Aghaidh á tabhairt ag Cumann Merriman ‘ar shráideanna naofa Bhaile Átha Cliath’

Déanfar cíoradh le linn Scoil Gheimhridh Merriman, atá ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, ar an mbaint a bhí ag an ardchathair le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus leis an Athbheochan

Caithreim

Is ‘ar shráideanna naofa Bhaile Átha Cliath’ a bheidh triall lucht Chumann Merriman an deireadh seachtaine seo agus a Scoil Gheimhridh ar bun san ardchathair.

Is í Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, a osclóidh Scoil Gheimhridh Merriman 2016 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, tráthnóna inniu, Dé hAoine, an 29 Eanáir agus beidh imeachtaí na scoile ar siúl go dtí Dé Domhnaigh.

‘Sráideanna Naofa Átha Cliath – Baile Átha Cliath agus Éirí Amach na Cásca 1916’ atá mar théama na Scoile i mbliana atá á reáchtáil mar chuid den Chlár Comórtha Céad Bliain, Éire 1916-2016. Déanfar cíoradh le linn na scoile ar an mbaint a bhí ag Baile Átha Cliath le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus leis an Athbheochan agus pléifear stair agus litríocht na linne sin. Anuas ar na leachtaí agus na siompóisiam, beidh ceolchoirm, léamh filíochta agus turas bus stairiúil ann mar chuid d’imeachtaí na deireadh seachtaine.

Síle Denvir
An Dr Síle Denvir a bheidh i mbun ceoil tráthnóna Dé Sathairn ag Scoil Merriman

Cuirfidh Síle Denvir agus ceoltóirí eile seó dar teideal ‘Caithréim’ i láthair tráthnóna Dé Sathairn, bunaithe ar cheol agus amhráin i ndrámaí an Phiarsaigh.

Seolfar leabhair nua le linn na scoile chomh maith, agus beidh amhráin agus ceol san oíche ann ag Club Merriman a bheidh faoi stiúir Mháire Ní Choilm agus Chathal Póirtéir.

I measc rannpháirtithe Scoil Gheimridh na bliana seo tá: Máirín Nic Eoin, Regina Uí Chollatáin, Róisín Ní Ghairbhí, Máire Harris, Michael Cronin, Alan Titley, Síle Denvir, Doireann Ni Bhriain, Darach Mac Con Iomaire agus Máire Bhreathnach.

Is ó dhán cáiliúil a chum an tAthair Pádraig de Brún sa bhliain 1923 a glacadh téama na scoile.

‘Guím beannacht Mhic Dé ar na Gaelaibh a shiúlas

Ar shráideanna naofa Átha Cliath,

Thar gach talamh in Éirinn an chraobh do thabharfainn

Do shráideanna naofa Átha Cliath,

Mar ar mhinic coiscéimeanna naomh agus sua,

Agus gile na mbéithe agus laochra gan ghruaim,

Tiocfaidh sprid na héigse im chléibh go buan

Ó shráideanna naofa Átha Cliath.’

– Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Scoil Gheimhridh Merriman ag  www.merriman.ie

Fág freagra ar 'Aghaidh á tabhairt ag Cumann Merriman ‘ar shráideanna naofa Bhaile Átha Cliath’'