Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918

Ní baileach gur chuir an Fliú Mór nó an Fliú Spáinneach mar atá baiste air isteach chomh mór ar imeachtaí spóirt i 1918 agus atá Covid-19 a dhéanamh, cé go bhfuil scéalta uafáis ina thaobh a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann

Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918

“In these times of multifarious regulations ordaining how we are to adapt our daily lives to the vicissitudes of a trying situation, it is no matter for surprise when extra promulgation is standard.”

Níorbh aon mhilleán duit a cheapadh go mba as béal Boris Spíceach nó duine dá chuid airí sinsearacha a tháinig na carraigeacha sin le gairid agus iad ina seasamh taobh amuigh de dhoras Uimhir 10 Sráid Downing.

Féach nach amhlaidh.

Tá sé os cionn céad bliain ó foilsíodh iad agus gan aon ainm leo i nuachtán an Kerryman ar an 26 Deireadh Fómhair 1918.

Ghreamaigh mo shúile díobh an lá faoi dheireadh agus mé ar thóir eolais faoin gcaoi ar chuir Fliú Mór na bliana sin isteach ar imeachtaí spóirt. Ar dhul beagán níos faide isteach sa scéal ba léir nach faoin aicíd a mharaigh 23,000 duine sa tír seo agus suas le 100 milliún sa domhan fré chéile a bhí an t-údar ag caint, ach faoi mhóreachtra staire eile na linne – an Cogadh Mór.

Bhí sin ag drannadh lena dheireadh agus ní raibh ann ach fanacht coicíse gur ghéill an Ghearmáin agus gur síníodh an sos comhraic ag ‘a haon déag ar an aonú lá déag den aonú mí dhéag’, an 11 Samhain, 1918.

Sa mullach ar a raibh maraithe, d’fhág ceithre bliana cogaíochta go raibh go leor rudaí thar a bheith gann. Bhí an gual ar cheann acu agus ba do dhlí a bhí fógartha ag an Tiarna Príomh-Bhreitheamh go gcaithfeadh siopaí dúnadh ag 5.30 tráthnóna agus tithe tábhairne idir 3.30 – 6.30 ar mhaithe le gás a shábháil a bhí scríbhneoir an Kerryman ag tagairt.

Ba bheag baint a bhí ag gás le punt tae agus dhá phunt siúcra a ordú i siopa beag i Scairteach an Ghleanna nó le pionta a iarraidh cos cuntair i mBaile an Fheirtéaraigh, ach ní raibh de rogha ag lucht na gcoinneal ach géilleadh do na rialacha ar an gcuma chéanna leo siúd sna bailte móra a raibh só an tsolais gháis acu, rud nár aontaigh ár gcara leis.

Ní baileach gur chuir an Fliú Mór nó an Fliú Spáinneach mar atá baiste air isteach chomh mór ar imeachtaí spóirt i 1918 agus atá Covid-19 a dhéanamh cé go bhfuil scéalta uafáis ina thaobh a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – sa bparóiste ina mairim féin cuireadh beirt dearthár lá i ndiaidh a chéile, bhí a muintir chomh lag sin faoin am a dtáinig an dara hadhlacadh nach raibh sé de spreacadh iontu an corp a thabhairt isteach geata na reilige. Taobh amuigh de na ballaí a cuireadh an créatúr, trócaire Dé air. Ar an bhFál Carrach bhí teaghlach agus comharsana duine a bhásaigh chomh tinn, traochta sin go mba é an sagart a thug an chónra chuig na huaighe ar bhara rotha.

Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór – trí cinn acu. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig a tháinig i ndeireadh an Earraigh agus a d’fhág gur dúnadh scoileanna ansiúd. I saol a bhí i bhfad ar gcúl ó thaobh leighis agus ina mbíodh daoine go leor ag fáil bháis de bharr na heitinne, broincíteas, fiabhras dearg agus bruitíneach, níor tuigeadh a chontúirt.

Go fiú nuair a tháinig an dara ráig i lár an tsamhraidh níorbh léir go mba é an tinneas ba mheasa a thiocfadh le linn an 20ú haois a bhí i gceist.

Leanadh de na rásaí capall, imirt an rugbaí agus an tsacair agus na gcluichí Gaelacha.
Bhí cúig chluiche imeartha i gCraobh Peile Uladh faoi dheireadh an Mheithimh agus babhta ceannais iomána Laighean bainte amach ag Áth Cliath agus Loch Garman.

Faoi Shamhain a tháinig an ráig dheireanach agus an ceann ba mheasa – adhlacadh 50 duine i Reilig Ghlas Naíon ar an 8ú lá den mhí sin.

D’fhógair Ardchomhairle Chumann Lúthchleas Gael nach raibh aon dul as acu ach babhtaí deireanacha na gcraobhchomórtas a chur ar athló go bhfeicfidís cé mar a bheadh an scéal – orthu sin bhí Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann idir Luimneach agus foireann as Contae Loch Garman, mar aon leis an cluichí leathcheannais peile.

I ndeireadh dála níor imríodh Cluichí Ceannais na hÉireann 1918 go dtáinig tús na bliana dár gcionn.

Ar an 26ú Eanáir 1919 bhuaigh an Caisleán Nua ar iománaithe Loch Garman ach ba iad Cumann Dubh agus Bán an chontae sin a thug leo Craobh na Peile nuair a bhuadarsan ar an bhFiodh Ard as Tiobraid Árann.

Mar is léir uaidh sin ní raibh deireadh iomlán fós i 1918 leis an nós gurbh iad seaimpíní na gclubanna a sheasfadh an fód don chontae i gCraobhacha na hÉireann cé go raibh sé ar an dé deiridh.

Dá bharr sin ní raibh féilire na himeartha chomh plódaithe agus atá anois agus níor chuir an Fliú Mór as chomh mór sin do chraobhacha inmheánacha na gcontaetha féin.

Bhí an bua faighte ag Naomh Greallán as Béal Átha na Sluaighe ar Réalta Thuama i gcluiche ceannais peile an chontae sin faoin 23 Meitheamh, cuir i gcás. An Domhnach deireanach de Mheán an Fhómhair bhuaigh Carraig Tuathail ar an gCarraig Dhubh i gcluiche ceannais iomána Chorcaí.

Ba iad Cluichí Ceannais na hÉireann ba mhó ar cuireadh as dóibh.

Níl sé éasca a bheith gealchroíoch ag cuimhneamh ar leithéid Fhliú na Spáinneach ná an Covid-19, ach chuir rud amháin meangadh orm i mo chuid léitheoireachta.

Léirigh sé go raibh ‘bocailéarós’ ar an saol sula dtáinig an leibide thar toinn a mhol do dhaoine an lá faoi dheireadh nár dhochar braon den Dettol a ól.

I bhfógra a chuir siopadóir as Maigh Eo i gceann de na nuachtáin áitiúla i 1918 thug sé le fios go raibh sé ag díol mianach áirithe den snaoisín nach raibh a bhualadh ann leis an aicíd a choinneáil ó dhoras.

Ach béarfaidh mé an chraobh don chomhlacht a chuir leigheas ar an margadh a mhair na scórtha bliain ina dhiaidh – ‘Dr. Williams’ Pink Pills for Pale People’!

Fág freagra ar 'Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Ní dhéanfadh sé aon díomháil dá ndúnfadh na siopaí ag gnáth uaireannta agus fan dúnta ar an Domhnach mar a rinneadh cheana. Bheadh am ag daoine rudaí a dhéanamh sa bhaile len a gclann, agus lá saor a bheadh acu ar an Domhnach . Beidh airgead gann i ndiaidh an ‘lockdown’ agus cuid mhaith daoine fós as obair. Bíodh ciall againn. Cén dochar é má dhéanaimid ‘staycation’ i mbliana. Tá an aimsir go hiontach agus daoine amuigh fén aer, lena bpáistí féin. Beidh go leor ábhair macnaimh againn agus is féir an tairfeacht a bhaint as an saoire fada a chuireamar tharainn.