Agallamh le Stephen Kenny: Eurofís Dhún Dealgan faoi bhláth agus iad ar thairseach na staire

Labhair Tuairisc.ie le bainisteoir Dhún Dealgan agus a fhoireann ag súil le gaisce stairiúil a dhéanamh san Eoraip

Agallamh le Stephen Kenny: Eurofís Dhún Dealgan faoi bhláth agus iad ar thairseach na staire

Bainisteoir Dhún Dealgan, Stephen Kenny. INPHO/Mikhail Kireev

Tá an dá chluiche is mó riamh ag foireann i sraith sacair na hÉireann roimh Dhún Dealgan, dar lena mbainisteoir, Stephen Kenny. Tabharfaidh foireann Kenny aghaidh ar AZ Alkmaar agus Maccabi Tel Aviv sa tSraith Europa agus iad ar tí cáiliú do na babhtaí ceannais.

“Dhá chluiche mhóra atá iontu,” a dúirt Kenny le Tuairisc. “Is iad an dá chluiche is mó i sraith peile na hÉireann riamh iad. D’fhéadfaimis cáiliú do na babhtaí ceannais den chéad uair riamh. Bhí sé fíordheacair cáiliú don ghrúpa. Amanna, bhí an chuma air go raibh sé dodhéanta, ach bheadh sé ar fheabhas dá bhféadfaimis cáiliú as an ngrúpa.”

Tá foireann Kenny dóchasach go maith tar éis dóibh trí shraith na hÉireann a bhuachan agus toisc go bhfuil bua faighte cheana acu ar Maccabi Tel Aviv agus comhscór gnóthaithe acu as baile san Ollainn chomh maith. Ceithre bliana ó shin is beag nár chaill an club a stádas sa phríomhroinn agus is beag nár chliseadar ar fad de bharr fadhbanna airgeadais. B’in an bhail a bhí ar an bhfoireann ar ghlac Kenny ceannasaíocht orthu. Is mór idir an club anois agus an t-am sin.

“Ní fhéadfaimis a shamhlú go mbuafaimis trí shraith as a chéile. Ní raibh dhá shraith as a chéile buaite riamh againn. Ba gheall le brionglóid a cheapadh go bhféadfaimis an tsraith a bhuachan in aon chor. Anois, agus muid ag imirt chun na babhtaí ceannais a bhaint amach, bheadh sé thar barr ar fad dá n-éireodh linn.”
Is iontach an t-éacht é ag bainisteoir a díbríodh as a phost sular ghlac sé cúram Dhún Dealgan air féin, agus cúiteamh cuí atá ann ar a ndearnadh air agus é ina bhainisteoir ar Ruagairí na Seamróige.

“Bhí sé deacair. Bíonn mothúcháin dhaonna againn go léir agus bíonn tú ag smaoineamh air go minic ag amanna éagsúla. Bheinn ag insint bréige dá ndéarfainn a mhalairt. Ach, caithfidh an fhéinmhuinín a bheith agat. Caithfidh tú a chreidiúint go bhfuil an méid atá á dhéanamh agat ceart agus go mbainfidh tú do sprioc amach.”

I láthair na huaire, cáiliú do na babhtaí ceannais an sprioc sin, agus níl aon amhras ar Kenny féin faoin dúshlán atá roimhe.

“Is féidir le haon fhoireann cáiliú don dara háit, muid féin, AZ agus Maccabi. Is iad Maccabi Tel Aviv rogha na coitiantachta, ach creideann muid gur féidir linn an beart a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh dhá chomhscór maith go leor. B’fhéidir go mbeadh orainn ceithre phointe a fháil. Ach má bhíonn orainn ceithre phointe a bhaint amach, is féidir linn na pointí sin a ghnóthú.”

Fág freagra ar 'Agallamh le Stephen Kenny: Eurofís Dhún Dealgan faoi bhláth agus iad ar thairseach na staire'