‘Ag tarraingt a hanála atá an stoirm’– ráiteas speisialta tugtha ag an Taoiseach faoin gcoróinvíreas

I ráiteas speisialta teilifíse anocht, dúirt an Taoiseach go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh, i bhfad i ndiaidh an 29 Márta

‘Ag tarraingt a hanála atá an stoirm’– ráiteas speisialta tugtha ag an Taoiseach faoin gcoróinvíreas

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar anocht gur “ag tarraingt a hanála atá an stoirm” fad is a bhain sé le scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

I ráiteas speisialta teilifíse,  dúirt sé go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh, i bhfad i ndiaidh an 29 Márta.

Dúirt sé gurb í “fírinne an scéil” nach “eol dúinn go fóill” cén fhad a mhairfeadh an ghéarchéim agus na srianta atá á gcur i bhfeidhm in iarracht moill a chuir ar scaipeadh an ghalair.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine “cur le chéile trí fanacht amach óna chéile” agus an scoitheadh sóisialta a chleachtadh.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí sa tréimhse amach romhainn ar dhaoine atá amach san aois agus daoine a bhfuil tinnis eile orthu fanacht ag baile ar fad ar feadh roinnt seachtainí, a dúirt sé.

Dúirt sé nach ndéanfaí dearmad go deo ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Bheadh páistí an lae inniu ag insint dá bpáistí féin amach anseo faoinar tharla, a dúirt sé.

“Bíodh sé le rá acu, ‘nuair ba mheasa an cás, sin an uair ab fhearr sinn’,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach raibh aon amhras ann ach go dtiocfadh “ardú géar” ar líon na gcásanna deimhnithe de Covid-19 sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt sé go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa agus go dtiocfadh ardú arís ar líon na gcásanna ina dhiaidh sin. Ní bheidh gá ag formhór de na daoine a bheidh buailte ag an ngalar le cúram san ospidéal, ach beidh dianchúram leighis ag teastáil ó roinnt acu agus gheobhaidh cuid acu bás, a dúirt sé.

Dúirt sé go mairfeadh lorg na géarchéime ar feadh i bhfad agus go mbeadh “bille” mór le híoc ar feadh blianta ina diaidh.

Dúirt sé gur rud nádúrtha a bhí ann go raibh “eagla” ar dhaoine agus mhol sé do dhaoine cúram a dhéanamh dá meabhairshláinte agus gan an iomarca ama á chaitheamh ag faire scéal an víris ar na meáin agus ar na meáin shóisialta. Dúirt sé freisin gur chóir do dhaoine a gcuid eolais agus nuachta a fháil ó fhoinsí iontaofa amháin.

Ach cur le chéile, d’fhéadfaí an cuar a chothromú, a dúirt sé, is é sin moill a chur le scaipeadh an ghalair sa chaoi nach ligfí do líon na n-othar atá buailte ag Covid-19 ardú róthobann ar eagla go gcuirfí iomarca brú ar an tseirbhís leighis agus go dteipfeadh sí faoin mbrú sin.

Gheall an Taoiseach go gcuirfí “na hacmhainní go léir atá ann, idir daoine agus airgead” ar fáil chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Tréimhse “fhíordheacair” a bhí roimh chách, ach thiocfaí slán as an éigeandáil, ar sé.

“Beidh linn,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid níos túisce inniu gur ‘rás in aghaidh an chloig’ atá ar siúl maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun moill a chur le scaipeadh Covid-19.

Deimhníodh 69 cás nua de Covid-19 ó dheas den teorainn inniu, níos mó ná dúbailt líon iomlán na gcásanna a bhí ann seachtain ó shin.

354 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 292 cás ó dheas den teorainn agus 62 cás ó thuaidh di.

10 gcás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh inniu.

1,338 duine a tástáladh ó thuaidh go dtí seo, i gcomparáid le 6,600 duine ó dheas. Beirt atá básaithe go dtí seo in Éirinn de bharr an ghalair.

Thug an HSE le fios chomh maith inniu go bhféadfadh go rithfí amach as fearais tástála agus ardú mór millteach tagtha ar líon na ndaoine atá buartha go bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu. 

Táthar ag súil le 30,000 gléas tástála a fháil Déardaoin, ach dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE Anne O’Connor go bhféadfadh sé tarlú go rithfí amach as maipíní an lá céanna dá mbeadh aon mhoill ar a seachadadh.

Cuireadh 124,000 glaoch ar líne chabhrach an HSE ag an deireadh seachtaine, líne a fhaigheann thart ar 500 glaoch sa lá de ghnáth. 

Tá 300 aerálaí faighte ag an HSE agus 800 ar fad atá anois acu. Beifear ag fáil 100 aerálaí sa bhreis sa tseachtain as seo amach, a dúradh. Dúirt ceannasaí an HSE. Paul Reid, go mbeifí ag caint sna laethanta amach romhainn le lucht na n-ospidéal príobháideach maidir le soláthar leabaí agus áiseanna eile. 

Seoladh inniu mórfheachtas earcaíochta don HSE, feachtas atá á reáchtáil faoin mana ‘Be On Call for Ireland’.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas tráth a bhfuil ardú as cuimse ag teacht ar líon na dtástálacha don víreas atá á gcur ar dhaoine agus tráth a bhfuil ardú mór á thuar ar líon na gcásanna de Covid-19.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu gur mhian leis go n-earcófaí duine ar bith atá cáilithe chun obair don tseirbhís sláinte. Tá scríofa chomh maith ag an HSE le hoibrithe sláinte atá éirithe as féachaint an gcabhróidh siad leis an iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim. 

Dúirt an tAire Sláinte go bhféadfadh go mairfeadh lorg an choróinvíris ar an saol ar feadh “roinnt mhaith míonna” nó níos faide ná sin fiú.

Tuairiscíodh aréir go raibh Páirc an Chrócaigh le bheith ina hionad tástála náisiúnta do Covid-19.

Ionad tástála carrsheirbhíse i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael agus beidh gá le coinne chun tástáil a fháil. 19 ionad tástála a bhí inné agus tá 15 ionad eile le bunú sna laethanta amach romhainn.

Táthar den tuairim go bhfógrófar ardú suntasach eile ar líon na gcásanna deimhnithe den ghalar sna laethanta amach romhainn.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte le dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain na mílte curtha den saol aige.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fág freagra ar '‘Ag tarraingt a hanála atá an stoirm’– ráiteas speisialta tugtha ag an Taoiseach faoin gcoróinvíreas'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Thug an Taoiseach eolas duinn agus buíochas dóibh siúd atá ag obair go dian sna hoispidéal, na méain, na siopaí, na múinteoirí, na tiománaithe lorraithe, lucht stocáil na seilfne sna siopaí agus aontaíom leis. Ní dhearna sé tagairt dá laghad ar dhream atá ag tabhairt faoiseamh aigne agus sprioradálta do tír – ag déanamh ‘live streaming’ agus a thuille ar Aifreann an Domhnaigh agus an lae a chraoladh do muintir na hÉireann. Tá mórchuid daoine buíoch dos na hEasbaig agus dos na sagairt agus do cinniri gach creideamh sa tír – mar tá suaimhneas aigne chomh tábhachtach le sláinte choirp. Moladh go Deo le Dia.