AGALLAMH: ‘An daonnacht ar an dá thaobh’ atá faoi chaibidil sa scannán Maze

Labhair Tuairisc.ie leis an mbeirt phríomhaisteoirí sa scannán nua Maze, Tom Vaughan-Lawlor agus Barry Ward

AGALLAMH: ‘An daonnacht ar an dá thaobh’ atá faoi chaibidil sa scannán Maze

Bhí tráthnóna breá agam an tseachtain seo caite agus mé sa Moviehouse i mBéal Feirste i gcuideachta Tom Vaughan-Lawlor, ar chuir an saol mór aithne air agus é i bpáirt Nidge i Love/Hate, agus Barry Ward, a bhí go hiontach i scannán Ken Loach, Jimmy’s Hall.

Bhí an dís cois Lagáin do premiere an scannáin úir a bhfuil siad beirt ann, Maze.

Tá an scannán bunaithe ar an bhfíorscéal a bhaineann leis an éalú ollmhór a d’eagraigh ball den IRA, Larry Marley, inar éalaigh 38 cime de chuid an IRA as an Cheis Fhada/The Maze, ceann de na carcracha ba dhéine slándáil san Eoraip ag an am, ar an 25 Meán Fómhair 1983.

Meascann an stiúrthóir/scríbhneoir Stephen Burke an ficsean agus an neamhfhicsean le chéile sa mhéid is go n-éiríonn cairdeas idir an fíor-Marley agus bairdéir ficseanúil Gordon Close, agus go mbaineann an poblachtach úsáid as an bhairdéir leis an éalú a chur i gcrích.

Ról Larry Marley atá ag Tom Vaughan-Lawlor ach cad é an méid eolais a bhí ag fear a tógadh i ndeisceart meánaicmeach Bhaile Átha Cliath ar na Trioblóidí ó thuaidh?

“I bhfírinne, bhí mé ag smaoineamh air sin ar maidin agus rith sé liom gurbh é buama Inis Ceithleann i 1987 nuair a bhí mé 10 mbliana d’aois an chéad mhúscailt a fuair mé go raibh rudaí uafásacha nár thuig mé ag titim amach anseo,” arsa Vaughan-Lawlor.

“Agus mé ag déanamh taighde ar an scannán seo, d’aithin mé chomh haineolach is a bhí mé i rith m’óige faoi chúrsaí sa tuaisceart agus is cuar géar foghlama a bhí agam sa scannán seo faoi stair an stáit seo ó thuaidh.”

B’amhlaidh an scéal ag Barry ar cuimhin leis ceannlínte gearra nuachta a chuala sé ar an teilifís agus gan faic eile.

“Ach de réir a chéile agus mé ag éirí níos sine, ba mhó an tsuim a chuir mé i gcúrsaí anseo ach an chéad rud a d’fhoghlaim mé ná go bhfuil rudaí i bhfad níos casta ná mar a shíleann daoine.”

Tá an plé a dhéanann Maze ar na cúrsaí casta sin iontach éifeachtach a bhuíochas don scríbhneoir Burke agus an bheirt aisteoirí, triúr Dub.

An raibh an t-ádh ar Tom Vaughan-Lawlor go raibh carachtar stairiúil i gceist lena ról?

“Yeah, go tobann, tá YouTube ina áis iontach d’aisteoirí agus bhí an t-ádh orm cinnte mar tá físeán de Larry Marley ar an lá a scaoileadh saor ón Maze agus tá sé ag caint ar an tolg ina theach féin, taobh lena bhean agus a chuid páistí thart air agus cuireann sé síos ar eachtraí a shaoil. Bhí sé dochreidte an taifead sin a bheith agam,” ar sé.

Ar an láimh eile, is carachtar ficseanach é Gordon Close an bairdéir a n-éiríonn Marley mór leis, mar sin an leis an script amháin a bhí Barry Ward ag plé?

“Is é an script an rud is tábhachtaí ach thart air sin, déanaim mo dhícheall oiread leabhar agus is féidir liom a léamh le go mbeinn ar an eolas faoi chúrsaí polaitíochta na linne áirithe sin agus faoi fhormhór na gcúinsí a bhí i réim díreach sula dtosaíonn an scéal atá léirithe sa scannán,” ar sé.

Léigh Ward cuid mhór go háirithe faoi na stailceanna ocrais agus faoi agóid na bpluideanna.

“Nuair a thosaíonn Maze, tá deireadh i ndiaidh a theacht leis an stailc agus bhí an léitheoireacht sin ina cuidiú dom fáil isteach i spás pearsanta mo charachtair, agus cibé a bheadh ag dul ar aghaidh ina intinn.

“Anuas air sin, cionn is gur bairdéir atá in Gordon, léigh mé tuairiscí síceolaíochta bairdéirí agus bhí sé sin ina chuidiú mór fosta.”

Ach cheana féin, tá altanna i nuachtáin (scríofa ag daoine nach bhfaca an scannán) ag gearán go bhfuil Larry Marley á léiriú mar laoch le linn eachtra ina bhfuair James Ferris, bairdéir, bás de thaom croí agus inar ghortaigh sceimhlitheoirí fiche bairdéir eile. Cad é mar is féidir an daonnacht atá sa duine atá i bpríosún de bharr coireanna uafásacha a dhéanamh a aithint gan géilleadh dóibh?

“Sin ceist mhaith,” arsa Tom.

“Ach cuirtear lipéid ar dhaoine agus rangaíonn muid a chéile ar bhealaí suibiachtúla ach más mian linn coimhlint de chineál ar bith a réiteach caithfidh muid amharc taobh thiar de na lipéid sin agus suí síos le daoine nach maith linn.

“Sílim go dtugann an scannán seo tús áite don tábhacht a bhaineann le hidirphlé dearfach idir daoine ionas go bhfeicfeadh daoine an daonnacht atá sa ‘taobh eile’. Sin an t-aon dóigh amháin le fadhbanna a réiteach.”

Sa scannán, deir Larry Marley leis an bhairdéir gurb iad an bheirt acusan ‘geatóirí na todhchaí’, beirt atá ag iarraidh saol níos fearr a chruthú dá gcuid páistí.

Nuair atá gach rud dubh agus bán ó thuaidh, cad é mar a thiocfadh le bairdéir a bheith cairdiúil le poblachtach de chineál ar bith?

“Tá meas an domhain ag Gordon ar Larry Marley cionn is gur choinnigh sé a theaghlach le chéile cé go raibh sé i bpríosún. Tá fadhbanna ag Gordon lena theaghlach féin agus tugann sé sin níos cóngaraí dá chéile iad,” arsa Ward.

Ach i gcás Marley, nach amhlaidh nach raibh seisean ach ag baint úsáid as daonnacht Gordon le bob a bhualadh air leis an éalú a chur i gcrích?

Dar le Vaughan-Lawlor, bhí buntáiste ag na húdaráis mar chreid siad nach raibh fabht struchtúrach ar bith sa phríosún.

“Bhí na cimí ar aon intinn leo go dtí go bhfuair siad pictiúr de struchtúr champa an Maze. D’aithin siad ansin gurbh fhéidir leo éalú agus gurbh í an ghné dhaonna an gléas ab fhearr le doirse an phríosún a oscailt. Mar sin dhírigh siad ar Gordon mar an bhairdéir ba mhó a dtiocfadh leo é a mhealladh.”

Nuair atá sin déanta, bogann an plota ar aghaidh go dtí na constaicí atá sa bhealach ar na cimí a bhí san aon sciathán amháin le cimí dílseacha ag an am agus bíonn easaontas idir na poblachtaigh iad féin freisin.

Fágann sin go bhfuil teannas ollmhór sa scannán cé go bhfuil a fhios againn an deireadh a bheidh leis an scéal.

Níl bolscaireacht ar bith ag baint leis an scannán Maze . Scannán thar a bheith taitneamhach atá ann, meascán de scéal faoi éalú príosúin agus staidéar síceolaíochta.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘An daonnacht ar an dá thaobh’ atá faoi chaibidil sa scannán Maze'