhfuil cás éigeandála sa Ghaeltacht ach nach bhfuiltear “ag fáil a dhath ach an chluas bhodhar”.

Tá diúltaithe ag Seán Kyne géilleadh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Níos túisce i mbliana, dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta agus nach bhfuil aon bhiseach i ndán don Ghaeilge nó go ngéilltear ar dtús go bhfuil géarchéim ann, rud nach bhfuil déanta ag aon aire go fóill.

Bunaithe ar áiteamh Uí Chuirreáin, chuir Tuairisc.ie ceist ar an Aire Stáit an nglacann sé leis go bhfuil  ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht agus go gcaitear an méid sin ‘a admháil’ ar dtús má táthar chun dul i ngleic le cás na teanga.

Ní raibh an tAire Stáit sásta a rá go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Ina áit sin, thug sé le fios gur údar iontais é go bhfuil oiread dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh na pleanála teanga is atá.

“Cuireadh feidhm le hAcht na Gaeltachta in 2012. Dá mbeadh sé ráite ag aon duine ag an am go mbeadh os cionn dhá scór duine sa bhreis ag obair i measc an phobail sa Ghaeltacht agus sna bailte a fhreastalaíonn uirthi go heisiach ar fhorbairt teanga faoi 2020/21, ba bheag duine a chreidfeadh é nó í,” a dúirt Seán Kyne.

Ag tagairt don ráiteas sin, mhaígh Misneach nach dul chun cinn “ach a mhalairt glan” atá ar siúl ó thaobh na teanga sa Ghaeltacht i bhfianaise thorthaí an dhaonáirimh. Cuireadh i leith an Aire Stáit gur tuairim “fritheolaíochtúil” é a rá nach bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Agóid beartaithe le ‘taispeáint’ d’Aire Stáit go bhfuil ‘géarchéim’ sa Ghaeltacht'